Nehemia 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Do hórduiġeaḋ gaċ neiṫe le crionnaċd. 5 Geinealuiġ agus uíḃir na ndaoine a ttainic as Baibilon. 1 Anois tárla, a nuáir do ḃí an balla déanta, agus do ċuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóiriġ agus an luċt ceóil agus na Leḃítiġ orduiġṫe, 2 Go ttug mé dom ḋearḃraṫair Hanáni, agus do Hananiah uaċdarain an ṗaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do ḃí sé na ḋuine ḟírinneaċ, agus eagla Dé ar ós cionn ṁóráin.) 3 Agus a duḃairt mé ríu, Ná hoscaltar geataḋa Ierusalem nó go ttéiġiḋ an ġrían; agus an feaḋ ṡeasfuid síadsan do leaṫtaóiḃ, druididís na doirse, agus cuiridís barraḋa orra: agus órduiġiḋ luċd faire do áitreaḃaċaiḃ Ierusalem, gaċ éanduine iona áit faire, agus gaċ áonduine do ḃeiṫ as cuinne a ṫiġe féin. 4 Anois do ḃí an ċaṫair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireaḋ na tiġṫe súas. 5 ¶ Agus do ċuir mo Ḋíasa ann mo ċroiḋe na huáisle do ċruinniuġaḋ a gcionn a ċéile, agus na huaċdaráin, agus an pobal, ċor go náireoṁṫaoi íad le na nginealaċ. Agus fuáir mé leaḃar ginealuiġ na méide ṫáinig a níos a ċéad uáir, agus fuáir mé scríoḃṫa annsin, 6 Asíadso clann na proiḃinse, do ċuáiḋ súas as a ndaóirsine, don luċd rugaḋ ar siuḃal, agus noċ rug Nebuċadnessar ríġ na Babiloine ar siuḃal, agus ṫangadar a rís go Hierusalem agus go Iúdah, gaċ áon da ċaṫruiġ féin. 7 Noċ Ṫáinic le Serubbabel: Iessua, Nehemiah, Asariah, Raamiah, Nahamani, Mordecai, Bilsan, Misperet, Bigḃai, Nehum, Baanah. Do bí so uiḃir ḋaóine ṗobail Israel; 8 Clann Ṗaros, ḋá ṁíle céud agus seaċtṁoḋad agus días. 9 Clann Ṡéṗatiah, trí ċéad seaċdṁoġad agus días. 10 Clann Arah, sé ċéud cáogad agus días. 11 Clann Ṗahat‐moab, do ċloinn Iessua agus Ioab, ḋá ṁíle agus oċt ccéud agus a hoċd déug. 12 Clann Elam, míle ḋá ċéud cáogad agus ceaṫrar. 13 Clann Ṡattu, oċt ccéud ceaṫraċad agus cúigear. 14 Clann Ṡaccai, seaċt ccéud agus trí fiṫċid. 15 Clann Ḃinnui, sé ċéud ceaṫraċad agus oċtar. 16 Clann Ḃebai, sé ċéad fiṫċe agus oċtar. 17 Clann Asgad, ḋá ṁíle trí ċéud fiṫċe agus días. 18 Clann Adonicam, sé ċéud trí fiṫċid agus móirṡeisear. 19 Clann Ḃigḃai, ḋá ṁíle trí ḟiṫċid agus móirṡeisior. 20 Clann Adin, sé ċéud cáogad agus cúigear. 21 Clann Ader ó Heseciah, nóċad agus oċtar. 22 Clann Hassum, trí ċéad ḟiṫċe agus oċtar. 23 Clann Ḃesai, trí ċéud ḟiṫċe agus ceaṫrar. 24 Clann Hariṗ, céud agus ḋá ḟear ḋéag. 25 Clann Ġibeon, nóċad agus cúigear. 26 Fír Ḃetlehem agus Netóṗah, céud ceiṫre ḟiṫċid agus oċdar. 27 Fir Anatot, céud ḟiṫċe agus oċtar. 28 Fir Ḃet‐Asmaḃet, ceaṫraċad agus días. 29 Fir Ċiriat‐Iarim, Ċeṗira, agus Ḃeerot, seaċd ccéad ceaṫraċad agus tríur. 30 Fir Ramah agus Ġeba, sé ċéud ḟiṫċe agus áon. 31 Fir Ṁiċmas, céud ḟiṫċe agus días. 32 Fir Ḃetel agus Ai, céud ḟiṫċe agus tríur. 33 Fír Nebo oile, cáogad agus a dias. 34 Clann an Elam oile, míle ḋá ċéud cáogad agus ceaṫrar. 35 Clann Harim, trí ċéud agus ḟiṫċe. 36 Clann Ieriċo, trí ċéud ceaṫraċad agus cúigear. 37 Clann Lod, Hádid, agus Ono, seaċd ccéad ḟiṫċe agus áon. 38 Clann Ṡenaah, trí ṁíle naói ccéud agus tríoċad. 39 ¶ Na sagairt: clann Iedaia, ó ṫiġ Iessua, naói ccéud seaċdṁoġad agus tríur. 40 Clann Immer, míle cáogad agus días. 41 Clann Ṗassur, míle ḋá ċéad ceaṫraċad agus móirṡeisior. 42 Clann Harim, míle agus seaċd ḃfir ḋéag. 43 ¶ Na Leḃítiġ: clann Iessua, ó Ċadmiel, agus do ċloinn Hodeḃah, seaċtṁoġad agus ceaṫrar. 44 Na cantairiġ: clann Asaṗ, céad ceaṫraċad agus oċtar. 45 Na doirseóriġ: clann Ṡallum, clann Ater, clann Ṫalmon, clann Accub, clann Hatita, clann Ṡobai, céad tríoċad agus oċtar, 46 ¶ Na Netinimiġ: clann Ṡiha, clann Hasuṗa, clann Ṫabaot, 47 Clann Ċeros, clann Ṡia, clann Ṗadon, 48 Clann Lebana, clann Hagaba, clann Ṡalmai, 49 Clann Hanan, clann Ġiddel, clann Ġahar, 50 Clann Reaiah, clann Resin, clann Necoda, 51 Clann Ġassam, clann Ussa, clann Ṗaseah, 52 Clann Ḃesai, clann Ṁeunim, clann Neṗissesim, 53 Clann Ḃacbuc, clann Hacuṗa, clann Harhur, 54 Clann Ḃaslit, clann Ṁehida, clann Harsa, 55 Clann Ḃarcos, clann Ṡisera, clann Ṫamah, 56 Clann Nesiah, clann Hatiṗa. 57 ¶ Clann ṡerḃíseaċ Ṡoluiṁ; clann Ṡotai, clann Ṡoṗeret, clann Ṗerida. 58 Clann Iaala, clann Darcon, clann Ġiddel, 59 Clann Ṡeṗatiah, clann Hattil, clann Ṗoċeret ó Ṡebaim, clann Ammon. 60 Na Netinimiġ uile, agus clann ṡerḃíseaċ Ṡoluiṁ, do buḋ trí ċéud nóċad agus días. 61 Agus dob íadso an ṁéid mar an ccéadna do ċuáiḋ súas ó Ṫel‐melah, Ṫel‐haressa, Ċerub, Addon, agus Immer: aċt níor ḟéadadar tiġ a naṫar dinnisin, nó a síol, an do Israel íad. 62 Clann Delaiah, clann Ṫobiah, clann Necoda, sé ċéad ceaṫraċad agus días. 63 ¶ Agus do na sagartuiḃ: clann Habaiah, clann Ċos, clann Ḃarsillai, noċ ṫug inġean do Ḃarsillai an Gileadíteaċ na mnaoi, agus do goireaḋ íad do réir a nanma. 64 Díarradarso a seanċus a measg na muinntire do háirṁeaḋ tré na nginealaċ, aċt ní fríṫ é: uime sin mar ḋaóine cáiḋeaċa, do cuireaḋ ón tsagartaċd íad. 65 Agus a duḃairt an Tirsata riú, naċ íosaidís do na neiṫiḃ ro náoṁta, nó go néirġeaḋ súas lé Hurim agus le Tummim. 66 ¶ An coṁċruinniuġaḋ uile go hiomlán, buḋ ceaṫraċad agus dá ṁile trí ċéad agus trí ḟiċṫid. 67 Táoḃ amuiġ da noglaċaiḃ agus da mbanóglaċaiḃ, da raiḃ seaċt mile trí ċéad tríoċad agus móirṡeisior: agus do ḃí ḋá ċéad ċeaṫraċad agus a cúig dfearuiḃ ceóil agus do ṁnáiḃ ceóil aca. 68 A neiċ, seaċt ccéad tríoċad agus a sé: múilhḋe, ḋá ċéad ceaṫraċad agus a cúig. 69 A gcáṁuill, ceiṫre ċéud tríoċad agus a cúig: sé ṁíle seaċt ccéud agus ḟiṫċe assal. 70 ¶ Agus ṫug cuid do ṫoġa na naiṫreaḋ ċum na hoibre. Ṫug an Tirsata ċum a nionnṁuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríoċad culaiḋ ṡagairt. 71 Agus ṫugadar cuid do ṫoġa na naiṫreaḋ ċum stóir na hoibre ḟiṫċe mile drama oir, agus ḋá ṁíle agus dá ċéad punta airgid. 72 Agus isé méid ṫug an ċuid oile don ṗobal úaṫa ḟiṫċe míle drama óir, agus ḋá ṁíle punta airgíd, agus trí ḟiṫċid agus seaċd cculaḋaċa sagart. 73 Marsin do áitiġeadar na sagairt, na Leḃitíġ, agus na doirseóiriġ, agus na Netinimiġ, agus Israel uile, iona ccaiṫreaċaiḃ; agus a nuáir ṫáinic an seaċtṁaḋ mí, do ḃádar clann Israel iona ccaiṫreaċaiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society