Nehemia 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Trosgaḋ, 5 agus urnaiġ Nehemiah a leiṫ Ierusalem. 1 Briaṫra Nehemiah ṁac Haċaliah. Agus tárla a mí ċislen, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ bliaḋain, mar do ḃí mé a bpálas Ṡúsan, 2 Go ttáinic Hánani, áon dom ḋearḃraiṫriḃ, é féin, agus daóine áiriġ do Iúdah; agus dfíafruiġ misi ḋíoḃ do ṫaoiḃ na Níuduiġeaḋ do ċuáiḋ as, noċ do fágḃaḋ do na daóirsineaċaiḃ, agus a ttaoḃ Ierusalem. 3 Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine. 4 Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe, 5 ¶ Agus a duḃairt mé, larruim daṫċuinge ort, a ṪIĠEARNA Día neiṁe, an Día mór úaṫḃásaċ, ċoiṁeadus cunnraḋ agus trócaire don ṁéid ġráḋuiġéas é, agus ċoiṁéadas a aiṫeanta: 6 Bioḋ do ċlúas a nois fuireaċuir, agus do ṡúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaiġ do ṡerḃísiġ, noċ do ním a nois ad ḟiaġnuisi, do ló agus doiḋċe, ar son ċloinne Israel do ṡerḃísiġ, agus ag adṁáil peacaiḋ ċloinne Israel, noċ do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋ: misi ar aon agus tiġ maṫar do ṗeacuiġeamar. 7 Do rinneamar go ro ṫruáilliġṫe ad aġaiḋsi, agus níor ċoiṁéadamar na haiṫeanta, náid na reaċda, náid na breiṫeaṁnuis, do aiṫin tú dot ṡerḃíseaċ Máoise. 8 Guiḋim ṫú, cuiṁniġ, an focal do aiṫin tú dot ṡerḃíseaċ Maóise, ġa ráḋ, Má ċiontuiḋe, sgaóilfe misi amaċ siḃ ar feaḋ na ccríoċ: 9 Aċt má ḟilltiġe ċugam, agus maiṫeanta do ċoiṁéad, agus a ndéanaṁ: dá mbeaḋ go tteilgfiḋe amaċ cuid aguiḃ gus an ccuid is sía uáiḃ do neaṁ, giḋeaḋ do ḃéara misi as sin íad, agus crumneoċa mé íad don náit do ṫoġ mé do ċur manma ann. 10 Anois is íadso do ṡerḃísiġ agus do ṗobal, noċ do ṡáor tú le do ċuṁaċd ṁóir, agus le do láiṁ láidir. 11 O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society