Neaḃruiḋeaċ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III Muna ccreidiom Díosa, neaċ rug barr ar Maóisi, 7 buḋ truime ḋúine, na an smaċd fuáir Israel crúaḋ-ċroiḋeaċ. 1 Uime sin, a ḋearḃráiṫre náoṁṫa, agá ḃfuil ḃur gcuid ranna don ġairm neaṁḋa, tuguiḋ ḋá ḃur náire Absdal agus Ardṡagart ar nadṁála, eaḋon Iósa Críosd. 2 Noċ do ḃí díleas don tí do órduiġ é, aṁuil do ḃí Máoisi fós ann a ṫiġsean uile. 3 Oír measdar gur fíu an fearsa glóir as óirḋearca ná Máoisi, an ṁéid gur mó onóir an tí ṫógḃas an tíġ, ná an tíġ é féin. 4 Oír ní ḃfuil tíġ ar bíṫ naċ duine éigin ṫógḃus é; agus an tí do ṫóg na huile neíṫe sé Día é. 5 Agus go deiṁin do ḃí Máoise díleas ann a ṫíġsean uile, mar ṡearḃḟoġantuiġ, ċum fíaḋnuise na neíṫeann do ḃí ċum a laḃarṫa; 6 Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne. 7 Uime sin aṁuil a deir an Sbiorad Náoṁ, a niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, 8 Ná crúaiḋiġe ḃur ccroíḋṫe, aṁuil a ló na díḃfeirge, eaḋon lá an ċaṫaiġe sa ḃfásaċ: 9 Sa náit ar ċuireadar ḃur náiṫreaċa caṫúġaḋ óram, ar ḋearḃadar mé, agus a ḃfacadar moibreaċa ar feaḋ ḋá ḟiċead blíaḋan. 10 Uime sin do ḃí ro ḟearg oram ris an gcineaḋ sin, agus a duḃairt mé, Atáid síad do ġnáṫ ar seaċrán ann a gcroiḋe; agus ní ḃfúaradar eólas mo ṡliġeaḋsa. 11 Ionnus go dtug mé mionna um ḟeirg, Náċ raċdáois a steaċ am ṡuáiṁnios. 12 Tuguiḋ aire riḃ, a ḋearḃráiṫre, náċ mbiáiḋ ḋroċ ċroíḋe gan ċreideaṁ ag éinneaċ aguiḃ uáir ar biṫ, ré dtuitfeaḋ siḃ ón Día ḃeó. 13 Aċd teagusguiḋ a ċéile go láeṫ eaṁuil, an feaḋ ġoirṫear An lá niúġ ḋe; deagla éanduine aguiḃ do ḋul a gcrúas tré ṁealltóireaċd an ṗeacuiḋ. 14 Oír atá ar gcuid do Ċríosd aguinn, má ċongṁamáoid go diongṁálta céudṫosaċ ar muiniġine go teaċd don ċriċ ḋeiġeanuiḋ; 15 An feaḋ a deirṫear, A niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, ná cruáiḋiġe ḃur ccróiḋṫe, aṁuil a ló na díḃfeirge. 16 Oír ar na ċluinsin, do ḋruing áiriġe, do ḃrósduiġeadar: bíoḋ náċ dearnadar uile an ṁéid ṫáinic as a Néigipt tré Ṁáoise mar sin. 17 Aċd cía an dream ré a raiḃ a ḟearg ar feaḋ ḋá ḟiṫċead blíaḋan? an é náċ ris an druing do ṗeacuiḋ, agár ṫuiteadar a gcuirp sa ḃfásaċ? 18 Agus cía an dream ḋá dtug sé mionna náċ raċdáois a steaċ ḋá ṡuáiṁnios, aċd aṁáin don luċd do ḃí easúṁal? 19 Agus do ċímid nar ḃféidir ríu dul a steaċ tré ṁíċreideaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society