Micah 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Beirṫe, oifig, agus úaċdranaċt Ċríosd. 1 Anois cruinniġ ṫú féin a slúaġaiḃ, a inġean na slúaġ: do ċuir sé foslongṗort re ar naġaiḋ: buáilfid síad breiṫeaṁ Israel le slait air an ngrúaiḋ. 2 Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda. 3 Uimesin seaċoduiġ sé súas íad, nó go ttíġ an tam a mbéara an ḃean ṫorraċ: annsin fillfiḋ fuiġioll a ḋearḃráiṫreaċ go cloinn Israel. 4 ¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan. 5 Agus buḋ é an fearso an tsíoḋċáin, an tan ṫiucfas an Tassírianaċ dar ttir: agus an tan ṡailteorus ann ar bpálásaiḃ, annsin tóigfeam móirṡeisior áoḋaireaḋ na aġaiḋ, agus oċtar do ḋaóiniḃ prinnsiopalta. 6 Agus fáiseoċuid síad tír na Hassíria leis an ccloiḋeaṁ, agus talaṁ Nimrod iona ḋula a steaċ: marso ṫáirṫeoċṫar sinn ó Nassiríanaċ, an tan ṫiucfas sé dar ttír, agus a nuáir ṡailteorus sé táoiḃ a stiġ dar tteórannuiḃ. 7 Agus biáiḋ íarsma Iácob a measc ṁóráin daóine aṁuil drúċt ón TTIĠEARNA, aṁuil ceaṫa air an ḃféur, naċ ḃfanann re duine, agus naċ ḃfeiṫionn air ṁacaiḃ na ndaóine. 8 ¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil. 9 Toigfiġear do láṁ súas ar do naiṁdiḃ, agus geárrfuiġear amaċ do naiṁde uile. 10 Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, go ngéarrfa misi heaċruiġ amaċ as do lár, agus go millfiḋ mé do ċarbuid: 11 Agus geárrfa mé amaċ caiṫreaċa do ḋúṫaiġ, agus teilgfiod síos do ḋaóine láidre: 12 Agus geárrfa mé piseóga amaċ as do láiṁ; agus ní ḃiáiḋ fáistiniġ agad ní is mó: 13 Geárrfa mé fós híoṁáiġe gráḃálta, agus híoṁáiġe feasta a maċ as do lár; agus ní aiḋeora tú ní is mó obair do láṁ. 14 Agus tairreonga mé a níos do ġarráin as do lár; marsin scriosfa mé do ċaiṫreaċa. 15 Agus do ḋéana mé dioġaltas a ḃfeirg agus a ndíḃḟeirg air na geintiḃ, a leiṫéid naċ ccúaladar a ríaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society