Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Ata Críosd fos ion-Uṁluġaḋ dó, 7 ḃríġ gur ġaḃ ar nadur breóite go braiṫreaṁail ċuige, 14 mar buḋ ḟéuḋmaṁail.

1 Ar a naḋḃarsa as cóir ḋúinn aire roḋúṫraċdaċ do ṫaḃairt do na néiṫiḃ do ċúalamar, deagla a ligṫe ṫrínn dúinn uáir ar biṫ.

2 Oír má ḃí an ḃríaṫar do laḃraḋ tres na haingliḃ seasṁaċ, agus má fuáir gaċ uile ċoir agus easúṁlaċd an lúaċ sáoṫair do ḋliġeadar;

3 Cionnas raċmáoidne as, má ḃíonn neaṁṡuim aguinn ann a ċoṁór so do ṡlánuġaḋ; noċ do tionnsgnaṁ do ṡeanmóruġaḋ ar tús ris an Dtíġearna féin, agus do deiṁniġeaḋ ḋúinn ris an druing do ċúaluiḋ é;

4 Ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ coiṁḟíaḋnuise ríu, maille ré cóṁarṫuiḃ agus ré hiongantuiḃ, agus ré súḃailciḃ éugsaṁla, agus ré tioḋlaiciḃ an Sbiorad Náoiṁ, do réir a ṫola féín?

5 Oír ní ṫug sé do na haingliḃ ceannas an tsáoġáil atá ċum teaċda, ar a ḃfuilmidne ag laḃairt liḃ.

6 Aċd do rinne neaċ a nionad áiriġe fíaḋnuise, ag ráḋ; Créd é an duine, go mbeiṫ coiṁne agad air? nó mac an duine, go mbíaḋ dúil agad ann?

7 Do rinne tú é feaḋ sealuid ḃig ní sa ísle ná na haingil; do ċuir tú coróin ġlóire agus onóir air, agus do ċuir tú é ós cionn oibreaċ do láṁ:

8 Do ċuir tú na huile neiṫe síos fá na ċosuiḃ. Oir ar gcur na nuile neiṫeann fáoi ḋó, níor ḟág sé éinní gan ċur fáoi. Giḋeaḋ ní ḟaicmíd a nois go fóill na huile neiṫe fá úṁlaċd dó.

9 Aċd do ċímid Iósa, ar ḃfáġáil ċoróine glóire agus onóra, noċ do rinneaḋ feaḋ sealuid ḃig ní sa ísle ná na haingil tré ḟulang an ḃáis; ionnas go mblaisfeaḋ sé tré ġrás Dé bás ar son gaċ áoin.

10 Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.

11 Oír an tí náoṁus agus an dream do niṫear náoṁṫa is ó aon íad uile: uime sin ní ġaḃann aḋnáire é fá ḋearḃráiṫriḃ do ġairm ḋíoḃ,

12 Ag ráḋ, Foillseóċuiḋ mé hainm dom ḋearḃraiṫriḃ, molfuiḋ mé ṫú maille ré ceól a meaḋón na heagluise.

13 Agus a ris, Cuirfe mé mo ṁuiniġin ann. Agus a rís, Féuċ misi agus an ċlann tug Día ḋaṁ.

14 Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ġaḃ seision mar an gcéudna a ċuid díoḃ sin ċuige; ċum an tí agá ḃfuil cúṁaċd an ḃáis, éaḋon an díaḃal, dionnarbaḋ ḋó tré ḃás;

15 Agus ċum sáoirsi do ṫaḃairt don ṁéid do ḃí feaḋ a mbeaṫa tré ḟaitċeas an ḃáis fá ċuing ḋáoirse.

16 Oír go deiṁin ní hé nadúir na naingeal do ġaḃ sé uime; aċd a sé nadúir Abraham do ġaḃ sé uime.

17 Air a naḋḃarsin bá cóir ḋó ḃeiṫ cosṁuil ré na ḋearḃráiṫriḃ sna huile neiṫiḃ, ionnus go mbíaḋ sé trócaireaċ agus na ardṡagart díleas sna neiṫiḃ ḃeanas ré Día, ċum an ṗubail do ġlanaḋ ó na bpeacaiḋiḃ maille ré na ioḋbairt.

18 Oír do ḃríġ air ḟúlaing sé an tan do ċuireaḋ cáṫuġaḋ air, is féidir leis caḃair do ṫáḃairt don druing ar a gcurṫar cáṫuġaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan