Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX Ioḋbairt fola Ċriosd ni is uáisle nó fuil ioḋbarṫa an reaċd.

1 Uime sin do ḃádar fós ag an gcéud ċonnarṫaḋ órduiġṫe a dtáoḃ ṡeirḃíse Dé, agus náoiṁiosdaḋ sáoġalta.

2 Oír do tógḃaḋ an tabernacail; ann a raiḃ sa gcéud iosdaḋ ḋe, an coinnleóir, agus an bórd, agus arán na fíaḋnuise; ré ráiḋtear náoṁṫa.

3 Agus do ḃí táoḃ a stiġ don dara ḃrat, an tabearnácail dá ngoirṫear an náoṁ iosdaḋ ro Náoṁṫa;

4 Sa náit a raiḃ an túiséir orrġa, agus áirc an ċonnarṫa ar na ḟolaċ timċioll ré hór, ann a raiḃ an pota orrġa ann a raiḃ an manna, agus slat Aáróin naċ do sgeiṫ, agus cláir an ċonnarṫa;

5 Agus ós cionn na háirce do ḃádar na ċerubíni glórṁar ag cur sgáṫa ar ḟoláċ na háirce; neiṫe ar naċ féidir leam laḃairt fó leiṫ a nois.

6 Agus ar mbeiṫ do na neiṫiḃse órduiġṫe mar so, do ṫéiġedís na sagairt do ġnáṫ a steaċ don ċéud ṫabernácail, do ċoiṁlíonaḋ ṡeirḃíse Dé.

7 Aċd don dara ṫabernácail do ṫeiġeaḋ an tárdsagart na áonar áon úair aṁain gaċa blíaḋna, ní gan ḟuil, noċ do ḟoráileaḋ sé ar a ṡon féin, agus ar son ṡeaċráin an ṗobail:

8 Ar mbeiṫ don Sbiorad Náoṁ ḋá ḟoillsiuġaḋ so, nár hosglaḋ fós an tsliġe ċum a niosda ro náoṁṫa, an feaḋ do ḃi an céud ṫabearnácail na ṡeasaḋ:

9 Noċ as sompla don naimsirsi a láṫair, ann a ḃfuil taḃartuis agus ioḋbarṫa ḋá ḃforáil, lé nár féidir an tí do ní an tseirḃís sin, do náoṁaḋ a dtáoḃ a ċoinnsiáis;

10 Ar mbeiṫ ḋóiḃ aṁáin a mbiaḋuiḃ agus a ndeoċuiḃ, agus a nionlatuiḃ éugsaṁla, agus a ngnáṫuiġṫiḃ colluiḋe, do cuireaḋ orrṫa duálaċ go teaċd aimsire an ċeartuiġe.

11 Aċd ar dteaċd do Ċríosd na árdṡagart na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda, tré ṫabearnácail bá mó agus bá diongṁálta, náċ dearnaḋ ré láṁuiḃ, ionann sin ré raḋ agus, naċ don nobairse;

12 Agus fós ní tré ḟuil ġaḃar na láoḋ, aċd tré na ḟuil féin; do ċuáiḋ sé a steaċ éun uáir aṁáin sna hiosdaḋuiḃ náoṁṫa, ar ḃfaġáil fúasluiġṫe ṡíorruiḋe ḋúinne.

13 Oír má ní fuil ṫárḃ agus ġáḃar, agus luáiṫreaḋ seaċḃuiḋ ar na cróṫaḋ ar an druing neaṁġloin, a náoṁaḋ a dtáoḃ ġlanta na feóla:

14 A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?

15 Agus ar a ṡon so as eision eirdirṁeaḋontóir an ċonnarṫa nuáiḋ, ionnas trés an mbás, do ḟulaing sé ċum fúasgluiġṫe na sáruiġṫe do ḃí sa gcéudċonnraḋ, go ḃfuiġedís an dream atá ar na ngairm geallaṁuin na hoiġreaċda síorruiḋe.

16 Oír sa náit ann a ḃfuil tiomna, as éigean bás an tí do rinne an tiomna do ḃeiṫ ann.

17 Oír bí an tiomna diongṁálta an tán ḃíd dáoine ar néug: óir atá sí fós gan ḃríġ an feaḋ ṁaireas an tí do rinne í.

18 Uime sin nior daingniġeaḋ an ċéud ṫiomna féin gan ḟuil.

19 Oír an tan do laḃair Máoise na huile aiṫeanta ris an bpobal uile réir an reaċda, ar nglacaḋ fola láoḋ agus gaḃar ḋó, maille ré huisge, agus ré holuinn ṗurpair, agus ré híosóip, do ċraiṫ sé í ar an leaḃar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;

20 Ag ráḋ, A sí so fuil na tiomna noċ do aiṫin Día ḋíḃ.

21 Agus fós do ċraiṫ sé a nfuil ċéudna ar an tabearnácail, agus ar ṡoiṫiġiḃ na miniosdrálaċda.

22 Agus as beag naċ ré fuil ġlantar na huile neiṫe do réir an reaċda; agus ní faġṫar maiṫeaṁnas ar biṫ gan dórtaḋ fola.

23 Uime sin dob éigin sompla na neiṫeann atá ar neaṁ do ġlanaḋ ríu so; aċd na neiṫe neaṁġa féin ré híoḋbarṫuiḃ as fearr ná íad so.

24 Oír ní ḋeaċuiḋ Críosd a steaċ don naóiṁiosdaḋ do rinneaḋ ré láṁuiḃ, noċ bá heisiompláir do na hiosdaḋuiḃ fírinneaċ; aċd go flaiṫeaṁnas féin, ċum é féin do ṫaisbéunaḋ a nois a ḃfíaḋnuise Dé air ar soinne:

25 Agus ní ċum é féin dioḋbairt go minic, aṁuil do ṫéiġeaḋ an tardsagart a steaċ don náoiṁiosdaḋ gaċa blíaḋna ré fuil nar leis féin;

26 (Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó ṫús an doṁáin: aċd a nois do foillsiġeaḋ é éun uáir aṁáin a ndeireaḋ an tsáoġail, ċum an ṗeacuiḋ sgrios tré na ioḋbairt féin.

27 Agus aṁuil atá a ndán do ḋaóiniḃ bás dfaġáil áonuáir aṁáin, agus na ḋiáiġ sin an breiṫeaṁnus:

28 As mar na gcéudna fuáir Críosd a ioḋḃairt éunuáir aṁáin ċum peacuiḋ ṁóráin do sgríos dó; agus búḋ léir é an dara huáir gan ṗeacaḋ don druing atá ag fuireaċ ris ċum slánuiġṫe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan