Marcus 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Gan áiṫne Dé ċur ar gcúl, le fúarġnáṫuiġṫiḃ na sean. 1 Agus do cruinniġeadar na Ṗairisíniġ ċuige, agus cuid do na sgríobuiḋiḃ ṫáinic ó Iarusaléim. 2 Agus ar ḃfaicsin dóiḃ go ndiṫadar cuid dá ḋeisciobluiḃsion arán lé laṁuiḃ coitċionna, (eaḋón, gan ionnlaḋ,) do rinneadar gearán. 3 (Oír ni iṫid na Ṗairisíniġ, agus na Iúduiġe uile bíaḋ, muna nionnlaid síad a láṁa go minic, ag coiṁéd órduiġṫe na sinnsior. 4 Agus ar dteaċd ón ṁargaḋ, muna nionnlaid, ni iṫid siád. Agus a táid móran do neiṫiḃ eile, do ġaḃadar orra do ċoiṁéud, már a tá níġe na gcopan, agus na bpotaḋ, agus na soiġṫeaċ práis, agus na leabṫaṫ.) 5 Do ḟíafruiġeadar na Ṗairisiniġ agus na sgríobuiḋe ḋe tar éis sin, Créd fá náċ siuḃluid do ḋeisciobluilsi do réir órduiġṫe na sinnsior, aċd iṫid arán lé laṁuiḃ gan ionnlaḋ? 6 Agus do ḟreagair seision agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ is maiṫ do rinne Isaías fáiḋeadóireaċd ḃar dtimċeall a luċd an ḟúarċraḃuiḋ, mar a tá sgríoḃṫa, Onóruiġid an pobal so mé le na bpusuiḃ, aċd a tá a gcroiḋe a ḃfad úaim. 7 Aċd is díoṁáoineaċ do níd seirḃís daṁsa, ag teagasg aiṫeantaḋ na ndaoine mar ṫeagasg. 8 Oír air dtréigean áiṫne Dé, gaḃuiḋ siḃ órduġaḋ na ndáoine mar a tá niġe na bpotaḋ agus na gcupan: agus do níṫí mórán dó neiṫiḃ eile is cosṁail ríu so. 9 Agus a duḃairt sé ríu, Is maiṫ ċurṫáoi ar gcúl aiṫne Dé, ionnas go gcoiṁéudfaḋ siḃ ḃur ngnáṫuġaḋ féin. 10 Oír a duḃairt Máoisi, Onóruiġ haṫair agus do ṁáṫair féin; agus, Giḋ bé a déara olc ré na aṫair nó ré na ṁáṫair, cuirṫear ċum báis é: 11 Aċd a deirṫísi, Dá nabraḋ éin neaċ ré na aṫair ní ré na ṁáṫair, Corbán (éaḋón, an tioḋlacaḋ,) do ḃeirimsi úaim; raċaiḋ sé a dtarḃa ḋuitsi. 12 Agus ní léigṫí ḋó as sin a maċ ní sa ṁó do ḋéunaṁ dá aṫair no ḋá ṁáṫair féin; 13 Ag cur ḃréiṫre Dé ar gcúl leis an ngnáṫuġaḋ do órduiġeaḃair féin, agus is mór dá leiṫeidiḃ so do níṫí. 14 Agus ar ngairm an tslúaiġ uile ċuige, a duḃairt sé ríu, Eisdiġ riumsa uile, agus tuigiḋ: 15 Ní ḃfuil ní ar biṫ ar an dtáoḃ a muiġ don duine, ṫéid a sdeaċ ann lé nab éidir a ṡalċaḋ: aċd na neiṫe ṫig as a maċ, as íad sin na neiṫe ṡalċas an duine. 16 Giḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé. 17 Agus an tan do ċúaiḋ sé a sdeaċ a dtiġ ón tslúaġ, do ċuireadar a ṡeisciobuil ceisd air a dtimċeall na cosaṁlaċda. 18 Agus a duḃairt sé ríu, An ḃfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne naċ dtuigṫí, giḋ bé ní don táoḃ a muiġ ṫéid a sdeaċ sa duine, naċ éidir leis eisean do ṡalċaḋ? 19 Oír ní ṫéid sé a sdeaċ ann a ċroiḋe, aċd ann a ḃolg, agus téid sé a maċ sa ċamra, ġlanus a nuile ḃíaḋ? 20 Aċd a duḃairt sé, An ní ṫéid amaċ as an duine, as é sin ṡalċus an duine. 21 Oir is ón táoḃ a sdiġ, ó ċroiḋe na ndáoine, ṫigid na droċsmúaintiġe, aḋaltrannas, sdríopaċus, dúnṁarḃṫa, 22 Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd: 23 Tigid na huilesi uile ón táoḃ a sdiġ, agus salċuid an duine. 24 Agus ar néirġe ḋó as sin, do ċúaiḋ sé go críoċaiḃ Ṫírus agus Ṡídon, agus ar ndul a sdeaċ a dtiġ ḋó, nír ḃáill leis duine ar biṫ dfaġáil a ḟeasa: giḋeaḋ nír ḃéidir leis ḃeiṫ a ḃfolaċ. 25 Oír an tan do ċúalaiḋ bean da ṫáoiḃ, agá raiḃ spiorad neaṁġlan an a hinġin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá ċosaiḃ: 26 (Do buḋ Gréugaċ an ḃean, Siroṗenissa do ċinéul;) agus do ġuiḋ sí é an deaṁan do ṫeilgean a maċ as a hinġin. 27 Aċd a duḃairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do ṡáiṫiuġaḋ: oír ní hiomċuḃuiġ arán na cloinne do ġlacaḋ, agus a ṫeilgean ċum na gcoiléun. 28 Aċd do ḟreagair sisi, agus a duḃairt sí ris, Is fíor sin, a Ṫiġearna: giḋeaḋ iṫid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileaċ na leanaḃ. 29 Agus a duḃairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imṫiġ roṁad; do ċúaiḋ an deaṁan a maċ as hinġin. 30 Agus do ċúaiḋ sí ḋá tiġ, agus fúair sí an deaṁan a nimṫeaċd, agus a hinġean na luiġe ar a leabuiḋ. 31 Agus do ḟill sé a ris ó ṫeórannuiḃ Ṫíruis agus Ṡídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár ċríoċaiḃ Ḋecapolis. 32 Agus tugadar duine boḋar balḃ ċuige; agus do íarradar air a láṁ do ċur air. 33 Agus ar na ḃreiṫ leis fó leiṫ ón ṗobal, do ċuir sé a ṁéir ann a ċlúasaiḃ, agus ag seileaġ ḋó, do ḃean sé ré na ṫeanguiḋ; 34 Agus ar ḃféaċain súas ar neaṁ, do léig sé osnaḋ, agus a duḃairt sé ris, Eṗṗaṫa, éaḋon, Bí osgailte. 35 Agus ar an mball do hosglaḋ a ċlúasa, agus do sgáoileaḋ cuiḃreaċ a ṫeangaḋ, agus do laḃair sé go ceart. 36 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ gan sin dinnisin déainneaċ: aċd ni ḃfuil dá ṁéud dá dtoirmíosgaḋ seisean, naċ móide go mor dfoillsiġidsion é; 37 Agus do ġaḃ iongantus roṁór íad, agus a duḃradar, Do rinne sé gaċ uile ní go maiṫ: do ḃeir sé fá deara go gcluinid na boḋair, agus go laḃruid na bailḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society