Marcus 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII Mirḃuilte na 7 naráin, 27 agus adṁail Iósa gur bé féin an Criosd úd ḃi ré teaċd, 38 um naċ cóir náire do ġaḃail. 1 Ann sna láeṫiḃ sin ar gcruinniuġaḋ do ṗobal roṁór, agus gan ní aca do íosaidis, ar ngairm a ḋeisciobal Díosa ċuige, a duḃairt sé ríu, 2 A tá trúaiġe roṁór agam don ṗobal: do ḃríġ gur ḟanadar a nois trí lá am ḟoċair, agus naċ ḃfuil ni ar biṫ ré a iṫe aca. 3 Agus dá léige mé na dtrosgaḋ dá dtiġiḃ féin íad, raċaid síad a nanḃfainne ar sliġe: óir ṫáinic cuid aca a ḃfad. 4 Agus do ḟreagradar a ḋeisciobuil é, Ga háit as a ḃféadfaḋ duine íad so do ṡásaḋ lé harán ann so ar an ḃfásaċ? 5 Agus do ḟíafruiġ seisean díoḃ, Ga ṁéud arán a tá agaiḃ? Agus a duḃradarsan, A seaċd. 6 Agus do aíṫin seision don tslúaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ: agus ar nglacaḋ na seaċd narán dó, tar éis ḃuiḋeaċuis do ṫaḃairt, do ḃris sé, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum a gcur ann a ḃfíaḋnuisi; agus do ċuireadarsan a ḃfíaḋnuisi an tslúaiġ íad. 7 Agus do ḃádar beagán díasgaiḃ beaga aca: agus an tan tug sé buiḋeaċus, a duḃairt sé íad sin fós do ċur na ḃfíaḋnuisi. 8 Agus do iṫeadar, agus do sásaḋ íad: agus do ṫógḃadar seaċd gcléiḃ do ḃiaḋ ḃrisde do ḃí dfuiġleaċ aca. 9 Agus do ḃí an luċd do ċaiṫ an biaḋ a dtimċeall ċeiṫre míle: agus do léig sé úaḋ íad. 10 Agus ar an mball ar ndul a luing ḋó maille ré na ḋeisciobluiḃ, táinic sé go rann Dalmanúta: 11 Agus tangadar na Ṗairisíniġ a maċ, agus do ṫionnsgnadar connspóid do ċur air, ag íarruiġ coṁarṫa ó neaṁ air, ḋa ṫeasduġaḋ. 12 Agus ar ndéunaṁ osna ḋósan an a spioraid, a duḃairt sé, Créd fá níarrann an cineaḋ so coṁarṫa? a deirim ríḃ go fírinneaċ, Naċ dtioḃarṫar coṁarṫa don ċineaḋ so. 13 Agus ar na ḃfagḃáil dó, ar ndul a luing a rís do ċúaiḋ sé don táoiḃ eile. 14 Agus do ḋearnadar na deisciobuil arán do ḃreiṫ leó, agus ní raiḃ aca aċd áon arán aṁáin ann sa luing. 15 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Féuċaiḋ, coiṁeadaiġ siḃ ó laiḃín na Ḃṗairisíneaċ, agus ó laiḃin Iorúaiṫ. 16 Agus do ṫagradarsan eatorra féin, ag ráḋ, Is tré naċ ḃfuilid aráin aguinn a tá sé. 17 Agus ar ná áiṫne sin Díosa, a duḃairt sé ríu, Créd do ḃeir ag diosbóireaċd siḃ, ar son naċ ḃfuilid aráin aguiḃ? a né naċ fios díḃ fós, agus naċ dtuigṫí? an ḃfuilid croiḋeaḋ crúaiḋe aguiḃ fos? 18 O a táid súile aguiḃ, Créd fá naċ ḃfaicṫí? agus ó táid clúasa aguiḃ, Créd fá naċ ccluintí, agus naċ ccuiṁniġṫí? 19 An tan do ḃrís me na cúig aráin ar na cúig ṁíle, ga ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? A deiridsean ris, Ḋá ċlíaḃ ḋéug. 20 Agus a núair do ḃris mé na seaċd naráin ar na ceiṫre ṁílefear, gá ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? Agus a duḃradarsan, A seaċd. 21 Agus a duḃairt seisean ríu, Cionnas náċ dtuigṫí na neiṫesi? 22 Agus táinic sé go Betsaida; agus tugadar dall ċuige, agus do íarradar air búain ris. 23 Agus ar mbreiṫ ar láiṁ an doill dó, do ṫreóruiġ sé as an mbaile a maċ é: agus ar gcur a ṡeile ar a ṡúiliḃ, agus ar gcur a láṁ air, do ḟíafruiġ sé ḋe an ḃfacuiḋ sé én ní. 24 Agus ar dtógḃail a ṡúl súas dósan, a duḃairt sé, Do ċím dáoine ag sioḃal, mar ċranna. 25 Na ḋíaiġ sin, do ċuir sé a láṁa a rís ar a ṡúiliḃ, agus tug sé fá deara ḋó a ṡúile do ṫógḃail súas: agus do haiseagaḋ a raḋarc ḋó, agus do ċonnairc sé cáċ uile go soilléir. 26 Agus do ċuir sé ḋá ṫiġ féin é, ag ráḋ, Na himṫiġ don ḃaile úd a sdeaċ, agus ná hinnis so déanduine sa ḃaile. 27 Agus do ċúaiḋ Iósa, agus a ḋeiscionail a maċ, go bailtiḃ Sesáréa Ṗilippi: agus do ċuir sé ceisd ar a ḋeisciobluiḃ ar a tsliġe, ag ráḋ ríu, Cred a deirid na ndáoine cía misí? 28 Aċd do ḟreagradarsan, Eóin Baisde: agus cuid eile, Elias; agus cuid eile, Aon do na fáiḋiḃ? 29 Agus a duḃairt seisean ríu, Aċd créd a deirṫísi cía mé? Ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ris, As tú Críosd. 30 Agus do ḃagair sé orrṫa gan innse deinneaċ dá ṫáoḃ féín. 31 Agus do ṫionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Ṁac an duine morán dḟulang, agus a ḋíultaḋ ó na sinnsearuiḃ, agus ó úaċdaránuiḃ na sagart, agus ó na sgríobuiḋiḃ, agus a ṁarḃaḋ, agus éirġe a rís a gcionn trí lá. 32 Agus do laḃair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreiṫ do Ṗeadar air, do ṫionnsgain sé aċṁusán do ṫaḃairt dó. 33 Aċd ar gcasaḋ ḋósan agus ar ḃḟéaċain ar a ḋeisciobluiḃ, do imḋearg se Peadar, ag ráḋ, Imṫiġ am ḋíaiġ, a Ṡatáin: óir ní ṫuigeann tú na neiṫe ḃeanas ré Día, aċd na neiṫe ḃeanas ré dáoiniḃ. 34 Agus ar ngairm an tslúaiġ agus a ḋeisciobail ċuige ḋó, a duḃairt sé ríu, Giḋ bé lé nab aill misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋó féin, agus tógḃaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé misi. 35 Oír giḋ bé neaċ lé nab áill anam féin do ċoiṁéd caillfiḋ sé é; agus giḋ bé neaċ ċaillfeas anam féin ar mo ṡonsa, agus ar son an tsoisgéil, coiṁéudfaiḋ sé é. 36 Oír créd é an tarḃa do neaċ ar biṫ, dá ngnoḋuiġe sé an doṁan uile, agus anam féin do ċáill? 37 Nó créd í maluirt do ḃéuraḋ éinneaċ ar son anma féin? 38 Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society