Nehemia 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Bacaḋ sa nobair, ó naiṁdiḃ; 10 ó ḟaiġiḃ bréige, 17 agus ó ḟaille ḋaoine na tire. 1 Anois tárla, a núair do ċúala Sanballat, agus Tobiah, agus Gessem an Tarábianáċ, agus an ċuid oile dar naiṁdiḃ, gur ċuir misi an balla súas, agus nar fágḃaḋ beárna ar biṫ air; giḋ nar ċuir mé fa namsin doirsi súas air na geataḋuiḃ; 2 Gur ċuir Sanballat agus Gessem fios ċugam, ġá raḋ, Tárra, teagḃam re ċéile a mbaile éigin a réiteaċ Ono. Aċt do ṡaóileadarsan urċóid do ḋéanaṁ ḋaṁsa. 3 Agus do ċuir misi teaċta ċucasan, ġa ráḋ, Atáim ag déanaṁ oibre móire, uimesin ní ḟéaduim dul síos: cred fá sguirfeaḋ a nobair, an feaḋ dfúigfinnsi í, agus teaċt síos ċugaiḃsi? 4 Giḋeaḋ do ċuireadar fios ċugam ceiṫre huáire air an moḋso; agus do ḟreagrainnsi íad ar an ccor ccéadna. 5 ¶ Ann sin do ċuir Sanballat a ṡearḃḟoġantuiġ ċugam air an moḋ ccéadna an cúigeaḋ huáir le litir oscuilte iona láiṁ; 6 Iona raiḃ scríoḃṫa, Do hinnseaḋ a measg na ngeinteaḋ, agus a deir Gasmu é, go ḃfuil tusa agus na Iúduiġe ar tí cogaiḋ do ḋéanaṁ: an ċúis fa ḃfuil tú ag déanaṁ an ḃalla, ċor go mbeiṫeá ad ríġ orra, do réir na mbriaṫarsa. 7 Agus dórduiġ tú mar an gcéadna fáiḋe do ṡeanmóir ort féin ann Ierusalem, ġa ráḋ, Atá ríġ ann Iúdah: agus anois inneostar so don ríġ do réir na mbriaṫarso. Tárr anois ar a naḋḃarsin, agus déanam coṁairle re ċéile. 8 Ann sin do ċuir misi scéula ċuige, ġa ráḋ, Ní ḋéarnaḋ éinní don tsórt sin a deir tú, aċt tusa da ccuma as do ċroiḋe féin. 9 Agus do ċuireadar uile eagla oruinn, ġa ráḋ, Laigeoċtar a láṁa ó nobair, ċor naċ déantar í. Anois ar naḋḃarsin ó a Ḋía neartuiġ mo láṁa. 10 ¶ Na ḋiáiġ sin ṫáinic mé go tiġ Ṡemaiah ṁic Delaiah ṁic Mehetabel, noċ do híaḋaḋ a stiġ; agus a duḃairt seision, Téanum teagṁamáois ḋa ċéile a ttiġ Dé, a stiġ san teampall, agus druideam daoirsi an teampuill: óirtiucfaid síad dot ṁarḃaḋ; annsa noiḋċe a seaḋ, ṫiucfaid síad dot ṁarḃaḋ. 11 Agus a duḃairt misi, An tteiṫfeaḋ duine mar misi? agus cía hé, do ḃeiṫ mar misi, do raċaḋ don teampall do ḋídean a anma? ní raċa misi a steaċ. 12 Agus, ċeana, do aiṫin mé naċ é Día do ċuir úaḋa é; aċt gur ḟoillsiġ sé an tairġiresi am aġaiḋ: óir dfostóiġ Tobiah agus Sanballat é. 13 As uimesin do lúaċuiġeaḋ é, do ċur eagla orumsa, agus sin do ḋéanaṁ, agus peacuġaḋ, agus go ḃfuiġedís cúis droċṫúarascḃála, le maisleoċaidís mé. 14 O mó Ḋía, smuáinsi ar Ṫobiah agus ar Ṡanballat do réir a noibreaċa, agus ar an mbanḟáiḋ Noadiah, agus air an ccuid oile dona fáiġiḃ, ler ṁían eagla do ċur orumsa. 15 ¶ Marsin do ċríoċnuiġeaḋ an balla annsa ccúigeaḋ lá fiṫċiod don ṁí Elul, a ndá lá ar ċáogad. 16 Agus tárla, a núair do ċúaluiḋ ar naiṁde uile sin, agus na huile ġeinte do ḃí ar gaċ táoḃ ḋinn, a nuáir do ċoncadar na neiṫesi, do cuireaḋ síos go mór íad iona súiliḃ féin: óir do ṫuigeadar gurob ó ar Ndíane do rinneaḋ a nobairsi. 17 Tuilleaṁ oile do ċuireadar uáisle Iúdah annsna laeṫiḃ sin mórán litreaċ go Tobiah, agus do ṫigdís litreaċa Ṫobiah ċucasan. 18 Oír do ḃí mórán ann Iúdah ṫug mionna ḋó, do ḃríġ gur ċlíaṁuin é do Ṡeċaniah ṁac Arah; agus ṫug a ṁac Iohanan ínġean Ṁessullam ṁic Bereċiah. 19 Dinnseadar fós a ngníoṁa maiṫe am laṫairsi, agus dinnsedís mo ḃriaṫrasa ḋó. Agus do ċuir Tobiah litreaċa úaḋa do ċur eagla orumsa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society