Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X Adṁáil ċreidiṁ Ċríosd (neaċ ṡáruiġ ar an uile) 19 do ċongṁail go foiġideaċ, socraċ.

1 Oir ar mbeiṫ do sgáile na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda ag an reaċd, agus ní dealḃ fíre na neiṫeann féin, ní féidir leis ċoiḋċe na druinge ṫig ċuige do náoṁaḋ ris na hioḋbarṫuiḃsin ḃíd ḟóráil do ġnáṫ gaċa blíaḋna.

2 Nó go deiṁin do ċoisgfeidís dá ḃeiṫ ḋá ḃforáil? do ḃríġ ar mbeiṫ do luċd na nioḋbarṫaḋsin dforáil ar na nglanaḋ éunuáir aṁáin, naċ bíaḋ ní sa ṁó coinnsías ṗeacuiġ aca.

3 Aċd sna hioḋbarṫuiḃ sin do níṫear aṫċoiṁniuġaḋ na bpeacaḋ gaċa blíaḋna.

4 Oír ní féidir dfuil ṫarḃ agus ġaḃar na peacuiġ ċur ar gcúl.

5 Uime sin ag teaċd dó ċum a tsáoġáil, a deir sé, Níor ḃáil leaċd ioḋbairt ná ofráil, aċd do ċum tú corp ḋaṁsa:

6 A níoḋbarṫuiḃ loisge agus a nioḋbarṫuiḃ ar son ṗeacuiḋ ní raiḃ fonn agad.

7 A duḃairt misi an tan sin, Féuċ, atáim ag teaċd (a dtosaċ an leaḃair atá sgríoḃṫa oram,) ċum do ṫolasa do ḋéunaṁ, a Ḋé.

8 Ar na ráḋ ṡúas dó, Níor ḃáil leaċd do ioḋbairt ná ofráil ná ioḋbarṫa loisge ná ioḋbarṫa ar son ṗeacuiġ, agus ní raiḃ fonn agad ionnta; (noċ do niṫear ḟoráil réir an reaċda;)

9 A duḃairt seision an tan sin, Féuċ, atáim ag teaċd ċum do ṫolasa do ḋéunaṁ, a Ḋé. Cuiriḋ sé an céud ní ar gcúl, ċum an dara neiṫe do ṡeasaḋ ḋó.

10 An toil ré a ḃfuilmídne air ar ndéunaṁ náoṁṫa tré íoḋbairt ċúirp Iósa Críosd éunuáir aṁáin.

11 Agus seasuiḋ gaċ sagart go láeṫeaṁuil ag miniosdrálaċd agus ag ofráil na níoḋbarṫaḋ gcéudna go minic, ris naċ féidir ċoíḋċe peacuiḋ ċur ar gcúl:

12 Aċd ar ḃforáileaḋ éin ioḋbarṫa aṁáin ar son na bpeacaḋ, don tise, do ṡuiġ sé ar deis Dé, go síorruiḋe;

13 Ag fuireaċ ó sin amaċ nó go gcurṫar a naiṁde na sdól cos faói.

14 Oir do rinne sé diongṁálta go síorruiḋe ré héin ioḋbairt aṁáin an dream atá ar na náoṁaḋ.

15 Agus do ní an Sbiorad Náoṁ mar an gcéudna fíaḋnuise ḋúinn: óir ar na ráḋ ḋó roiṁe,

16 Ag so an connraḋ ḋéunas mé ríu a ndiáiġ na laeṫeaḋ úd, a deir an Tiġearna, Cuirfe mé mo ḋliġṫe ann a gcroiḋṫiḃ, agus sgríoḃṫad íad ann a ninntinneaċuiḃ;

17 Agus cuirfe mé a bpeacuiḋ agus a nandliġṫe as mo ċoiṁne feasda.

18 Agus sa náit ann a ḃfuil maiṫeaṁnas na neiṫeannso, ní ḃfuil ioḋbairt ar son ṗeacuiḋ ann ní sa ṁó.

19 Ar a naḋḃarsin, a ḋearḃráiṫre, ó atá sáoirse aguinn ré ḋul a steaċ don naóiṁiosdaḋ tré ḟuil Iosa,

20 An tsliġe núaḋ ḃéo, noċ do ullṁuiġ sé ḋúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a ráḋ, agus tré na ḟeóil féin;

21 Agus tré ṡagart mór agá ḃfuil ceannas ṫiġe Dé;

22 Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.

23 Congṁam gan ċorruiḋe adṁáil ar muiniġne; (óir as díleas an tí ṫug geallaḋ ḋúinn:)

24 Agus tugam aire ḋá ċéile ionnus go mbéam ḋár mbrosduġaḋ féin ċum gráḋa agus deaġoibriġeaḋ:

25 Gan tréigean an ċoṁċruinniġe do níomaóid a gceann a ċeile, do réir nóis ḋruinge áiriġe; aċd ag teagusg a ċéile: agus go maḋ móide ḋéanam sín, an ṁéid as léir ḋiḃ an lá úd ag drúd rinn.

26 Oír dá bpeacuiġeam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ġaḃáil ċuguinn, ní ḟagṫar íoḋbairt aguinn ní sa ṁó ar son na bpeacaḋ,

27 Aċd feiṫeaṁ báoġlaċ ris an mbreiṫeaṁnus agus ré teas na teineaḋ, noċ ṡluigfeas na náṁuid.

28 An tí do rúg tarcuisne air reaċd Ṁaóise do ġeiḃ sé bás gan truáiġe tré ḟíaḋnuise deise no ṫír:

29 An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?

30 Oir as aiṫniġ ḋúinn an tí a duḃairt, Is leamsa dioġaltus do ḋéunaṁ, do ḃéur cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna. Agus a rís, Do ḋéana an Tíġearna breiṫeaṁnus ar a ṗobal.

31 As ní roḃáoġlaċ tuitim a láṁuiḃ an Dé ḃí.

32 Bíoḋ aṫċoiṁne aguiḃ a rís ar na laeṫiḃ do ċuáiḋ ṫoruiḃ, ann a raḃaḃair tar éis ḃur soillsiġe ag fulang ṫroda móire a ṁuáiḋearṫuiḃ;

33 Cuide de, an tan do rinneadar cáċ sgaṫán díḃ maille ré masla agus ré buáiḋearṫuiḃ; agus cuid eile, an tan do rinneaḋ siḃ ḃur gcompánuiḃ don druing do ḃí sa rioċd ċéudna sin.

34 Oír do ḃaḃair ag fulang má ráon ríomsa um ġéiḃeannuiḃ, agus do ġaḃaḃair ċuguiḃ go luaṫġáireaċ fáḋḃaḋ ḃur máoine, ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ ionnuiḃ féin go ḃfuil maóin ṡíorruiḋe as fearr ná sin aguiḃ ar neaṁ.

35 Uime sin ná téilgiḋ uáiḃ ḃur muiniġin adṁálaċ, agá ḃfuil mórlúaċ sáoṫair.

36 Oir atá foiġid na ríaċdanus oruiḃ, ionnus ar ndéunaṁ tola Dé ḋíḃ, go ḃfuiġe siḃ toraḋ na geallaṁna.

37 Oír sealad ro ḃeag go fóill, tiucfaiḋ an ti atá ċum teaċda, agus ní ḋéuna sé muill.

38 Agus mairfiḋ an fíréun tré ċreideaṁ: giḋeaḋ má ṫéid sé air ccúl, ní ḃfuiġe manamsa fonn ann.

39 Giḋeaḋ ní sinne an drung ṫéid air ccúl ċum dámnuiġṫe; aċd ċreideas ċum a nanma ṡlánúġaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan