Nehemia 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. Slioċt na sagart. 27 Agus féusta ċoisreagṫa an ḃuile. 1 Anois is íadso na sagairt agus na Leḃítiġ do ċuáiḋ súas le Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua: Seraiah, Ieremiah, Esra, 2 Amariah, Malluċ, Hattus, 3 Sċecaniah, Rehum, Merimot, 4 Iddo, Ginneto, Abiiah, 5 Míamin, Maadiah, Bilgah, 6 Semaiah, agus Ioarib, Iedaiah, 7 Sallu, Amoc, Hilciah, Iedaiah. Dob íad so toġa na sagart agus a ndearḃraṫar a láeṫiḃ Iessua. 8 Os a ċionn sin na Leḃitíġ: Iessua, Binnui, Cadmiel, Serebiah, Iúdah, agus Mattaniah, noċ do ḃí ós cionn an naltuiġ, é féin agus a ḋearḃráiṫre. 9 Mar an ccéadna Bacbuciah agus Unni, a ndearḃráiṫre, do ḃádar as a ccoinne ṫall annsa ḃfaire. 10 ¶ Agus do ġein Iessua Ioiacim, do ġein Ioiacim mar an ccéadna Eliasib, agus do ġein Eliasib Ioiada, 11 Agus do ġein Ioiada Ionatan, agus do ġein Ionatan Iaddua, 12 Agus a láeṫiḃ Ioiacim do ḃádar sagairt, do príoṁċuid na haiṫriḃ: ó Ṡeraiah, Meraiah; ó Ieremiah, Hananiah; 13 O Esra, Mesullam; ó Amariah, Iehohanan; 14 O Ṁelicu, Ionatan; ó Ṡebaniah, Ióseṗ; 15 O Harim, Adna; ó Ṁeraiot, Helcai; 16 O Iddo, Seċariah; ó Ġinnetón, Mesullam; 17 O Abiiah, Siċri; ó Ṁiniamin; ó Ṁoadiah, Piltai; 18 O Ḃilgah, Sammua; ó Ṡemaiah, Iehonatan; 19 Agus ó Ioiarib, Mattenai; ó Iedaiah, Ussi; 20 O Ṡallai, Callai; ó Amoc, Eber; 21 O Hilciah, Hassabiah; ó Iedaiah, Netaneel. 22 ¶ Na Leḃítiġ a láeṫiḃ Eliasib, Ioiada, agus Iohanan, agus Iaddua, do scríoḃaḋ íad mar ċéann air na haiṫriḃ: na sagairt mar an ccéadna, go láeṫiḃ Dárius an Persianaċ. 23 Do scríoḃaḋ mic Leḃi, cinn na naiṫreaḋ, a leaḃar na croinice, eaḋon go laéṫiḃ Iohanan ṁic Eliasib. 24 Agus cinn na Leḃíteaċ: Hassabiah, Serebiah, agus Iessua ṁac Cadmiel, maille re na ndearḃráiṫriḃ ṫall as a ccuinne, do ṁolaḋ agus do ḃreiṫ buiḋe, do réir aiṫne Ḋáiḃi ógluiġ Dé, faire as coinne faire. 25 Dob íad Mattaniah, agus Bacbuciah, Obadiah, Messullam, Talmon, Accub, bá doirseóiriġ ag coiṁead na faire ag tairseaċaiḃ na ngeataḋ. 26 Isíad so do ḃí a láeṫiḃ Ioiacim ṁic Iessua, ṁic Iosadac, agus a láeṫiḃ Nehemiah an túaċtarán, Esra an sagart, an scriḃneóir. 27 ¶ Agus ag coisreagaḋ ḃallaḋa Ierusalem díarradar na Leḃítiġ as a náitiḃ uile, dá ttaḃairt go Hierusalem, do ċoiṁéud ḟéasta an ċoisreagṫa re luaṫġáir, maille re breiṫ ḃuiḋe, agus le céol, le cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus le cláirseaċuiḃ. 28 Agus do ċruinniġeadar clann a náosa ceóil íad féin a ccionn a ċeile, as an réiteaċ a ttimċioll Ierusalem, agus ó ḃailtiḃ Netoṗati; 29 Mar an gcéadna ó ṫiġ Ġilġal, agus as maċairiġiḃ Ġeba agus Asmaḃet: óir do rinneadar an táos ceóil bailte ḋóiḃ féin fa ccuáirt timċioll Ierusalem. 30 Agus do ġlanadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad féin, agus do ġlanadar an pobal, agus na geataḋa, agus an balla. 31 Annsin ṫug misi súas prionnsaḋa Iúdah ar an mballa, agus dórduiġ mé ḋá ċuideaċda ḋíoḃ ar an láiṁ ḋeis air an mballa go geata a naóiliġ: 32 Agus na ndiáiġ sin do ċúaiḋ Hosaiah, agus leaṫ ṗrionnsaḋa Iúdah, 33 Agus Asaríah, Esra, agus Messullam, 34 Iudah, agus Beniamin, agus Semaiah, agus Ieremiah, 35 Agus cuid áiriġ do ṁacaiḃ na sagart, go na ttrumpaḋuiḃ; Seċariah ṁac Ionatan, ṁic Semaiah, ṁic Mattaniah, ṁic Miċaiáh, ṁic Saccur, ṁic Asaṗ: 36 Agus a ḋearḃráiṫre, Semaiah, agus Asarael, Milalai, Gilalái, Maai, Netaneel, agus Iúdah, Hanani, maille re aḋḃaḋuiḃ ciúil Ḋáiḃi ógluiċ Dé, agus Esra an scriḃneóir rompa. 37 Agus ag geatá an tobair, noċ do ḃí ṫall as a ccoinne, do ċúadar súas a staiġriġiḃ ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, ag dul súas an ḃalla, ós cionn tiġe Ḋáiḃi, eaḋon go nuige geata a nuisge leaṫ ṡoir. 38 Agus an ċuideaċda oile ḋíoḃ noċ ṫug buiḋeaċus do ċúadar anonn air a naġaiḋ, agus misi na ndiáiġ, agus leaṫ na ndaóine air an mballa, ón táoḃ ṫall do ṫor na ḃfuirnéiseaċ go nuige an mballa leaṫan; 39 Agus ón taoḃ ṡúas do ġeata Eṗraim, agus táoḃ ṡúas don tseinġeata, agus táoḃ ṡúas do ġeata a néisc, agus do ṫor Hananeel, agus do ṫor Meáh, go nuige geata na ccáoraċ: agus do ṡeasadar na ccoṁnuiġ a ngeata an ṗríosúin. 40 Marsin do ṡeasadar an dá ċuideaċta ḋíoḃ ṫug buiḋeaċus a ttiġ Dé, agus misi, agus leaṫ na núaċdarán maille riom: 41 Agus na sagairt; Eliacim, Maaseiah, Miniamin, Miċaiah, Elioenai, Seċariah, agus Hananiah, maille re stocuiḃ; 42 Agus Maaseiah, agus Semaiah, agus Eleasar, agus Ussi, agus Iehohanan, agus Malċiiah, agus Elam, agus Esser. Agus do ċanadar an táos ceóil go hárd, maráon le Iesrahiah a núaċdarán. 43 An lásin mar an gcéadna dofráladar íoḋbarṫa móra, agus do ġáirdiġeadar: óir ṫug Día orra gáirdeaċus do ḋéanaṁ lé sólás mór: agus do rinneadar na mná agus na leiniḃ mar an gcéadna luaṫġáir: iondus gur ċlos gáirdeaċus Ierusalem a cceín. 44 ¶ Agus fa namsin do horduiġeaḋ drong ós cionn na séomraḋ do na hionnṁusuiḃ, do na hófraluiḃ, do na primidiliḃ, agus do na deaċṁaḋuiḃ, dá ccruinniuġaḋ ċuca as maċairiġiḃ na ccaiṫreaċ cuid ronna ḋlisdeanaċ do na sagartuiḃ agus do na Leḃítiḃ: óir do ġáirdíġ Iúdah ar son na sagart agus na Leḃíteaċ do ḃí ag feiṫioṁ. 45 Agus do ċoiṁéadadar an luċt ceóil agus na doirseóiriġ faire a Ndé, agus faire an ġlanta, do réir aiṫne Ḋáiḃi, agus a ṁic Solaṁ. 46 Oír a láeṫiḃ Ḋáiḃi agus Asaṗ san tseanaimsir do ḃídís úaċdaráin air an luċt ceóil, agus dánta molta agus buiḋeaċus do Ḋía. 47 Agus ṫug Israel uile úaṫa a láeṫiḃ Ṡerubbabel, agus a láeṫiḃ Nehemiah, cuid ronna a náosa ceóil agus na ndoirseóireaḋ, cuid gaċ aon laé: agus do náoṁaidís do na Leḃítiḃ; agus do naoṁaidís na Leḃitiġ do ċloinn Aaron íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society