Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Coiṁṡíneaḋ ṡabbóide na Niuduiġeaċ, agus na ccreidṁeaċ, ré a ċéile.

1 Uime sin bioḋ faitċeas oruinn, deagla, ar dtréigean na geallaṁna uáir ár biṫ ré ḋul a steaċ na ṡuáiṁnios, go measfuiḋ áoinneaċ aguiḃse ḃeiṫ air fágḃáil.

2 Oír do seanmóruiġeaḋ an soisgéul dúinne, aṁuil do rinne ḋóiḃsion mar an gcéudna: giḋeaḋ ní ḋeaċuiḋ an ḃríaṫar do ċúaladar a dtarḃa ḋóiḃ, do ḃríġ náċ raiḃ sí ar na cumusg ré creideaṁ sa druing do ċúaluiḋ í.

3 (Oir téiġemidne an dream ċreideas a steaċ sa tsuáiṁnios,) do réir mar a duḃairt sé, Ar a naḋḃarsin tug mé mo ṁionna um ḟeirg, naċ raċuid síadsan a steaċ am ṡuáíṁnios: bíoḋ gur críoċnuiġeaḋ na hoibreaċa ó ṫús an dóṁuin.

4 Oir laḃair sé a nionad áiriġe ar an seaċdṁaḋ lá mar so, Agus do ċóṁnuiġ Día an seaċdṁaḋ lá ón a oibriḃ uile.

5 Agus sa nionadsa a rís, Ní raċuid síad a steaċ am ṡuáiṁnios.

6 Uime sin do ḃríġ do dtuigṫear as so go raċuiḋ dream áiriġe a steaċ ann, agus naċ deaċuiḋ an dream ḋár seanmóruiġeaḋ an soisgéul ar tús a steaċ tré easúṁlaċd:

7 (Orduiġe sé a rís, lá airiġe, ag ráḋ a Ndáiḃi, A niúġ, a ndiáiġ a coṁḟad sin daimsir; (mar a duḃraḋ,) A niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, ná crúaiḋiġe ḃur gcroíḋṫe.

8 Oír dá dtugaḋ Iósua suáiṁneas dóiḃ, ní laiḃeóraḋ sé na ḋiáiġ so air lá eile.

9 Uime sin fágṫar lá suáiṁniosa ag pobal Dé.

10 Oír an tí do ċuáiḋ a steaċ ḋá ṡuáiṁneas san, do ċóṁnuiḋ sé mar an gcéudna ón á oibreaċuiḃ, aṁuil do ċoṁnuiġ Día ón á oibreaċuiḃ féin.)

11 Uime sin déunam díṫċioll ré ḋul a steaċ sa tsuáiṁnios sin, deagla éunnduine ṫuitim sa neisiompláir ċéudna easúṁlaċda.

12 Oir atá bríaṫar Dé beó, agus bríoġṁar, agus ní sa ġéire ná clóiḋeaṁ ar biṫ ḋá ḟáoḃar, agus téid sí ṫrín a steaċ go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré ċéile, agus is breaṫaṁ í ar smúaintiġiḃ agus ar ḃreaṫnuiġiḃ an ċróiḋe.

13 Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.

14 Uime sin ó atá árdsagart mór aguinn, do ċúaiḋ a steaċ sna neaṁuiḃ, Iósa Mac Dé, congṁam go daingean ar nadṁáil.

15 Oír ní ḃfuil árdsagart aguinn ris náċ féidir ar néugcruáis a ṁóṫuġaḋ; aċd air ar cuireaḋ cáṫuġaḋ sna huile neiṫiḃ a gcosaṁlaċd rinn, gan ṗeacaḋ.

16 Ar a naḋḃarsin déunam maill ré doṫċas go hárdċaṫáoir na ngrás, ċum trócaire do ġnoḋúġaḋ, agus ġrás dfaġáil dúinn ċum furtaċda a nám ríaċdanais.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan