Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI Tug Críosd cuṁaċd da ḋeiscionlaiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana; 48 agus ṡioḃail sé ar an ḟairge.

1 Agus do imṫiġ sé as sin, agus táinic sé ḋá ṫír féin; agus do leanadar a ḋeisciobuil fein é.

2 Agus an tan ṫáinic an tsabbóid, do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ ann sa tsínagóig: agus do ġaḃ iongnaḋ mórán dá gcúalaiḋ é, ag ráḋ, Créd as a dtigid na neiṫeisi ċum an ḟirsi? agus créd í a neagna so tugaḋ ḋó, ionnas go ndéuntar a leiṫeide so do ṡuḃailciġiḃ tré na láṁuiḃ?

3 An né naċ é so an sáor úd, mac Ṁuire, agus dearḃráṫair Ṡéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Ṡímóin? agus an né naċ ḃfuilid a ḋeirḃṡeaṫraċa ann so eadruinne? Agus fúaradar oilḃéim ann.

4 Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil fáiḋ gan ṁeas, aċd an a ṫir féín, agus eidir a ḋáoniḃ gáoil, agus an a ṫiġ féin.

5 Agus níor ḃéidir leis súḃailciġe ar biṫ do ḋeunaṁ ann sa náit sin, aċd ag cur a láṁ ar ḃeagán do dáoiniḃ éugcrúaiḋe, do ṡlánaiġ sé íad.

6 Agus do ḃí iongnaḋ aige an a neaṁċreideaṁ súd. Agus do ṫimċealluiḋ sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.

7 Ann sin do ġoir sé an dá ḟear ḋéug, agus do ṫionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cuṁaċda ḋóiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana.

8 Agus do áiṫin sé ḋíoḃ gan ní ar biṫ do ḃreiṫ leo ċum na sliġeaḋ, aċd slat aṁáin, gan ṁála, gan arán gan ionnṁus iona gcrios:

9 Aċd a mbróga do ċur orra; agus gan dá ċóta do ḃeiṫ iompa.

10 Agus a duḃairt sé riu, Giḋ bé áit ar biṫ ann a raċdáoi a sdeaċ a dtiġ, fanuiḋ ann sin nó go nimḋiġṫí as an mball sin.

11 Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.

12 Agus do imṫiġeadarsan, agus dḟúagradar aiṫríġe do ḋéunaṁ.

13 Agus do ṫeilgeadar mórán deaṁan a maċ, agus do ungadar mórán do ḋáoiniḃ tinne le hóla, agus do ṡlánuiġeadar íad.

14 Agus do ċúalaiḋ an rí Iorúaiṫ so; (oír do ċúaiḋ ainm oiḋeirc airsion:) agus a duḃairt sé, Gur éiriġ Eóin Baisde ó ṁarḃuiḃ, agus dá ḃríġ sin a táid suḃáilciġe ag oibriuġaḋ ann.

15 A duḃradar dream eile, Gur ḃé Eliás é. Agus a duḃradar dream eile, Gur ḃfáiḋ é, nó mar áon do na fáiḋiḃ.

16 Aċd ar na ċluinsín Diorúaiṫ, a duḃairt sé, Is é so Eóin, do ḋiċeann misi: déiriġ sé ó ṁarḃuiḋ.

17 Oír ag cur ḋáoine úaḋ Diorúaiṫ, do ġaḃ sé Eóin, agus do ċeangail sé a bpríosun é ar son Heródias, ṁná ṗósda Ṗilip a ḋearḃráṫar féin: do ḃríġ gur ṗós sé í.

18 Oír a duḃairt Eóin ré Hiorúaiṫ, Ní ceaduiġṫeaċ ḋuit bean Ṗósda do ḋearḃráṫar féin do ḃeiṫ agad.

19 Aċd do ḃí Heródias ar a ṫíoċsean, agus bá mían lé a ṁarḃaḋ; aċd níor ḃéidir lé.

20 Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.

21 Agus an tan do ḃí lá iomċuḃaiḋ ann, an a ndearna Iorúaiṫ suipér dá úaisliḃ, agus dá ċáiptíniḃ, agus dúaċdaránuiḃ na Galilé, coṁainm a láoi fá rugaḋ é;

22 Ċúaiḋ inġean Heródías a sdeaċ, agus do rinne sé daṁsa, agus do ṫaitin sí ré Hiorúaiṫ agus ris an guídeaċda do ḃí ar an mbórd na ḟoċair, agus a duḃairt an rí ris an gcailín, Iarr oramsa giḋ bé ní is áill leaċd, agus do ḃéura mé ḋuit é.

23 Agus tug sé mionna ḋí, Giḋ bé ní íarrfus tú oram, do ḃéura mé ḋuit é, go leaṫ mo ríoġaċda.

24 Aċd ar nimṫeaċd a maċ ḋisi, a duḃairt sé ré na maṫair, Créd iárfas mé? Agus a duḃairt sisi, Ceann Eóin Baisde.

25 Agus táinic sisi ar an mball a sdeaċ ċum a ríoġ maille ré deiṫḃír, agus do íarr sí, ag ráḋ, Is sí mo ṫoil ṫú do ṫaḃairt ċinn Eóin Baisde ḋaṁ a nois ar ṁéis.

26 Agus do ḃí an rí lán do ḋoilġeas; aċd ar son a ṁionn, agus na druinge do ḃí na suiḋe na ḟoċair, níor ḃáill leis isi do ḋiultaḋ.

27 Agus ar gcur fir diċeanta a maċ don ríġ do láṫair, do aiṫin sé a ċeannsan do ṫaḃairt a sdeaċ: agus do imṫiġ seisean, agus do ḋíċeann sé é ann sa ṗríosún,

28 Agus tug se a ċeann leis ar ṁéis, agus tug sé don ċailin é: agus tug an cailín é dá máṫair.

29 Agus an tan do ċúaladar a ḋeisciobuilsion so, tangadar, agus do ṫógḃadar a ċorp, agus do ċuireadar a dtuama é.

30 Agus do ċruinniġeadar na heasbuil ċum Iósa, agus do ḟoillsiġeadar ḋó na huile ní, agus gaċ ní dá ndearnadar, agus gaċ ní dar ṁúineadar.

31 Agus a duḃairt sé ríu, Tigiḋsi ar leíṫ go hionad úaigneaċ, agus déunaiḋ suáiṁneas támall beag: oír do ḃádar mórán ag teaċd agus ag imṫeaċd, agus ní ḟúaradar am ar ḃíaḋ a ṁáin diṫe.

32 Agus do ċúadar a luing ar leiṫ go hionad ḟásaṁuil.

33 Agus do ċonnairc an slúaġ íadsan ag imṫeaċd, agus do aiṫneadar móran eisean, agus do riṫeadar dá gcois as na caiṫreaċuiḃ uile ann sin, agus do ḃádar rompasan, agus do ċruinniġeadar ċuigesion.

34 Agus ar ndul a maċ Diósa, do ċonnairc sé an slúaġ mór, agus do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋóiḃ é, óir do ḃádar mar ċáorċa gan áoḋaire aca: agus do ṫiónnsgain sé mórán do ṁúnaḋ ḋóiḃ.

35 Agus an tan ṫáinic mórán don lá, do ċúadar a ḋeisciobuil ċuigesion ag ráḋ, A tá an tionad na ḟásaċ, agus ṫáinic móran don lá:

36 Léig úait íad, ionnus go raċaidis fán dtír, agus fá na bailtiḃ na dtimċeall, do ċeannaċ aráin dóiḃ féin: óir ní ḃfuil ní aca do íosaidís.

37 Aċd ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋsi ḋóiḃ ní re na iṫe, agus a duḃradarsan ris, An raċmáois do ċeannaċ lúaċ ḋá ċéud piġinn daránuiḃ, do ċum go dtioḃramáois ní ḋóiḃ ré na iṫe?

38 Agus a duḃairt seisean ríu, Gá ṁéud atá agaiḃ? imṫiġiḋ, agus féaċuiḋ. Agus ar ḃfaġáil a ḟeasa sin dóiḃsion, a duḃradar, Cuig aráin agus dá íasg.

39 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ cáċ uile do ċur na suiḋe na gcoṁlánuiḃ ar an ḃféur ġlas.

40 Agus do ṡuiġeadar síos na mbuiḋniḃ, na géuduiḃ, agus na gcáogaidiḃ.

41 Agus ar ngaḃáil na gcúig narán ċuige agus an dá íasg, ar ḃféaċain súas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ sé, agus do ḃris sé na haráín, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum go gcuirfidís na ḃfiaḋnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrṫa uile.

42 Agus do iṫeadar cáċ uile, agus do saṫuiġeaḋ íad.

43 Agus do ṫógḃadar ḋá ċlíaḃ ḋéug lán do ḃíaḋ ḃrisde, agus do na híasguiḃ.

44 Agus do ḃádar an dream a dúaiġ an tarán a dtimċeal ċúig ṁíle fear.

45 Agus do ċuir sé ḋfíaċuiḃ ar a ḋeiscióbluiḃ do láṫair dul a luing, agus dul roiṁe don táoiḃ a nunn go Betsaida, nó go léigeaḋ sé féin an slúaġ úaḋ.

46 Agus an tan do ċuir sé úaḋ íad, do ċúaiḋ sé ar ṡlíaḃ do ḋéanaṁ urnuiġṫe.

47 Agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, do ḃí an long a lár na fairge, agus eisean ná áonar ar tír.

48 Agus do ċonnairc sé íadsan ag cur ṡáoṫair ag iomraḋ; (oír do ḃí an ġáoṫ na naġuiḋ:) agus táinic sé ċuca timċeall an ceaṫraṁaḋ faire don oiḋċe, ag sioḃal ar an ḃfairge, agus do ṁeaḋuiġ sé dul ṫárrsa.

49 Aċd ar na ḟaicsin dóiḃsion ag sioḃal ar an ḃfairge, do ṡáoileadar gur ṫáḋḃás é, agus do éiġṁeadar:

50 (Oír do ċonncadar uile é, agus do ḃádar ar na mbúaiḋreaḋ.) Agus do laḃair sé ríu ar an mball, agus a duḃairt sé ríu, Bíoḋ meisneaċ maiṫ aguiḃ misi a tá ann, na bíoḋ eagla oruiḃ.

51 Ann sin do ċúaiḋ sé súas ċuca ann sa luing; agus do ċíunaiġ an ġáoṫ: agus is móide go mór do ḃí uáṫḃás agus iongantus, orrṫasan sin.

52 Oír ní ṫugadar da naire an ní do rinneaḋ ris na haránuiḃ: óir do ḃí a gcroiḋe crúaiḋ.

53 Agus an tan do ċúadar ṫairis, tangadar go talaṁ Geinesaret, agus tangadar a dtír.

54 Agus tar éis teaċda a maċ as an luing ḋóiḃ, ar an mball do aiṫniġeadar eisean,

55 Agus do riṫeadar luċd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do ṫionnsgnadar na dáoine tinne diomċar ar leapṫaċuiḃ, dá gaċ áit na gcluindís eision do ḃeiṫ.

56 Agus giḋ bé bailte, nó caiṫreaċa, no dúṫaiġ, an a ndeaċuiḋ sé a sdeaċ, do ċuirdís na dáoine tinne ar na sráidiḃ, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduiġ a ṁáin: agus an ṁéid do ċumail ris fúaradar a slainte.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan