Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Nahum 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Morḋaċt Dé taisbeanta iona ċaírdeas dá ḋaóiniḃ, agus a ndíoġaltas ḋá naiṁdiḃ.

1 Ualaċi Nineḃeh. Leaḃar fise Nahum an Telcositeaċ.

2 Atá Día éudṁar, agus do ní an TIĠEARNA dioġaltas; atá an TIĠEARNA dioġaltaċ, agus fíoċṁar; dó ḋéanuiġ an TIĠEARNA dioġaltas ar a naiṁdiḃ, agus taisciḋ sé géarsmaċt dá easccáirdiḃ.

3 Atá TIĠEARNA mall ċum feirge, agus mór a ccuṁaċdaiḃ, agus ní ṡáorfa sé ar aonċor an droċ ḋuine: atá a ṡliġe aig an TTIĠEARNA annsa ġaóiṫ ġuáirdeáin agus annsa stoirim, agus a síad na néulla lúáiṫreaḋ a ċos.

4 Imḋeargaiḋ sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuiġiḋ sé súas na sroṫa uile: anḃfainniġ Básan, agus Carmel, agus críonuiḋ bláṫ Lebanon.

5 Creaṫuid na sléiḃte roiṁe, agus leaġaid na cnuic, agus loiscṫear an talaṁ re na raḋarc, a seaḋ, an doṁan, agus a nuile ní áitreaḃus ann.

6 Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.

7 Is maiṫ an TIĠEARNA, caisléan daingion a ló na buáiḋearṫa; agus aiṫniġ sé an drong ḋóṫċusuiġios ann.

8 Aċt cuirfiḋ sé deireaḋ iomlan ré na áit le tuile raḃarṫa, agus leanfuiḋ dorċadus a naiṁde.

9 Cred smuáintiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA? do ḋéanuiḋ sé críoċnuġaḋ iomlán: ní éireoċuiḋ buáiḋreaḋ súas an dara huáir.

10 Oír an feaḋ ḃéid fillte air a ċéile mar ḋroinġne, agus an feaḋ ḃéid ar meisce aṁuil luċt meisce, loiscfiġear íad aṁuil connlaċ láinṫirim.

11 Atá áon ṫáinic asad amaċ, smuáineas olc a naġaiḋ an TIĠEARNA, droċċoṁairleaċ.

12 Is marso a deir an TIĠEARNA; Má tá go ḃfuilid suáiṁneaċ, agus fós iomadaṁuil, giḋeaḋ is marso ċuirfiġear síos íad, an tan raċus sé ṫríd. Mátá gur ṗían mé ṫú, ní ṗíanfa mé ṫú ní sa mbó.

13 Oír anois brisfiḋ mé a ċuing ḋíot, agus brisfime do ċuiḃreaċ ó ċéile.

14 Agus ṫug an TIĠEARNA fúagra dot ṫaóiḃ, ċor naċ síolcuirfiḋ ní is mó dot ainm: geárria mé amaċ as tiġ do ḋée an nioṁáiġ ġreanta agus an níoṁáiġ leaġṫa: do ḋéana me huáig; óir atá tú beagluáiġ.

15 Feuċ air na sléiḃtiḃ cosa an té do ḃeir nuáiḋeaċta maiṫe leis, ḟuagras síoḋċáin! a Iúdah, coimbéad do ḟéastaḋa sollamonta, coṁaill do ṁóide: óir ní ġéaḃuiḋ an droċḋuine ní sa mó ṫríod; do gearraḋ amaċ go hiomlan é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan