Nehemia 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Gainne a measc an ṗobail, 6 do spreig Nehemiah coiṁégniuġaḋ na mboċd. 14 A ḟéile agus a oiḋeaċd féin. 1 Agus do ḃí gárṫa móra ag an pbobal agus agá mnaiḃ a naġaiḋ a ndearḃráiṫreaċ na Iuduiġe. 2 Oír do ḃí cuid díoḃ a duḃairt, Atámuidne, ar míc, agus ar ninġeana, iomad: uimesin tógḃeamuid arḃar súas doíḃ, ċor go niṫeamaóis bíaḋ, agus go mbéaimis béo. 3 Do ḃí cuid oile mar an gcéadna a duḃairt, Do ċuireamar ar ḃfearann a ngeall, ar ḃfíneaṁuin, agus ar ttiġṫe, le cceainneoċaimis arḃar, do ḃríġ na gorta. 4 Do ḃí fós cuid oile a duḃairt, Do ġaḃamar airgiod airligṫe ċum cíosa an ríġ, agus sin air ar ḃfearannuiḃ agus ar ḃfíneaṁnuiḃ. 5 Giḋeaḋ anois is ionann ar ḃfeóil agus feóil ar ndearḃráiṫreaċ, ar cclann mar a ccloinnsion: agus, féuċ, do ḃeirmíd a serḃís ar mic agus ar ninġeana dá mbeiṫ na searḃḟoġantuiḃ aca, agus cuid dar ninġeanuiḃ ar ndul a mbruid ċeana féin: agus ní ḃfuil air ar ccuṁaċduiḃ a ḃfuasclaḋ; óir atáid ar ḃfearuinn agus ar ḃfíneaṁna ag daóiniḃ oile. 6 ¶ Agus do ḃí misi lán dfeirg a núair do ċúala mé a ccoṁairc. Agus na bríaṫrasa. 7 Annsin do ċoṁairliġ mé riom féin, agus ṫug mé imḋeargaḋ do na huáisliḃ, agus do na húaċdaranuiḃ, agus a duḃairt mé ríu. Coiṁégniḋṫi gaċ aonduine aguiḃ úalaċ air a ḋearḃraṫair. Agus do ṡuiġiḋ mé oireaċtus mór na naġaiḋ. 8 Agus a duḃairt mé ríu, Sinne do réir ar ccumuis, dfúasglamar ar ndearḃráiṫre na Iúduiġe, noċ do reacaḋ ris na geintiḃ; agus an reacfuiḋesi ċeana ḃur ndearḃráiṫre? nó an reacfuiġṫear rinne íad? Annsin do ṫoċdadar, agus ní ḃfuaradar ní do ḟreagóraidís. 9 Agus mar an ccéadna a duḃairt mé, Ni maiṫ an ní do níṫí: naċ ar ċóir ḋíḃse siuḃal a neagla ar Ndé do ḃríġ masla na ngeinteaḋ ar náṁad? 10 Dféadfuinnsi fós, agus mo ḋearḃraiṫre, agus mo ṡeirḃísiġ, airgiod agus arḃar do ċoiṁéigniuġaḋ úaṫa: guiḋim siḃ, léigiom ḋínn an úalaċ. 11 Guiḋim siḃ, aisigiḋ, ḋóiḃ, a niuġ féin, a ḃfearuinn, a ḃfíneaṁna, a luḃgoirt ola, agus a ttiġṫe, agus mar an ccéadna an céadṁaḋ cuid do nairgiod, agus do narḃar, do nfíon, agus do nola, do ḃeanaḃair ḋíoḃ. 12 Ann sin duḃradarsan, Aiseogam, agus ní íarrfam éinní orra; mar a deir tusa is marsin do ḋéanam. Annsin do ġoir mé na sagairt, agus do ḃean mé mionna ḋíoḃsan, go ndéanaidis do réir na geallaṁnasa. 13 Mar an ccéadna do ċroiṫ mé muċt, agus a duḃairt mé, Go ccroiṫiḋ Día marso amaċ as a ṫiġ, agus as a ṡaoṫar, an té naċ ccoiṁéolluiḋ an geallaḋsa, gu maḋ marso ċroiṫfiġṫear amaċ, agus ḟoilṁeoċṫar é. Agus a duḃairt an coṁċruinniuġaḋ uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallaṁnasa 14 ¶ Os a ċionn sinn ó nam fár hórduiġeaḋ misi do ḃeiṫ am úaċtarán a ḃfearann Iúdah, ón ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋain go nuige an dara blíaḋuin déug ar ḟiṫċid do Artacsercses an ríġ, ḋá ḃlíaḋuin déag, níor iṫ mé féin nó mo ḋearḃráiṫre arán a núaċdaráin. 15 Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé. 16 Dfan mé fós, a nobair an ḃallaso, níor ċeanċamar dúiṫċe ar biṫ: agus do cruinniġeaḋ mo ṡerḃisiġ uile annsin ċum na hoibre. 17 Tuilleaṁ fós, do ḃí ar mo ḃórd céad agus cáogad do na Iúduiġiḃ agus do na húaċdaránuiḃ, táoḃ amuiġ dá ttigeaḋ ċuguinn as measc na ngeinteaḋ atá air gaċ taóiḃ ḋínn. 18 Anois gaċ a ngiéustaói ḋaṁsa go laeṫeaṁuil buḋ aondaṁ agus sé caóiriġ toġṫa íad; mar an gcéadna do gléastaoi éanlaiṫ ḋaṁ, agus uáir annsna deiċ lá mórán dá gaċ sórt fíona: giḋeaḋ ar a ṡon sin uile níor íarr me arán a núaċdaráin, do ḃríġ go raiḃ an daóirsine trom ar an bpobal. 19 Smuáin orumsa, ó mo Ḋía, ċum maiṫeasa, do réir a nuile ní dá ndéarna mé ar son an ṗobailsi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society