Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII Buánuġaḋ na náoiṁ-ṫeaguisg.

1 Bioḋ gráḋ bráiṫreaṁuil go coṁnuiġeaċ eadruiḃ.

2 Ná dearmaduiġ aóiḋeaċd ṫaḃairt do ċóímṫiġaċuiḃ: óir dá réir so tugadar dream áiriġe aóiḋeaċd daingliḃ gan ḟios dóiḃ féin.

3 Bíoḋ cuiṁne aguiḃ ar an druing atá ceangailte, aṁuil coiṁċeangailte riu; agus ar an druing ḟuilngeas anṡóġ, ar mbeiṫ ḋíḃ féin fós sa gcoluinn.

4 As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.

5 Seaċnuiḋ siḃ féin ar ṡaint; go maḋ lór liḃ na neiṫe atá a laṫair aguiḃ: oír a duḃáirt sé, Ní ḋealoċa mé riot, agus ní ṫréigfead ṫú.

6 Ionnus gur féidir linn a ráḋ go dána, Sé an Tíġearna mfear caḃarṫa, agus ni ḃiáiḋ eagla oram fá ní ḋar féidir do ḋuine ḋéunaṁ oram.

7 Bíoḋ cuiṁne aguiḃ ar luċd ḃur dtréoruiġe, noċ do laḃair bríaṫar Dé riḃ: agus leanuiḋ ḋá gcreideaṁ, ag taḃairt aire ré críoċ a gcoinḃearsáide:

8 Iósa Críosd a né, agus niuġ, agus go síorruiḋe an ccéudna.

9 Ná gluáisdear siḃ fá gcuáirt ré teagusguiḃ éugsaṁla coiṁṫiġeaċa. Oir as maiṫ an croíḋe ḃeiṫ diongṁálta a ngrás; ní a mbíaḋuiḃ, naċ deaċuiġ a dtarḃa don druing do ġnáṫuiġ íad.

10 Atá altóir aguinne, dá naċ ḃfuil a gcúṁaċdaiḃ na druing do ní seirḃis don tabearnácail ní íṫe.

11 Oír na hainṁinntiġe, agá mbeireann an tárdsagart a ḃfuil leis a steaċ don níosdaḋ náoṁṫa ar son peacaḋ, loisgṫear a guirp don táoḃ a muíġ don ċampa.

12 Uime sin do ḟúlaing Iósa an ṗáis mar an gcéudna, don táoḃ amuíġ don ġeata, ċum an ṗubail do náoṁaḋ ḋó ré na ḟuil féin.

13 Ar a náḋḃarsin imṫiġeam amaċ as an gcampa ċuigesion, ag iomċur masla air a ṡon.

14 Oír ní ḃfuil caṫair ċoṁnuiġeaċ aguinn ann so, aċd atá iarruiḋ aguinn ar an gcaṫruiġ atá ċum teaċda.

15 Uime sin foráileam ṫrídsion do ġnáṫ íoḋbairt ṁolta do Ḋía, eaḋon toraḋ na mbéol adṁuiġeas a ainm.

16 Ná dearmaduiġ maiṫ agus cúmann do ḋéunaṁ: óir dí dúil ag Día ann a saṁuil sin díobarṫuiḃ.

17 Táḃruiḋ úṁlaċd do luċd ḃur dtréoruiġṫe, agus ísliġe siḃ féin dóiḃ: óir bíd siad ag faire ḃur nanmann mar an luċd ḃéuras conntas úaṫaḋ, ċum so do ḋéunaṁ ḋóiḃ maille ré gáirdeaċas agus ní ré hosnaiġiḃ: óir as neaṁṫarḃaċ ḋíḃse so.

18 Déunuiḋ úrnuiġe air ar soinn: óir is muiniġneaċ sinn as coinnsías maiṫ do ḃeiṫ aguinn, ar mbeiṫ fonnṁar ḋúinn ar sinn féin diomċar go cuḃaiḋ sna huile neíṫiḃ.

19 Agus as móide ṡírim so oruiḃ, ionnus go maḋ lúaṫaide ġeáḃus siḃ mé aiseag ḋíḃ a rís.

20 Agus Día na síoṫċana, tug air ais ó ṁarḃuiḃ an Tíġearna Iósa, árdáoḋaire na gcáoraċ, tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorruiḋe,

21 Go ndéuna sé siḃ diongṁalta sa nuile deaġobair, ċum a ṫola do ḋéunaṁ, ag oibriuġaḋ ionnuiḃ an neiṫe as geanaṁuil na ḟíaḋnuise, tré Iósa Críosd; dá ḃfuil glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.

22 Iarruim fós daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫre, bríaṫar an tsóláis dfúlang ḋíḃ: óir do sgríoḃ mé go haiṫġearr ċúguiḃ.

23 Bíoḋ a ḟios aguiḃ gur sgaóileaḋ an dearḃráṫair Timotéus; an tí, ré a raċa mé ḃur ḃféuċáin, má ṫig sé go goirid.)

24 Teannuiḋ riḃ ḃur nuile luċd tréoruiġe, agus na naóiṁ uile. Cuirid na Headáilliġ a mbeannaċd ċuguiḃ.

25 Grása maille riḃ uile. Amén

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan