Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V Oirḋearcus ṡagartaċd Iósa Criosd oscionn na nuile.

1 Oir gaċ uile árdsagart, ṫógṫar ó ḋáoiniḃ is ar son dáoineaḋ orduiġear é a dtáoḃ na neíṫeann ḃeanas ré Día, ċum ofrála agus íoḋbarṫa do ḋéunaṁ ar son peacaḋ:

2 Noċ agá ḃfuil cumas lórṫrúaiġe do ḃeiṫ aige don druing atá ainḃfiosaċ, agus ar seaċrán; do ḃríġ go dtimċiollṫar é féin mar an gcéudna déugcrúas.

3 Agus dá ḃríġ so atá dfiaċuiḃ air, ioḋbairt do ḋéunaṁ ar son na bpeacaḋ, ar son an ṗubail, agus ar a ṡon féín mar an gcéudna.

4 Agus ní ġaḃann éunduine a nonóirse ċuige féin, aċd an tí atá ar na ġairm ó Ḋía, aṁuil Aarón.

5 As mar an gcéúdna ní úaḋ féin do ġaḃ Críosd a nonóirse ċúige go ndeuntáoi árdsagart de; aċd ón ti a duḃairt ris, As tú mo Ṁac, a niúġ do ġein misi ṫú.

6 Do réir mar a deir sé fós a náit eile, As sagart ṫú go síorruiġe do réir uird Ṁélċísedec.

7 Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:

8 Agus bíoḋ gur be an Mac é, dfoġluim sé úṁlaċd as na neiṫiḃ do ḟulaing sé;

9 Agus ar mbeiṫ ḋó ar na ḋéunam iomlán, do rinneaḋ úġdar an tslánuiġe ṡíorruiġe ḋe do na huile dáoiniḃ úṁlaiġeas dó;

10 Ar mbeiṫ ḋó ar na ġairm ó Ḋía na ardṡagart do réir uird Ṁelċísedec.

11 Ar a ḃfuil mórán aguinn re a laḃairt, do neiṫiḃ atá dóċurṫa amaċ, do ḃríġ go ḃfuil muill éisdeaċda oruiḃse.

12 Oír siḃse dár ċóir ḃeiṫ ḃur luċd teaguisg do réir aimsire, as riaċdanus dáoiḃ a rís sinne ḃir dteagusg a gcéudṫosuiġiḃ ḃréiṫre Dé; agus tárrla ḋiḃ beiṫ sa ríoċdsin gur mó atá bainne duireasḃuiḋ oruiḃ, na bíaḋ láidir.

13 Oír gaċ áon ċleaċdas bainne atá sé neaṁíulṁar a mbréiṫir na fíréuntaċda: (óir is náoiḋe é.)

14 Aċd is don luċd ṫig ċum áóisi ḟóġnas an biáḋ laidir, agá ḃfuilid a gcéúdfaḋa tré ġnáṫuġaḋ ḟada ar na gcleaċdaḋ ċum eidirḋealuiġe maiṫeasa agus uilc.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan