Micah 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Na hioḋbarṫa ṫaitneaṁas re Día. 1 Eistiġsi anois an ní a deir an TIĠEARNA; Eiriġ, caṫaiġ anois as coinne na slíaḃ, agus cluindís na cnuic do ġuṫ. 2 Eístiġsi, a ṡléiḃte, imreasan an TIĠEARNA, agus siḃsi a ḃunáite láidre na talṁan: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA re na ḋaóiniḃ, agus taigeoruiḋ sé ré Hísrael. 3 O mo ṗobal, créd do rinne misi oruiḃ? agus créd ann a ndéarna mé tuirseaċ siḃ? fíaġnuiġiḋ féin am aġaiḋ. 4 Oír ṫug mé súas siḃ as críċ na Hégipte, agus dfúascail mé siḃ as tiġ na seirḃíseaċ; agus do ċuir mé roṁuiḃ Maóise, Aáron, agus Míriam. 5 O mo ṗobal, cuiṁniġiḋ a nois créd do ċoṁairliġ Balac ríġ Ṁóab, agus cred do ḟreagair Bálaam ṁac Beor ḋó ó Ṡittim go Gilgal; ċor go naiṫeontaóise fíréantaċt an TIĠEARNA. 6 ¶ Cioḋ le ttiucfa mé a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, agus lé ccláonfad mé féin a laṫair an Dé aird? an ttiucfa mé dá laṫair le hofráluiḃ loisge, le gaṁnuiḃ do ḃlíaḋain dáois? 7 An mbiáiḋ an TIĠEARNA toileaṁuil air ṁíltiḃ do reiṫiġiḃ, nó lé deiċ míle do ṡroṫaiḃ ola? an ttiuḃra mé mo ċéidġin arson mo ċiontaḋ, toraḋ mo ċuirp ar son ṗeacaiḋ manma? 8 Do ṫaisbéin sé ḋuit, a ḋuine, cred is maiṫ; agus créd íarrus an TIĠEARNA ort, aċt ceart do ḋéanaṁ, agus trócaire do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal go huṁal le do Ḋía? 9 Eíġiḋ gúṫ an TIĠEARNA air an ccaṫruiġ, agus do ċífiḋ fear na heagna hainm: éistiġsi an tslat, agus an té dórduiġ í. 10 ¶ An ḃfuilid fós ionnṁuis a nuile a ttiġ an ċiontuiġ, agus an miosúr gann atá aḋḟúaṫṁar? 11 An measfa mé glan íad leis na droċċoṁṫromuiḃ, agus le mála ċoṁṫrom meallta? 12 Oír atáid a ndaóine saiḋḃre sin lán dfoiréigion, agus do laḃradar a náitreaḃṫuiġ bréuga, agus is cealgaċ a tteanga iona mbéul. 13 Uimesin mar an ccéadna do ḋéana misi tinn ṫú lé do ḃúalaḋ, dot ḋéanaṁ áonránaċ do ḃríġ do ṗeacaḋ. 14 Iosuiḋ tú, aċt ní ḃiáiḋ tú sáiṫeaċ; agus biáiḋ do ṫeilgion síos ann do lár; agus ḃéaruiḋ tú greim, aċt ní ṡáorfa tú; agus do ḃéara misi an ní ṡáorfas tú don ċloiḋeaṁ. 15 Cuirfe tú síol, agus ní tú ḃeanfas; brúiġfiḋ tú crainn ola, aċt ní ungṫa tú ṫú féin lé hola; agus fíon milis, aċt ní ioḃṫa tú fíon. 16 ¶ Oír atá reaċt Omri ar na ċoiṁéad, agus uile oibreaċa ṫiġe Ahab, agus siuḃoluiġ siḃsi iona ccoṁairleaċaiḃ; ċor go ndéanuinnsi fásaċ ḋíot, agus magaḋ dá ḋúṫċusaiḃ: uimesin iomċorṫaói náire mo ṗobail. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society