Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII Tré eisiomplar Ċríosd agus na náoṁ, lé feaḃas na tiomna nuaiḋ tar an tsein-tiomna ata sair-ḋiaġaċt aga ḃrosduġaḋ.

1 Ar a náḋḃarsin ó ṫárrla a ċoṁmór sin do néull fíaḋnuiseaḋ ar dtimċiollne mar an gceudna, ag cur gaċ uile ṫruim ḋínn, agus an ṗeacuiġ leanus din go héusguiḋ, rióṫam maille ré foiġid ċum ċin na coiṁleanga atá roṁuinn,

2 Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.

3 Oír smuáiniġ riḃ féin ar an tí úd do ḟulaing a ṡaṁuil sin do ċaint do ċurn a aguiḋ féin ó ṗeacaċuiḃ, deagla ḋul a dtuirse agus a nanḃfainne ḋiḃ ann ḃur ninntinniḃ.

4 Níor ṡeasaḃair fós go fuil, ag caṫúġaḋ a naġuiḋ an ṗeacuiḋ.

5 Agus a né gur ḋearmuid siḃ a foirceadal laḃras riḃ aṁuil ré cloinn, A ṁic, ná bíoḋ neaṁṡuim agad a smaċd an Tíġearna, agus ná téiḋ a nanḃfainne an tan ċrónuiġeas sé ṫú:

6 Oír smaċduiġe an Tíġearna an tí ġráḋuiġeas sé, agus sgíurfuiḋ sé gaċ mac ré ngaḃann sé.

7 Dá ḃfuilnge siḃ smaċduġaḋ, atá Día ḋá ḟoráileaḋ féin oruiḃ aṁuil air ċloinn; oír cía hé an mac naċ smaċduiġeann an taṫair?

8 Aċd dá raiḃ siḃ gan an smaċduġaḋ, roinntear ris na huiliḃ, go deiṁin as basdaird siḃ, agus ní maca.

9 Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?

10 Oír do ḃádarson dár smaċduġaḋne beagan láeṫe réir a dtola féin; aċd ċum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náoṁṫaċd san.

11 Aċd ní cosṁuil smaċduġaḋ air biṫ ré heaḋ na nuáire sin do ḃeiṫ solásaċ, aċd dólasaċ: giḋeaḋ do ḃeir sé na ḋiáiġ sin toraḋ smuáiṁneaċ na fíréuntaċda don druing ċleaċdas é.

12 Uime sin tógḃuiḋ súas na láṁa díoṁaóineaċ, agus na glúine gan sbracaḋ;

13 Agus déunuiḋ céimniuġaḋ díreaċ ré ḃur gcosuiḃ, deagla a neiṫe atá bacaċ do ċláonaḋ as a tsliġe; aċ go maḋ táosga leiġéosaiḋ é.

14 Leanuiġ síoṫċain ris na huile ḋaóiniḃ, agus náoṁṫaċd, óir gan í ní ḟaicfiḋ éinneaċ an Tíġearna.

15 Taḃruiḋ aire riḃ fá gan áoinneaċ aguiḃ do ċláonaḋ ó ġrás Dé; fá gan fréuṁ ṡearḃuis ar biṫ do ḟás súas dá ḃur mbuáiḋreaḋ, trés a ndéuntaói morán neaṁġlan;

16 Deagla go mbíaḋ éinneaċ na sdríopuiġ, ná neiṁḋíaġa, mar Esau, noċ do reac a ċeart óiġreaċda ar son éinċinn aṁáin bíḋ.

17 Oír atá a ḟios aguiḃ an tan bá mían rís fós ná ḋiáiġ sin, an ḃeannaċd ḟaġáil mar oiġreaċd, gur diultaḋ é: óir ní ḃfuáir sé áit aiṫriġe, bíoḋ gur íarr sé í maille re déuruiḃ.

18 Oír ní ċum an tsléiḃ ṫangaḃair ré a ḃféudtar cumailt, ná ċum na tíneaḋ lasarrġa, ná ċum na sdoirme, ná an dorċaduis, na an gairḃṡíain,

19 Ná ċum fuáime an sduicm bá ġóṫa na mbríaṫar; agár ṡireadar an dream do ċúaluiḋ é daṫċuinge gan an ḃríaṫar do laḃairt ríu féin ní sa ṁó:

20 Oír níor ḃfeidir ríu an ní do ḃí ar na áiṫne ḋíoḃ diomċar, Agus dá mbeanuiḋ fíu a nainṁiḋe féin ris a tslíaḃ, géuḃṫar do ċloċuiḃ air, nó ġaḃuiḋ sé a ṫollaḋ ré gaṫ:

21 Agus do ḃí an ní do ċonncadar coṁúaṫḃasaċ sin, go nduḃairt Maóise, Atáim lán dfaitċeas agus do ċríṫ:

22 Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,

23 Agus ċum an coiṁṫionóil ġinearalta agus eagluis gaċa ċéidġine, noċ atá sgríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé breiṫeaṁ na nuile, agus ċum spíorad na ḃfiréun ndiongṁálta,

24 Agus ċum Iósa eidirṁeaḋontóir na tiomna nuáiḋe, ċum na fola do craiṫeaḋ, laḃrus neiṫe as fear na é sin Abéil.

25 Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?

26 Agá ċríoṫnuiġ an talaṁ a nuáir sin ré na ġúṫ: agus a nois tug sé geallaḋ úaḋ, ag ráḋ, Fós éunuáir eile cuirfe mé ní hé aṁáin an talaṁ ar criṫ, aċd neaṁ mar an gcéudna.

27 Agus foillsiġiḋ an ráḋ so, Fós éunuáir eile, áṫruġaḋ na neiṫeann atá neiṁṡeasṁaċ, mar atá na neiṫe do rinneaḋ, ionnus go mbiaḋ na neiṫe doġlúaisde coṁnuiġeaċ.

28 Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:

29 Oír as teine ḋíanloisgeaċ ar Ndíane.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan