Micah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Is úaṫḃásaċ fearg Dé ḃí, anaġaiḋ aḋraḋ na ndée breige. 1 Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic go Micah an Morastiteaċ a laéṫíḃ Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríġṫe Iúdah, noċ do ċonnairc sé a ttaoḃ Ṡamária agus Ierusalem. 2 ¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa. 3 Oír, féuċ, tiucfuiḋ an TIĠEARNA as a áit, agus tiucfuiḋ a núas, agus sailteora sé air áitiḃ árda na talṁan. 4 Agus leagfuiġear na sléiḃte faói, agus scoiltfiġear na gleanta, aṁuil céir as coinne na teineaḋ, agus aṁuil na huisgeaḋa dóirtior síos re fánuiġ. 5 Ar son saruiġṫe Iácob atá so uile, agus ar son ṗeacaḋ ṫiġe Israel. Cred é sáruġaḋ Iácob? naċ í Samária? agus cred íad áite árda Iúdah? naċ í Ierusalem? 6 Uimesin do ḋéana misi Samária mar ċárn don ṁaċaire, agus ṗlannduġaḋ fineaṁna: agus dóirtfiḋ mé a cloċa síos annsa ġleann agus léigfe mé a duṫraċ ris. 7 Agus brisfiġear a híoṁáiġe greanta uile a mbloġuiḃ, agus loisgfiġear le teine a tuillṁiġ uile, agus leagfa mé a hioḋail uile áonránaċ: oir do ċruinniġ sí íad do ṫuilleaṁ meirdriġe, agus fillfid ċum tuillṁe meirdriġe. 8 Uimesin caóiḋfiḋ mé agus núallfuiḋ mé, imeoċa mé tárnoċd agus lomnoċd: do ḋéana mé gearán mar na draguin, agus cúṁa mar na hulċaḃcanuiḃ. 9 Oír is doileiġios a cneaḋ; óir ṫáinic sé go Iúdah; ṫáinic sé go géata mó ṗobail, eaḋon go Hierusalem. 10 ¶ Ná foillsiġ é ann Gát, ná guiliḋ ar áonċor: a ttiġ Aṗrah iompoiḋ ṫú féin annsa lúaiṫreaḋ. 11 Imṫiġ roṁad, a áitreaḃṫaċ Saṗir, ar mbeiṫ dod náire leis: ní ṫáinic Saanan amaċ a ngolġáir Ḃet‐esel; glacfuiḋ sé a ṡeasaṁ uáiḃsi. 12 Oír do ḟeiṫ áitreaḃṫaċ Márot go furaċair ar ṁaiṫ: aċt ṫáinic olc a núas ón TTIĠEARNA go geata Ierusalem. 13 O ṫusa a ḋúṫċusaiġ Laċis, ceangail an carbad don ḃeaṫaċ lúaṫ: isí is tosaċ peacaiḋ dinġin Sion: óir do fríṫ sáruiġṫe Israel ionnadsa. 14 Uimesin do ḃéara tú tioḋlaiceaḋa do Ṁor‐eset Ġát: biáiḋ tiġṫe Aċsib na mbréig do ríġṫiḃ Israel. 15 Ṫairis sin do ḃéara mé oiġre ċugad, a áitreaḃṫaċ Maresah: tiucfuiḋ sé go Adullam glóir Israel. 16 Déana máol ṫú, agus beárr ṫú féin air son do ċloinne breáġḋa; fairsingiḋ do ṁaóile mar a niolar; óir do ċúadar uáit a mbraiġdionas. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society