Nehemia 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Taínic Nehemiah, 8 lé litreaċaiḃ Artacsercses an ríġ, 11 go Ierusalem. 1 Agus tárla a mí Nisan, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ bliaḋaín do Artacsercses an ríġ go raiḃ fíon da laṫair: agus do ṫóg misi an fíon, agus ṫug mé don ríġ é. A nois ní ḃínnsi roiṁésin duḃaċ iona ḟiaḋnuisi. 2 Uime sin a duḃairt an ríġ riom, Créd as a ḃfuil do ġnúis duilḃir, ó naċ ḃfuil tú tinn? ní héinní so aċt doilġios croiḋe. Annsin do ḃí ro eagla orum, 3 Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine? 4 Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe. 5 Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ, agus má fuair do ṡerḃíseaċ faḃar ad raḋarc, go maḋ toil leaċd misi do ċur go Iúdah, go caṫruiġ aḋlaicte maiṫreaḋ, iondus go ccuirte mé súas í. 6 Agus a duḃairt an ríġ riom, (an ḃainríoġain fós na suiḋe láiṁ ris), Créd é fad na haimsire ḃías do ṫurus? agus cá huáir ḟillfios tú? Marsin bá toil ris an ríġ, mo ċur ar siuḃal; agus do rinne mé uáir ċinnte ris. 7 Agus ós a ċíonn sin fós a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ é, tugṫar litreaċa ḋaṁsa ċum na núaċtarán táoḃ ṫall daḃuinn, misi do ċur slán ṫairis nó go ndeaċaiḋ mé go Iúdah; 8 Agus litir go Asaṗ coiṁéaduiġ foraóise an ríġ, ċor go ttiuḃraḋ sé aḋmad daṁ dá ndéana mé postaḋa do ġeataḋuiḃ an ṗáláis noċ ḃeanus ris an ttiġ, agus do ḃalla na caiṫreaċ, agus don tiġ iona raċa mé a steaċ. Agus daontuiġ an ríġ ḋaṁ, do réir láiṁe ṁaiṫe De orum. 9 ¶ Annsin ṫáinic mé gus na húaċtaránuiḃ táoḃ ṫall daḃuinn, agus ṫug mé litreaċa an ríġ ḋóiḃ. (Anois do ċuir an ríġ caiptíne don tsluáġ agus marcṡlúaġ liom.) 10 A nuáir do ċúaluiḋ Sanballat an Horoníteaċ sin, agus Tobiah an searḃḟoġantuiġ Ammoniteaċ, do ġoill sé orra go hiomarcaċ, go ttiucfaḋ duine díarruiḋ maiṫeasa ċloinne Israel. 11 Mar sin ṫáinic misi go Hierusalem, agus do ḃí mé annsin trí lá. 12 ¶ Agus déiriġ mé san noiḋċe, mé féin agus beagán daóine liom; agus níor innis mé déanduine cred do ċuir Día ann mo ċroiḋe do ḋéanaṁ ann Ierusalem: ní mó do ḃí ainṁiḋ ar biṫ am ḟoċair, aċt an tainṁiḋ do ḃí dom iomċar. 13 Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine. 14 Annsin do ċúaiḋ mé roṁam go geata an tobair, agus go loċán an ríġ: aċt ní raiḃ sliġe ar biṫ ag an mbeiṫeaċ do ḃí fúm a raċaḋ sé ṫairis. 15 Annsin do ċuáiḋ mé súas annsa noiḋċe láiṁ ris an tsruṫán, agus do ṁeas mé an balla, agus dfill mé tar mais, agus do ċuáiḋ mé a steaċ a ngeata an ġleanna, agus marsin dfill mé. 16 Agus ní raiḃ a ḟios ag na húaċtaránuiḃ cáit a ndeaċa mé, nó cred do rinne mé, ní mó dinnis mé é fós do na Iúduiġiḃ, nó do na sagartuíḃ, nó do na huáisliḃ, nó do na ríaġlaṫóiriġiḃ, nó don ċuid oile do ḃí ag obair. 17 ¶ Ann sin a duḃairt mé ríu, Do ċiṫí a naindesi iona ḃfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásaċ, agus a geataḋa loisge re teine: tigiḋ, cuiriom súas balla Ierusalem, go naċ bíam níos mó fá ṁíoṁoḋ. 18 Annsin dfoillsiġ mé ḋóiḃ láiṁ mo Ḋé noċ do ḃí líom go maiṫ; agus bríaṫra an ríġ mar an ccéadná, mar do laḃair sé riom. Agus a duḃradarsan, Eirġiom agus deanam a nobair súas. Marsin do neartniġeadar a láṁa ċum na hoibre maiṫesi. 19 Aċt a núair do ċúaluiḋ Sanballat an Horoniteaċ, agus Tobiah an serḃḟoġantuiġ, Ammoniteaċ, agus Gessem an Tarábianaċ, sin, do ġáireadar go tarcuisneaċ fúinn, agus ṫugadar neiṁċion oruinn, agus a duḃradar, Cred é an ní si do niṫi? an raċfuiḋ a gceannairc a naġaiḋ an ríġ? 20 Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society