Nehemia 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Luċd áitiuġaḋ Ierusalem. 20 Agus ná tíre uile. 1 Agus do ċoṁnuiġeadar úaċtaráin an ṗobail ann Ierusalem: do ċaiṫ an ċuid oile fós don ṗobal crannċair, do ṫaḃairt duine as deiṫneaṁar do ċoṁnuiġ ann Ierusalem an ċaṫair náoṁṫa, agus náoi gcuid a ccaiṫreaċaiḃ oile. 2 Agus do ḃeannuiġ an pobal na daóine uíle, do ṫairg íad feín go huṁal do ċoṁnuiġe ann Ierusalem. 3 ¶ Anois is íadso roġa an ṗroiḃinsi do rinne coṁnuiḋ ann Ierusalem: aċt a ccaiṫreaċaiḃ Iudah do rinne gaċ áon coṁnuiġ iona ṡeilḃ féin ann a ccaiṫreaċaiḃ, eaḋon Israel, na sagairt, agus na Leḃítiġ, agus na Netinimiġ, agus clann ṡearḃḟoġantaḋ Ṡoluiṁ. 4 Agus do ċoṁnuiġeadar drong áiriġ do ċloinn Iúdah ann Iérusalem, agus do ċloinn Ḃeniamin. Do ċloinn Iúdah; Ataiah ṁac Ussiah, ṁic Seċariah, ṁic Amariah, ṁic Seṗatiah, ṁic Mahalaleel, do ċloinn Peres; 5 Agus Maaseiah ṁac Baruċ, ṁic Col‐hoseh, ṁic Hasaiah, ṁic Adaiah, ṁic Ioiarib, ṁic Seċariah, ṁic Siloní. 6 Mic Ṗeres uile noċ do ċoṁnuiḋ ann Ierusalem do ḃádar ceiṫre ċead trí fiṫċid agus oċtar do ḋaoiniḃ gaisgeaṁla. 7 Agus is íadso mic Ḃeniamin; Sallu ṁac Messulam, ṁic Ioed, ṁic Pedaiah, ṁic Colaiah, ṁic Maaseiah, ṁic Itiel, ṁic Iesaiah. 8 Agus na ḋiaiġsin Gabai, Sallai, naoi ccéad fiṫċe agus oċtar. 9 Agus dob é Ioel ṁac Siċri do ḃí ós a ccionn: agus bá hé Iudah ṁac Sénua an dara ós cionn na caiṫreaċ. 10 Do na sagartuiḃ: Iedaiah ṁac Ioarib, Iaċin. 11 Seraiah ṁac Hilciah, ṁic Messullam, ṁic Sadoc, ṁic Meraiot, ṁic Ahitub, dob úaċtarán ar ṫiġ Dé. 12 Agus a ndearb ráiṫre noċ do rinne obair an tiġe do buḋ oċt ccéad fiṫċe agus días íad: agus Adaiah ṁac Ieroham, ṁic Pelaliah, ṁic Amsi, ṁic Seċariah, ṁic Passur, ṁic Malċiah. 13 Agus a ḋearḃráiṫre, roġa na naiṫreaḋ, ḋá ċéud ceaṫraċad agus días: agus Amasai ṁac Asareel, ṁic Ahasai, ṁic Messillemot, ṁic Immer, 14 Agus a ndearḃráiṫre, daoine árraċta a ccróḋaċt, céud fiṫċe agus oċtar: agus buḋ é Sabdiel do ḃí ós a ccionn, mac aóin do na daóiniḃ móra. 15 Mar an ccéadna do na Leḃitiḃ: Semaiah ṁac Hassub, ṁic Asricam, ṁic Hassabiah, ṁic Bunni; 16 Agus Sabbetai agus Iosabad, do ṫoġa na Leḃíteaċ do ḃí ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ḟoiriomlaċ ṫíġe Dé. 17 Agus Mattaniah ṁac Miċa, ṁic Sabdi, ṁic Asaṗ, príoṁḋuine do ṫosuġaḋ ḃeirṫe buiḋeaċuis a nguiḋe: agus Bacbuciah an dara a measc a ḋearḃráiṫreaċ, agus Abda ṁac Sammuah, ṁic Galal, ṁic Iedutun. 18 Na Leḃitíġ uile annsá ċaṫruiġ náoṁṫa do ḃádar ḋá ċéad ceiṫre fiṫċid agus ceaṫrar. 19 Mar an ccéadna fós na doirseóiriġ, Accub, Talmon, agus a ndearḃráiṫre noċ ċoiṁéad na geataḋa, do ḃádar céad seaċtṁoġad agus días. 20 ¶ Agus an ċuid óile do Israel, do na sagartuiḃ, agus do na Leḃítiḃ, do ḃádar a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah uile, gaċ aon iona oiġreaċt féin. 21 Aċt do áitiġeadar na Metinimiġ ann Oṗel: agus Siha, agus Gíspah do ḃí ós cionn na Netinimeaċ. 22 Agus ós cionn na Leḃíteaċ ann Ierusalem do ḃí Ussiah ṁac Bani, ṁic Hassabiah, ṁic Mattaniah, ṁic Miċa. Do ṁacaiḃ Asaṗ, an luċt ceóil do ḃí ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṫiġe Dé. 23 Oír do ḃí aiṫne an ríġ ḋá ttaoḃ, go mbeiṫ cuid ronna áiriġ re haġuiḋ an luċt ceóil, gaċ aonlá. 24 Agus Petahiah ṁac Messesabeel, do ċlannuiḃ Serah ṁic Iúdah, do ḃí sé re láiṁ an ríġ ann sa nuile ċúis a ttaoḃ an ṗobail. 25 Agus ar son na mbailteaḋ, gon a maċairiġiḃ, do ċoṁnuiḋ cuid do ċloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtiḃ, agus ann Dibon, agus iona bailtiḃ, agus ann Iecabseel, agus iona bailtiḃ, 26 Agus ann Iessua, agus ann Moladah, agus ann Betṗelet, 27 Agus ann Hasar‐Saul, agus ann Beerseba, agus iona bailtiḃ, 28 Agus ann Siglag, agus ann Meconah, agus iona bailtiḃ, 29 Agus ann En‐rimmon, agus ann Sareáh, agus ann Iarmut, 30 Sanoah, Adullam, agus iona mbailtiḃ, a Laċis, agus iona maċairiḃ sin, ann Asecah, agus iona baíltiḃ. Agus do áitiġeadar ó Ḃeerseba go gleann Hinnom. 31 Clann Ḃeniamin mar an ccéadna ó Ġeba, do áitiġeadar a Miċmas, agus Aiiah, agus Betel, agus iona mbailtiḃ, 32 Agus ann Anatot, Nob, Ananiah, 33 Hasor, Ramah, Gittaim, 34 Hadid, Seboim, Neballat, 35 Lod, agus Ono, gleann na ḃfear ceirde. 36 Agus do ḃí roinn do na Leḃítiḃ ann Iúdah, agus ann Beniamin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society