Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI Mór-ċuntaḃairt cláonaḋ go neiṁċreideaṁ, [agus a raḋ, Go ḃairiḋ Críosd ar a ċéusaḋ, mar ṁealltoir ó Ṡatan, Maṫ. Vii 22. c. xii. 24, 31.] Tar éis do ḋuine ṁíoġráiseaċ, Críosd a adṁail, no Spiorad na míorḃuilteaḋ dfaġáil úaiḋ.

1 Uime sin ar léigean ṫoruinn dúinn ṫeaguisg ċéudṫosuiġeaḋ Ċríosd, tigeam air ar naġuiḋ ċum ḃeiṫ diongṁálta; gan ḃeiṫ dúinn a rís ag cur ḟonndameint na haiṫriġe ó oibreaċuiḃ marḃa, agus ċréidṁe a dtáóḃ Dé,

2 Ṫeagusg na mbaisdeaḋ, agus leagaḋ na láṁ, agus eiséirġe na marḃ, agus an ḃreiṫeaṁnuis ṡíorruiḋe.

3 Agus do ḋéunam so, do ċead Dé.

4 Oír an dream atá ar na soillsiuġaḋ áon uáir aṁáin, agus fuáir blas an tioḋluice neaṁġa, agus lér roinneaḋ an Spiorad Náoṁ,

5 Agus do ḃlais deaġḃríaṫar Dé, agus suḃailciḋe an tsáoġail atá ċum teaċda,

6 Agus atá ar dtuitim, ní féidir a naṫnúaḋuġaḋ a rís ċum aiṫriġe; do ḃríġ go ḃfuilid ag céusaḋ Ṁic Dé a rís ḋóiḃ féin, agus ag sgige fáoi.

7 Oír an talaṁ ṡlúigeas a nfearṫuinn ṫig go minic air, agus do ḃeir luiḃionna úaḋa ṫéid a dtárḃa don druing ṡáoṫruiġeas é, do ġéiḃ sé beannaċd ó Ḋía:

8 Aċd an talaṁ do ḃeir sgeaṫaċ agus driseaċ úaḋa as diomolta, agus is fogus é dá ḃeiṫ malluiġe; agúr ab é a ċríoċ a losgaḋ.

9 Giḋéaḋ a ċáirde, atámuid deiṁneaċ asuiḃse fá neiṫiḃ is fearr ná sin, agus as foigse don tslánuġaḋ, bíoḋ go láḃramáoid mar so.

10 Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.

11 Agus as mían rinn gaċ áon aguiḃ do ṫaisbéunaḋ na dúṫraċda céudna ċum láindearḃṫa an dóṫċais go deireaḋ:

12 Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.

13 Oir an tan ṫug Día gealaḋ D'Abraham, do ḃriġ nár ḃféidir leis neaċ bá mó do ṫaḃairt mar ṁíonnuiḃ, tug sé é féin mar ṁíonnuiḃ,

14 Ag ráḋ, Go deiṁin ag beannuġaḋ beannóċa mé ṫusa, agus ag méuduġaḋ méideóċa mé ṫú.

15 Agus mar sin, ar ḃfuireaċ go foiġideaċ ḋó, fuáir sé toraḋ na geallaṁna.

16 Oír go deiṁin do ḃeirid dáoine an tí is mó ná íad féin mar ṁionnuiḃ, agus as críoċ air gaċ imreasain dóiḃsion mionna ċum deiṁniġṫe.

17 As mar an gcéudna ar mbeiṫ do Ḋía fonnṁar ar a ċoṁairle neaṁċorruiḋ dfoilliuġaḋ go ro ḟoirrleaṫan doiġriḃ na geallaṁna, do ḋearḃuiḋ sé é ré mionnuiḃ:

18 Ionnas tré ḋá ní dóaṫarruiḋ, ann naċ féidir lé Día bréug do ḋeunaṁ, go mbeiṫ meanma láidir aguinne, ag rioṫ ċum greamuiġṫe don dóṫċas atá roṁuinn:

19 Noċ atá aguinn mar ancaire, daingean diongṁálta a nanma, agus ṫéid a steaċ go soiṫe a ní atá don táoiḃ a stiġ don ḃrat;

20 Sa náit a ndeaċuiḋ an céidreaṫuiġe air ar soinne, eaḋon Iósa, dá ndearnaḋ árdsagart síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan