Neaḃruiḋeaċ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII Sagartaċd ṡíorraiḋ Ċríosd, 7 agus connraḋ bioṫḃúan an tsóisgel, ar gcur sagortaċd Aaroin agus connraḋ áimsiorḋa na naiṫreaċ, ar gcúl. 1 Agus a sé so suim na neiṫeann a deirmíd: Atá a ṡáṁuil sin dárdṡagart aguinn, noċ do ṡúiġ ar deis árdċaṫáoire na Mórḋaċda sna flaiṫís; 2 Atá na ṁinisdir sna hionaduiḃ náóṁṫa, agus don tabearnacail ḟirinniġ úd, noċ do ṡúiġiḋ an Tiġearna, agus ní duine. 3 Oír as ċuige órduiġṫear gaċ uile árdsagart ċum na dtaḃartus agus na nioḋbarṫaḋ dforáil: ionnas gur ḃéigin don ḟiorsa mar an gcéudna ní éigin do ḃeiṫ aige ré a ioḋbairt. 4 Oír ní ḃíaḋ sé na ṡagart, dá mbíaḋ sé ar an dtalaṁ, an feaḋ atáid sagairt ann ḟoráileas taḃartuis do réir an reaċda: 5 Noċ do ní seirḃís do ṡompla agus do sgáile na neiṫeann neaṁḋa, aṁuil do ḟógair Día do Ṁáoise ar mbeiṫ ḋó ar tí an tabearnacail do ċríoċnúġaḋ: taḃair aire riot, ár sé, Go ndéan tú na huile neiṫe do réir an tsompla do taisbéunaḋ ḋuit sa tslíaḃ. 6 Aċd a nois fuáir sé oifig as oirrḋearca ná sin, an ṁéid go ḃfuil sé na eidírṁeaḋontóir an ċonnarṫa as féarr, noċ atá ar na ḋaingniuġaḋ ris na geallaṁnaċaiḃ is fearr. 7 Oír dá mbeiṫ an céudċonnraḋ úd neaṁuireasḃaċ, ní ṡirfiḋe ionad don dara connraḋ. 8 Oír a deir sé, ḋá néilíuġáḋsan, Feuċ tiucfuiḋ na laeṫe, a deir an Tíġearna ann a gcríoċnóċuiġ mé connraḋ núaḋ ré tiġ Israél agus ré tiġ Iúda: 9 Ní réir an ċonnarṫa do rinne mé ré na naiṫriḃ sa lá ann a rug mé ar láiṁ orrṫa ċum a dtreóruiġṫe as talaṁ na Héigipte; óir níor ḟanadar a mbun mo ċonnarṫa, agus ní raiḃ cás agumsa iónntaḋsan, a deir an Tíġearna. 10 Uime sin ag so an connraḋ do ḋéuna mé ré tiġ Israél a ndiáiġ na laeṫeaḋsin, a deir an Tíġearna; Cuirfe mé mo ḋliġṫe ann a ninntinn, agus sgrioḃṫad íad ann a gcroíḋe: agus biáiḋ mé um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa. 11 Agus ní ḃiáiḋ gaċ áon fó leiṫ ag teagusg a ċoṁarsan, agus gaċ áon fo leiṫ ag teagusg a ḋearḃráṫar, ag ráḋ, Bíoḋ aiṫne air an Dtíġearna agad: óir biáiḋ eólus aca uile oramsa ón mbeag gus an mór. 12 Oír biáiḋ mé trócaireaċ da néugcóruiḃ, agus cuirfe mé a bpeacuiḋe agus a nainḋliġṫe as mo ċoiṁne feasda. 13 An tan a déir sé, An connraḋ núaḋ, do ċuir sé an seanċonnraḋ a neimbríġ. Agus an ní atá ar na ċur a neimbríġ agus atá sean as fogus dó ḃeiṫ ar dtéurnóġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society