Micah 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Dísciornaċt na bprionnsa, 5 feall na bfáġ, 11 agus a suaiṁneas neaṁḟocraċ faraón. 1 Agus a duḃairt misi, Eistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ċeanna Iácob, agus siḃsi a ṗrionnsaḋa ṫiġe Israel; Naċ cóir ḋaóiḃse fios breiṫeaṁnuis do ḃeiṫ aguiḃ? 2 Noċ ḟúaṫuiġios an ṁaiṫ, agus ġráḋuiġios an tolc, noċ ṫairngios a ccroicionn díoḃ, agus a ḃfeóil dá ccnáṁuiḃ; 3 Noċ fós iṫios feóil mo ḋaóine, agus ḟeannus a ccroicionn díoḃ; agus brisid a ccnáṁa, agus gearruid na ccodċaiḃ, íad mar buḋ ċum an ṗota, agus mar ḟeóil annsa ċoire. 4 Annsin éiġfid síad ċum an TIĠEARNA, aċt ní éistfiḋ sé ríu: eaḋon foileoċuiḋ sé a aġaiḋ úaṫa san namsin, mar do iomċradar íad féin go holc iona ngníoṁuiḃ. 5 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na bfáġ ḃeir air mo ṗobal earráid do ḋéanaṁ, noċ ḃeirios greim re na ḃfíaclaiḃ, agus ḟúagrus, Síoṫċáin; agus ullṁuiġid cogaḋ a naġaiḋ an té, naċ ccuirionn ann a mbéul: 6 Uimesin biáiḋ a noiḋċe ḋíḃ, iondus naċ ḃfaicfiḋe fis; agus biáiḋ dorċa ḋíḃ, iondus naċ ḃfaistinfiġe; agus raċuiḋ an ġrían faói ós cionn na ḃfáġ, agus biáiḋ an lá dorċa ós a ccionn. 7 Annsin ḃías náire ar na feiṫṁeóiriḃ, agus buáiḋearṫar na fáistiniġ: fós, foileoċuid uile a mbéil; óir ni ḃfuil freagra air bioṫ ó Ḋía. 8 ¶ Aċt go deiṁin atáim lán do ċuṁaċtaiḃ maille ré spiorad an TIĠEARNA, agus do ḃreiṫeaṁnus, agus do ċumas, do ṫaisbeanaḋ a ṡáruiġṫe do Iácob, agus do Israel a ṗeacaḋ. 9 Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn. 10 Cuirid síad súas Sion le fuil, agus Ierusalem le héigceart. 11 Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn. 12 Uimesin treaḃoċṫar Sion ar ḃur sonsa aṁuil maċaire, agus biáiḋ Ierusalem na cárnuiḃ, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ árda na foraóise. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society