Marcus 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX Aṫruġaḋ cruṫ Iósa, 33 ré a ṫeagasc ar úṁla, 38 agus ar seirce. 1 Agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid dá ḃfuil na seasaṁ ann so do laṫair, naċ blaisdi bás, no go ḃfaicid síad ríoġaċd Dé ag teaċd maille ré cuṁaċduiḃ. 2 Agus a gcionn sé lá na ḋíaiġsin, rug Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin leis, agus do ṫréoruiġ sé íad na náonar fá leiṫ go slíaḃ ro árd: agus do háṫruiġeaḋ a ċrúṫ na ḃfíaḋnuisi: 3 Agus do ḃádar a éaduiġe dealruiġaċ, róġeal mar an sneaċta; a gcrúṫ náċ éidir lé háon ġlanadóir éaduiġe ar taluṁ a ngealaḋ. 4 Agus do taiḋḃreaḋ ḋóiḃ Elías maille ré Máoisi: agus do ḃádar ag coṁráḋ ré Híosa. 5 Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃairt sé ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: ar a naḋḃarsin déunam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Délías. 6 Oír ní raiḃ a ḟios aige créd do laiḃéoraḋ sé; óir do ḃádar ar criṫ ré heagla. 7 Agus do éiriġ néull do ċur sgáile na dtimċeall: agus táinic gúṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris. 8 Agus ar bféaċain na dtimċeall, go hobann dóiḃ, ní ḟacadar éin neaċ as sin súas, aċd Iósa na áonar na ḃfoċair. 9 Agus ag teaċd dóiḃ a nuas on tslíaḃ, do áiṫin sé ḋíoḃ gan na neiṫe do ċonncadar dinnisin déin neáċ, no go neiséirġeaḋ Mac an duine ó ṁarḃuiḃ. 10 Agus do ċongṁadar an glór sin aca féin, dá ḟiafruiġe ḋá ċeile Créad is ciall dó súd eiseirġe ó ṁarḃaiḃ. 11 Agus do ḟíafruiġeadar ḋeisean, ag ráḋ, Créd fá nabruid na sgriobuiḋe gur ab éigean Elías do ṫeaċd ar tús? 12 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Tig Elías go deiṁin ar tús, agus aiséoċaiḋ sé gaċ uile ní; agus mar a tá sgríoḃṫa a dtimċeall Ṁic an duine, Go gcaiṫfeaḋ sé mórán dfulang, agus ḃeiṫ fá neiṁċion. 13 Aċd a derimsi riḃ, Go dtáinic Elías go deiṁin, agus go ndearnadar ris giḋ bé ní do ṫogradar, mar a tá sgríoḃṫa air. 14 Agus ar dteaċd dó ċum a ḋeisciobal, do ċonnairc sé slúaġ mór ná dtimċeall, agus ná sgríobuiḋe ag diosbóireaċd ríu. 15 Agus ar an mball, a ḃfacaiḋ an slúaġ uile é, do ġaḃ úaṫḃás íad, agus ag riṫ ċuige do ċuireadar failte roiṁe. 16 Agus do ḟíafruiġ sé do na sgríobuiḋiḃ, Créd é an ní so ṫagarṫáoi eadruiḃ féin? 17 Agus ar ḃfreagra do neaċ don tslúaġ a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, tug mé mo ṁac ċugad, an a ḃfuil spiorad balḃ; 18 Agus gaċ uile ḃall a mbeireann sé air, tairngiḋ sé as a ċéile é: agus cuiriḋ sé cuḃar ṫar a ḃéul, agus dó ní sé gíosgarnaċ lé na ḟlacluiḃ, agus téid sé a seirgṫeaċd: agus a duḃairt mé réd ḋeisciobluiḃsi a ċur a maċ as; aċd ċeann níor ḟéudadar. 19 Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é. 20 Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul. 21 Agus do ḟiafruiġ Iósa ḋá aṫair, Gá fad daimsir ó ṫárla so ḋó? Aċd a duḃairt seision, O ḃí sé na leanaḃ. 22 Agus is minic do ṫeilg sé a dteiniḋ, agus a nuisge é, do ċúm go millfeaḋ sé é: aċd má a tá cuṁaċd ar biṫ agadsa, bíoḋ trúaiġe agad ḋúinn, agus fóir oruinn. 23 Aċd a duḃairt Iósa ris, Más eidir leaċd so do ċreideaṁuin, a tá gaċ én ní soiḋéanta don té ċreidios. 24 Agus ar néiġeaṁ daṫair na buaċalla ar an mball, maille ré deóruiḃ a duḃairt sé, Creidim, a Ṫiġearna; fóir mo ṁíċreideaṁ. 25 Agus an tan do ċonnairc Iósa an slúaġ uile ag coiṁriṫ ċuige, do imḋearg sé an spiorad neaṁġlan, ag ráḋ ris, A spiorad ḃailḃ agus ḃoḋair, aiṫnimsi ḋíot, imṫiġ a maċ as, agus na héiriġ a sdeaċ ann ní so ṁó. 26 Agus ar néiġeaṁ ḋó, agus ar na ṫarrang as a ċéile go ro úaṫḃásaċ, do ċúaiḋ sé a maċ as: agus do ḃí sé a rioċd ṁairḃ; ionnas go nduḃradar mórán, Go ḃfúair sé bás. 27 Aċd ar mbreiṫ Díosa ar a láiṁ, do ṫógaiḃ sé súas é; agus déiriġ seision. 28 Agus an tan do ċúaiḋ sé a sdeaċ a dtiġ, do ḟíafruiġeadar a ḋeisciobail de go seicréideaċ, Créd fá nár ḟéadamairne an spiorad úd do ṫeilgean a maċ? 29 Agus a duḃairt seisean ríu, Ní héidir an ġné ḋeaṁan so ḋul a maċ lé ní ar biṫ, aċd tré úrnuiġṫe agus tré ṫrosgaḋ. 30 Agus ar nimṫeaċd dóiḃ as sin, do ċúadar ṫríd an Ngalilé; agus níor ḃáil leis a ḟios do ḃeiṫ ag éinneaċ. 31 Oír do ṫeagaisg sé a ḋeisciobail féin, agus a duḃairt sé ríu, Do ḃéurṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndáoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃaḋ, éiréoċuiḋ sé an treas lá. 32 Aċd níor ṫuigeadar an coṁráḋsa, agus do ḃí eagla orrṫa a ḟíafruiġe ḋeisean. 33 Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeiṫ a dtiġ ḋó do ḟíafruiġ sé ḋíoḃ, Créd do ḃí aguiḃ ḋá ṫagra eadruiḃ féin air a tsliġe? 34 Aċd do ṫoċdadarsan: óir do ḃádar ag tagra a naġaiḋ a ċéile air a tsliġe, Cía aca buḋ ṁó. 35 Agus ar suiḋe ḋó, do ġoir sé an dá ḟear ḋéug ċuige, agus a duḃairt sé ríu, Giḋ bé neaċ lé nab mían ḃeiṫ a dtosaċ, búḋ é ḃus déiġionuiġ do ċáċ uile, agus ḃus seirḃíseaċ ḋóiḃ uile. 36 Agus ar mbreiṫ ar leanaḃ ḋó, do ċuir sé ann a lár é: agus ar na ġaḃáil ann a uċd, a duḃairt sé ríu, 37 Giḋ bé neaċ ġéuḃus ċuige áon dá leiṫeidiḃ so do leanbuiḃ am mainmsi, gaḃuiḋ sé misi ċuige: agus giḋ bé neaċ ġéuḃus misi ċuige, ni misi ġaḃus sé ċuige, aċd an té do ċuir úaḋ mé. 38 Aċd do ḟreagair Eóin é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, do ċonncamair neaċ ag cur deaṁan a maċ ad ainmsi, neaċ leanann sinne: agus do ċuireamar toirmeasg air, ar son náċ leanann se sinn. 39 Agus a duḃairt Iósa, Ná toirmeasguiḋ é: óir ní ḃfuil éinneaċ do ḋéana míorḃuile tré mainmsi, agus ḟéadus olc do ráḋ rium ar an mball. 40 Oír giḋ bé neaċ naċ ḃfuile ar naġuiḋ a tá sé air ar son. 41 Oír giḋ bé neaċ do ḃéura cupán uisge ré na ól dáoiḃsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd siḃ, a deirim riḃ go fírinneaċ, naċ léigfi sé a lúaiḋeaċd a muġa. 42 Agus giḋ bé ḃéuras aḋḃar oílḃéime dáóin neaċ do na dáóiniḃ beaga so ċréideas ionnamsa, do bfearr ḋó go mór go gcuirṫí cloċ ṁuilinn fá na ḃráġuid, agus go dteilgṫí é ann sa ḃfairrge. 43 Agus más ciontaċ do láṁ ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul ar leaṫláiṁ don ḃeaṫaiḋ, ná ḋá láiṁ do ḃeiṫ agad agus dul go hifearnn, a dtéiniḋ naċ éidir do ṁúċaḋ. 44 A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 45 Agus más ciontaċ do ċos ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul don ḃeaṫuiḋ ṁarṫanuiġ ar leaṫċois, ná ḋá ċois do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean do hifearnn, ann sa teiniḋ náċ éidir do ṁúċaḋ: 46 A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 47 Agus más ciontaċ do ṡúil ré hoilḃéim do ṫaḃairt ḋuit, teilg asad í: is fearr ḋuit dul a sdeaċ go rioġaċd Dé ar éunsúil, ná ḋá ṡúil do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean go teiniḋ iféirn: 48 A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 49 Oír saillfiṫear gaċ áoin neaċ le teiniḋ: agus saillfiṫear gaċ áoin ioḋbairt lé salann. 50 Is maiṫ an salann: aċd ċeana má ḃíonn an salann gan ḃlas, Créd lé a ndéuntáoi deaġḃlasda é? Bíoḋ salann agaiḃ ionnaiḃ féin, agus bíoḋ síoḋċáin aguiḃ ré ċéile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society