Micah 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Is coṁṫruailliġ sin anois staid na ndaoine, naċ ḃfuil dearḃċaraid ar biṫ ion‐táoḃaḋ ris, aċ Día an Tiġearna. 1 Mo ṫruáiġe misi! óir atáim aṁail an tan do ċruinniġeadar na tórṫa saṁruiġ, mar ḋioġluim cáor aimsire cnúasuiġ na ttarpán: ní ḃfuil tarpán air bioṫ ré iṫe: atá manam ag íarruiġ an ċéadṫoruiġ abuiḋ. 2 Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon. 3 ¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é. 4 Atá an té is féarr aca mar ḋreis: is géire an té is fíréunta ná fálḋos: atá lá ṫfear faire agus do ċúarta ag teaċt; anois ḃías a mbuaiḋreaḋ. 5 ¶ Ná dóṫċusaiġ a ccaruid, ná cuiriḋ dóṫċus a néoluiḋe: coiṁéad doirsi do ḃeil ón ṁnaói luiġios ann huċt. 6 Oír easónoruiġ an mac an taṫair: éirġiḋ a ninġean súas a naġaiḋ a maṫar, bean an ṁic a naġaiḋ a bainċleaṁna; agus a síad naiṁde duine luċt a ṫiġe féin. 7 Uimesin féuċfa misi ċum an TIĠEARNA; feiṫṁiḋ mé air Ḋía mo ṡlánuiġṫe: cluinfiḋ mo Ḋía mé. 8 ¶ Ná gáirdiġ am aġaiḋ, ó mo náṁuid: a nuáir ṫuitfios mé, éireoċa me; an tan ṡuiġfios mé a ndorċadus, biáiḋ an TIĠEARNA na ṡolus daṁ. 9 Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus. 10 Annsin do ċífiḋ an ḃean is náṁa ḋaṁ é, agus foileoċuiḋ náire ise, noċ a duḃairt riom, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA do Ḋía? do ċífid mo ṡúile í: anois sailteorṫar síos í mar laiṫiġ na sráideann. 11 Annsa lo a mbéid do ḃallaḋa dá ccur súas, annsa ló sin áṫroċṫar go fada an tórduġaḋ. 12 Annsa lósin fós tiucfa sé ort ón Nassíria, agus ó na caiṫreaċaiḃ daingne, agus ón ċaisléan gus a naḃuinn, agus ó ḟairge go fairge, agus ó ṡlíaḃ go slíaḃ. 13 Ṫairis sin biáiḋ an talaṁ na ḟásaċ do ḃríġ na muinutire áitreaḃus innte, arson ṫoruiḋ a ngníoṁ. 14 ¶ Beaṫuiġ do ṁuinntir le do ṡlait, tréud hoiġreaċta, noċ ċoṁnuiġios go háonránaċ annsa ċoill, a lár Ċarmel: bíaṫaidís ann Básan agus an Gilead, mar annsna laéṫiḃ a nallod. 15 ¶ Do réir na laéṫeaḋ a ttáinic tú amaċ as críċ na Hégipte ṫaisbeanfas misi neiṫe iongantaċa ḋó. 16 Do ċífid na cineaḋaċa agus béid claóiḋte tar a nuile neart: cuirfid a láṁ air a mbéul, béid a cclúasa boḋar. 17 Liġfid an luáiṫreaḋ aṁuil naiṫir niṁe, corroċuid amaċ as a bpolluiḃ aṁuil péiste na talṁan: biáiḋ eagla an TIĠEARNA ar Ndía orra, agus biáiḋ eagla orra air do ṡonsa. 18 ¶ Cía an Día atá cosṁuil riotsa, ṁaiṫeas éigceart, agus léigios ṫairis sáruġaḋ íarsma a oiġreaċda? ná ċongṁann sé a ḟearg ċoiḋċe, do ḃríġ go ndúiliġionn sé a ttrócaire. 19 Fillfiḋ sé a rís, biáiḋ truáiġe aige ḋúinn; cláoiḋfiḋ sé ar neigceart; agus teilgfiḋ tú a ccionta uile a nduḃaigéan na fairge. 20 Coiṁeoluiḋ tú a nfírinne do Iácob, agus an trócaire do Abraham, noċ do ṁionnuiġ tú dar naiṫriḃ ó na laéṫiḃ a nallód. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society