Nahum 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Iaḋaḋ agus airgeaḋ Nineḃeh, leis na Caldeánaċaiḃ. 1 An té ḃrisios a mbloḋuiḃ ṫáinic sé as coinne haiġṫe: taisgiḋ an daingion, coiṁéad an tsliġe, déana do leasraċ láidir, neartuiġ do ċuṁaċda go láidir. 2 Oír do ċuir an TIĠEARNA oirḋearcus Iácob ar ccúl, mar oirḋearcus Israel: óir do ḟolṁuiġeadar luċt a nfolṁuiġṫe íad amaċ, agus do ṁilleadar a mbeangáin fíneaṁna. 3 Do rinneaḋ scíaṫ a ḋáoineaḋ neartṁara dearg, atáid na fír ċúrata a scairléad daite: biáid na carbuid maille ré tóirsiġiḃ lasaṁla a ló a ullṁuiġṫe, agus béid na crainn ġiuṁuis ar crioṫ go húaṫḃásaċ. 4 Béid na carbuid ar buile annsna sraidiḃ, gleicfiḋ gaċ díoḃ ré ar oile annsna sliġṫiḃ leaṫna: taisbeanfuid aṁuil tóirsiḃ, rioṫfuid cosṁuil ré teine. 5 Aiṫṁeasfuiḋ sé a ḋaóine onóraċa: do ġeaḃuid síad tuisleaḋ iona siuḃal; do ḋéanuid deiṫnios ċum a ḃallasin, agus gléasfuiġear a ḋaingean. 6 Oisceoltar geataḋa na sroṫann, agus scaóilfiġear an pálás. 7 Agus béarṫar Husab ar siuḃal a láiṁ, do ḃéarṫar súas í, agus tréoroċuid a cailíniġ í aṁuil buḋ le gúṫ colum, ag búalaḋ a noċta. 8 Aċt atá Nineḃeh ó nallód cosṁuil ré lóċán uisce: giḋeaḋ teiṫfid rompa. Seas, seas, éiġfid síad; aċt ni ḟéuċfuiḋ éanduine ná ḋiáiġ. 9 Glacaiḋ siḃsi a néadáil airgid, glacaiḋ a néadáil óir: óir ní ḃfuil críoċ air an stór agus glóir amaċ as an ttrealaṁ mbreáḋa. 10 Atá sí folaṁ, agus fáon, agus na fásaċ: agus leaġoiḋ an croiḋe, agus buailid na glúine a ċéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasraċuiḃ, agus cruinniġiḋ a naiġṫe uile duiḃe. 11 Cáit a ḃfuil coṁnuiġe na leoṁan, agus ionad beaṫa na leoṁan óg, mar a siuḃluiġionn leoṁan, eaḋon an seinleoṁan, agus cuiléin na leoṁan, agus ní ċuirionn duine ar bioṫ eagla orra? 12 Dfúaduiġ an leoṁan go lór da ċuiléanuiḃ, agus do ṫeaċd sé dá leoṁanuiḃ buinionna, agus do líon sé a úaṁa lé creiċ, agus a ṗruċlais lé fúadaċ. 13 Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus loiscfíḋ mé a carbuid a ndeataċ, agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ a leoṁuin óga: agus géarrfa mé do ċreaċ ón ttalaṁ, agus ní cluinfiġear guṫ do ṫeaċtaḋ ní is mó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society