Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Nehemia 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Leasuġaḋ Nehemiah ar ṁíoġnaiġtiḃ na riġeaċta; 10 na heagluise; 23 agus na tteaġlaċ.

1 Ar an lá sin do léiġeadar a leaḃar Ṁaóise a néisteaċt an ṗobail; agus fríṫ scríoḃṫa annsin, naċ ttiucfaḋ an Tammoníteaċ agus an Moabíteaċ a ccoṁċruinniuġaḋ Dé go bráṫ;

2 Do ḃríġ nar airciseadar clann Israel le harán agus le huisce, aċt Balaam do lúaċuġaḋ na naġaiḋ, dá malluġaḋ: aċt ċéana diompóiġ ar Ndíane an malluġaḋ na ḃeannuġaḋ.

3 Anois tárla, a núair do ċúaladar an dliġeaḋ, gur ḋealuiġeadar as Israel an drong ċumuisc uile.

4 ¶ Agus roiṁeso, do ḃí Eliasib an sagart, agá raiḃ feiṫioṁ ós cionn ṡeomra ṫiġe Dé, a ccleaṁnus re Tobiah:

5 Agus do ġléus sé seomra mór ḋó, mar a ccuirdís roiṁe a namsin biaḋ na nofrálaċ bíḋ, an túis, agus na soiṫiġe, agus deaċṁaḋa a narḃa, a nfíona nuáiḋ, agus na hola, noċ do hórduiġeaḋ do na Leḃítiḃ, don luċt ceóil, agus do na doirseóiriġiḃ; agus ofrála na sagart.

6 Aċt ar feaḋ na háimsiresi uile ní raḃusa ann Ierusalem: óir annsa dara blíaḋuin déag ar ḟiṫċid do Artacsercses ríġ na Babilóine ṫáinic misi ċum an ríġ, agus tar éis láeṫeaḋ áiriġ do fúair mé cead an ríġ:

7 Agus ṫáinic mé go Hierusalem, agus fuair mé scéula a nuilc do rínne Eliasib ar son Ṫobiah, a ngléus ṡéomra ḋó a ccúirtiḃ ṫiġe Dé.

8 Agus do ġoíll sin orum go gér: nimesin do ṫeilg mé amaċ áirnéis tiġe Ṫobiah uile as an tséomrá.

9 Anusin ṫug mé aiṫne, agus do ġlanadarsan na séomraḋa: agus ṫug misi a rís annsin soiṫiġe ṫiġe Dé, maille ris a nofráil bíḋ agus an ttúis.

10 ¶ Agus do ṫuig mé naċ ttug ṫaoi cuid ronna na Leḃíteaċ ḋóiḃ: óir na Leḃítiġ agus an luċd ceóil do rinne a nobair, do ṫeiṫeadar gaċ áon aca dá ṁaċaire féin.

11 Ann sin do aiġnis mísi ris na riaġlóiriḃ, agus a duḃairt, Cread as ar tréigeaḋ tiġ Dé? Agus do ċruinniġ misi íad a ccionn a ċeile, agus do ċuir mé na náitiḃ féin íad.

12 Ann sin ṫúg Iúdah uile deaċṁaḋ a narḃa agus a nfíona nuáiḋ agus na hola gus na stórúisuiḃ.

13 Agus do rinne misi stóruiġṫe ós cionn na stórús, Selemiah an sagart, agus Sadoc an scriḃneóir, agus do na Leḃitiḃ, Pedaiah: agus na ndiáiġ sin do ḃí Hanan ṁac Saccur, ṁic Mattaniah: óir do measaḋ fíréunta íad, agus do bí a noifig roinn ar a ndearḃráiṫriḃ.

14 Cuiṁniġ misi, ó mo Ḋía, dá ṫáoḃ so, agus ná scrios amaċ mo ḋeiġġníoṁarṫa do rinne mé ar son ṫiġe mo Ḋé, agus ar son a oifigeaċ sin.

15 ¶ Annsua láeṫiḃ sin do ċonnairc mé ann Iúdah daóine ag brúġaḋ fíneaṁna annsa tsábbóid, agus ag taḃairt punnann a steaċ, agus ag cur úalaċ ar assaluiḃ; agus fíona mar an gcéadna, agus cáor, agus fígeaḋ, agus gaċ uile ṡórt úaluiġ dá ttugaidís go Hierusalem annsa tsábboid: agus dfíaḋnuiġ misi annsa ló ionar reacadar bíaḋ.

16 Dáitiġeadar daoine do Ṫíor fa namsin ann sin, do ḃeireaḋ íasg léo, agus gaċ uile ṡórt éarraḋa, agus do reacaḋ íad san tsábbóid re cloinn Iúdah, agus re Hierusalem.

17 Annsin do ġlac fearg misi re huáisliḃ Iúdah, agus a duḃairt mé riú, Cred an droiċní so do níṫí, agus lá na sábbóide do ṫroċluġaḋ?

18 Ané naċ deárna ḃur naiṫre marso, agus naċ ttug ar Ndía an tolcsa uile oruinn, agus ar an ccaṫruiġsi? atáṫaóise fós ag tarruing tuilleaṁ uilc ar Israel le briseaḋ na sábbóide.

19 Agus tárla, fa nam ar ṫionnscnadar geataḋa Ierusalem ḃeiṫ dorċa roiṁe an tsábbóid, gur aíṫin misi na geataḋa do ḋrud, agus dfuágair mé gan a nosclaḋ nó go ttíocfaḋ déis na sábbóide: agus do ċuir mé cuid dom ṁuinntir ag na geataḋuiḃ, ċor noċ ttiuḃarṫaói áon úalaċ a steaċ annsa tsábbóid.

20 Mársin do luiġeadar na ceannuiġṫe agus luċt reaca gaċ aon tsóirt earraḋ táoḃ amuiċ Dierusalem uáir nó ḋó.

21 Annsin dfíaḋnuiġ misi na naġaiḋ, agus a duḃairt mé, Cred fá luiḋṫí timċioll an ḃalla? má níṫí sin a ris, leacfa misi láṁa oruiḃ. O a núairsin amaċ ní ṫangadar ní is mó ar an tsábbóid.

22 Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.

23 ¶ Annsna láeṫiḃsin fós do ċonnairc mé Iúdúiġṫe do ṗós mná ó Asdod, ó Ammon, agus ó Ṁoab:

24 Agus do laḃradar a clann leaṫ a tteanguiḋ Asdod, agus níor ḟéadadar laḃairt san teanguiḋ Iúduiġe, aċd do réir ṫeangṫa gaċa pobail.

25 Agus do ġaḃ fearg misi ríu, agus do ṁalluiḋ mé íad, agus do ḃuáil mé cuid aca, agus do ṫarruing mé a ngrúaga, agus ṫug mé orra Día do ṫaḃairt mar ṁionnuiḃ, ġá ráḋ, Ní ṫiuḃarṫaói ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ní ġéuḃṫaói a ninġeana dá ḃur macaiḃ, nó ḋaóiḃ féin.

26 Naċ ar ṗeacuiġ Soluṁ ríġ Israel leis na neiṫiḃsi? giḋ naċ raiḃ a niomad críoċ a leiṫéid do ríġ, noċ dob ionṁuin le na Ḋía, agus do rinne Día ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ṫairis sin ṫug mná coiṁíġṫeaċa airsion féin peacuġaḋ.

27 A néistfimne maiseaḋ riḃsi ag déanaṁ a nuilc ṁóirsi uile, do ṡáruġaḋ a naġaiḋ ar Ndé lé pósaḋ ban coiṁiġṫeaċ?

28 Agus do ḃí aon do ṁacaiḃ Ioíada, ṁic Eliasib an tárdṡagart, na ċlíaṁuin ag Sanballat an Horoniteaċ: uime sin do ḋíbir mé uáim é.

29 Cuiṁniġ orra, ó mo Ḋía, do ḃríġ gur ṫruáilliġeadar an tsagartaċd, agus cunnraḋ na sagartaċda, agus na Leḃíteaċ.

30 Marso do ġlan mé íad ó na huile ċoiṁíġṫeaċaiḃ, agus dórduiġ mé faire na sagart agus na Leḃiteaċ, gaċ aon iona ġnoṫuiġe féin;

31 Agus ċum na hofrála connaiḋ, ar na huáiriḃ cinte, agus ċum na bprímidleaċ. Cuiṁniġ orum, ó mo Ḋía, ċum maiṫiosa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan