Nehemia 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Anmanna na ndaoine do ḋaingniḋ cunnraḋ re Día. 29 Briġ an ċunnraiḋ. 1 Anois dob íadso an dream do ċuir an séula, Nehemiah an Tirsata, mac Haċaliah, agus Sidciiah, 2 Seraiah, Asariah, Ieremiah, 3 Passur, Amariah, Malċiiah, 4 Hattus, Sebaniah, Malluċ, 5 Harim, Merimot, Obadiah, 6 Daniel, Gínneton, Baruċ, 7 Mesullam, Abiiah, Míiamin, 8 Maasiah, Bílgai, Semaiah: dob iadso na sagairt. 9 Agus na Leḃítiġ: aráon Iessua ṁac Asaniah, Binnui do ċloínn Henadad, Cadmiel; 10 Agus a mbráiṫre, Sebaniah, Hodiah, Celita, Pelaiah, Hanan, 11 Míċa, Rehob, Hassabiah, 12 Saccur, Serebiah, Sebaniah, 13 Hodiiah, Bani, Beninu, 14 Roiġne an ṗobail; Paros, Pahatmoab, Elam, Sattu, Bani, 15 Bunni, Asgad, Bebai, 16 Adoniiah, Bigḃai, Adin, 17 Ater, Hisciiah, Assur, 18 Hodiiah, Hassum, Besai, 19 Hariṗ, Anatot, Nebai, 20 Magpias, Mesullam, Hesir, 21 Mesesabeel, Sadoc, Iadduá, 22 Pelatiah, Hanan, Anaiah, 23 Hosea, Hananiah, Hasub, 24 Hallohes, Pileha, Sobec, 25 Rehum, Hasabnah, Maaseiah; 26 Agus Ahiiah, Hanan, Anan, 27 Malluċ, Harim, Baanah. 28 ¶ Agus an ċuid oile don ṗobal, na sagairt, na Leḃítiġ, na doirseóiriġ, an luċt ceóil, na Netinimiġ, agus a nuile ḋuine dar ḋealuiḋ íad féin as muinntir na ttiórṫa ċum dliġe Dé, a mná, a mic, agus a ninġeana, gaċ áon ar ḃfaġáil éoluis, agus tuigsiona; 29 Do ċeangladar ré na ndearḃráiṫriḃ, a ndaóme uáisle, agus do ċuadar fa ṁalluġaḋ, agus fa ṁionnuiḃ, siuḃal a ndliġéaḋ De, noċ ṫug Maóise searḃḟoġantuiġ De úaḋ, agus do ċoiṁéud agus do ḋéanaṁ a nuile aiṫeanta an TIĠEARNA ar Ttiġearna, agus a ḃreiṫeaṁnusa, agus a reaċta; 30 Agus naċ ttiuḃraimís ar ninġeana do ḋaóiniḃ na tíre, agus naċ ttiuḃraidís a ninġeanasan dar macaiḃ: 31 Agus má ḃeirid muinntir na tíre léo earraḋ nó bíaḋ ar biṫ ansa tsabbóid dá reic, naċ cceinneoċaimaisne é annsa tsabboid, nó san ló naoṁṫa: agus go léigfimis an seaċdṁaḋ bfiaḋan dínn, agus coíṁéigniuġaḋ gaċ uile ḟíaċ. 32 Do rinneamar mar an ccéadna órduiġṫe ḋúinn féin, an treas cuid do ṡecel do ċur dfíaċaiḃ oruínn féin gaċa blíaḋna ċum serḃíse ṫiġe ar Ndé; 33 Ċum a naráin taisbéanta, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ bíḋ, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ loisge, na sabbóideaḋ, na ngealaċ nuáḋ, agus ċum na ḃféastaḋ cinnte, agus ċum na neiṫeann naoṁṫa, agus ċum na nofrálaḋ peacuíḋ do ḋéanaṁ síoṫċána ar son Israel, agus ċum uile oibre ṫiġe ar Ndé. 34 Agus do ṫeilgiomar crannċar a méasg na sagart, agus na Leḃiteaċ, agus an ṗobail, a ttáoḃ na hofrála connaiġ, dá taḃairt go tiġ ar Ndé, do réir ṫiġṫeaḋ ar naiṫreaḋ, a nam cínnte ó ḃlíaḋuin go blíaḋuin, do loscaḋ ar altóir an TTIĠEARNA ar Ndía, mar atá sé scríoḃṫa san dliġeaḋ: 35 Agus do ṫaḃairt céadṫoruiḋ ar ḃfearuinn, agus céadtoruiḋ uile ṫoruiḋ na nuile ċrann, ó ḃliaḋuin go bliaḋuin, ċum tiġe an TIĠEARNA: 36 Mar an ccéadna cédġin ar mac, agus ar náirnéise, (mar atá scríoḃṫa san dliġeaḋ), agus primidil ar nealḃaḋa agus ar ttréad, do ṫaḃairt go tiġ ar Ndé, ċum na sagart do ni miniostralaċt a ttiġ ar Ndé: 37 Agus go ttiuḃraimís primidil ar ttaóis, agus ar nofrála, agus toraḋ a nuile ṡórt crann, dfíon agus dola, ċum na sagart, go séomraḋuiḃ ṫiġe ar Ndé; agus deaċṁaḋa ar ḃfearuinn do na Leḃitiḃ, ċor go ḃfuiġedís na Leḃitiġ sin deaċṁaḋa ann uíle ċaiṫreaċuiḃ ar ttreaḃṫa. 38 Agus biáiḋ an sagart mac Aaroin maille ris na Leḃítiḃ, a núair ġlacfuid na Leḃítiġ deaċṁaḋa: agus do ḃéuruid na Léḃítiġ deaċṁaḋ na ndeaċṁaḋa súas go tiġe ar Ndéne; do na séomraḋuiḃ, go tiġ an stóruis. 39 Oír béaruid clann Israel agus clann Leḃi ofráil a narḃa, a nfiona nuáiḋ, agus na hola, do na séomraḋuiḃ, mar a ḃfuilid soiṫiġe na sanctóra, agus na sagairt ṁiniostralus, agus na doirseóiriġ, agus an luċd ceóil: agus ní ṫréigfemne tiġ ar Ndé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society