Marcus 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV Cosṁalaċt, ar an tsíoladóir, 26 agus ḟás an tsíl ós ísiol, gan ḟios cionnas. 1 Agus do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ láiṁ ris an ḃfairge: agus do ċruinniġ slúaġ mór ċuige, ionnas go ndeaċuiḋ sé a sdeaċ a luing, agus gur ṡuiḋ sé ar an ḃḟairge; agus do ḃí an slúaġ uile ar tír a naice na fairge. 2 Agus do ṫeaguisg sé mórán dóiḃ a gcosaṁlaċduiḃ, agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg, 3 Eisdiġ; Taḃruiġ dá ḃur naire, do ċúaiḋ an síoladóir amaċ do ċur ṡíl: 4 Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur ṫuit cuid de ċois na sliġe, agus tangadar éanlaiṫ an aiéir, agus diṫeadar é. 5 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a náit cloċaiḋ, mar naċ raiḃ doiṁne ṫalṁan aige; agus ar ball dfás súas, do ḃríġ naċ raiḃ morán úir aige: 6 Agus ar néirġe don ġréin do dóiġeaḋ é le teasḃaċ; agus do ḃríġ naċ raiḃ fréuṁ aige do ṡearg sé. 7 Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidir ṁuineaċ, agus deirġeadar an muineaċ súas, agus do ṫaċdadar é, agus ní ṫug sé toraḋ úaḋ. 8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ úaḋ déiriġ súas agus dfás; agus tug ḋe, cuid a deiċ fiċead, agus cuid trí fiċid, agus cuid eile céud: 9 Agus a duḃairt sé riu, Gíḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé. 10 Agus an tan do ḃí sé na áonar, do ḟíafruiġeadar an ṁuinntir do ḃi na ḟoċair maille ris an dá ḟear ḋéug an ċosaṁlaċd ḋe. 11 Agus a duḃairt sé ríu, Is dáoiḃsi a tugaḋ éolus ar ṡeicréid ríoġaċda Dé: aċd ris an dréim atá leiṫ a muiġ, deirṫear gaċ éinní a ccosaṁlaċduiḃ. 12 Ionnas ag féaċaín dóiḃ go ḃfaicfidis, agus naċ tiuḃraidís dá naire; agus ag cloisdin dóiḃ go gcluinfidis, agus naċ dtiucfidis; deagla go ḃfillfidis uáir ar biṫ, agus go maiṫfiġe a bṗeacuiġ ḋóiḃ. 13 A duḃairt sé ríu, An ḃfuil ainḃfios na cosaṁlaċda so oruiḃ? Agus, cionnas ṫuigfíḋe a nuile ċosaṁlaċd? 14 An sioladoir úd, is í an bríaṫar ṡíolċuireas sé. 15 Agus is íad so an drong a tá láiṁ ris a tsliġe, ann a gcuirṫear an ḃríaṫar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógḃuiḋ sé úaṫa an bríaṫar do siólaḋ an a gcroiḋṫiḃ. 16 Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireaḋ, an síol, a ḃfearann ċloċaċ; noċa, éisdeas an ḃriaṫar, agus ġaḃus ċuca í do láṫair maille ré gáirdeaċus; 17 Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim. 18 Agus is íad so an dream ġaḃus an síol ċuca an sa muineaċ; noċa éisdeas ris an mbreiṫir, 19 Aċd téid roċúram an tsáoġail so, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris, agus míanġus na neiṫeaḋ eile a steaċ, agus taċduid an ḃríaṫar, agus ḃí sé neaṁṫoraċ. 20 Agus is íad so an dream an ar cuireaḋ an síol ann sa talaṁ maiṫ, noċa éisdeas, agus ġaḃus ċuca an ḃríaṫar, agus do ḃeir toraḋ úaṫa, áon a deiċ fiċead, áon trí fiċid, agus áon eile céud. 21 Agus a duḃairt sé ríu, An dtig an ċoinneal dá cur fáoi ḃéul soiġṫiġ, nó fáoi leabuiġ? An né naċ do ċum go gcuirfiḋe a gcoinnléoir í? 22 Oír ní ḃfuil ní ar biṫ foluiġṫeaċ, naċ ḃfoillseaċar; na seicréideaċ, naċ dtiocfa ċum soluis. 23 Giḋ bé neaċ agá ḃfuilíd clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé. 24 Agus a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire créd é an ní úd ċluintí: giḋ bé miosúr an a dtoiṁeósdáoi, toiṁeósdar ċugaiḃ é: agus do ḃeurṫar tuilleaḋ ḋáoiḃsi atá ag éisdeaċd. 25 Oír giḋ bé neaċ agá ḃfuil ní, do ḃéurṫar ḋó: agus giḋ bé neaċ a tá gan ní aige, toigéuḃṫar úaḋ an ní a tá aige. 26 A duḃairt sé, Is aṁluiġ a tá ríoġaċd Dé, mar do ċuirfeaḋ neaċ síol a ḃfearann; 27 Agus do ċoidéolaḋ sé, agus do éireóċaḋ sé sa noiḋċe agus ann sa lá, agus do ḟásaḋ an síol agus do aírdéoċaḋ sé, ar cruṫ naċ raiḃ a ḟios aigesion. 28 Oír is dá ḋeóin féin do ḃeir an talaṁ toraḋ; ar tús an geaṁar, agus na ḋíaiġ sin déus, agus na ḋíaiġ sin arḃar iomlán sa déis: 29 Agus an tan ṫaisbéunas an toraḋ é féin, ar an mball cuiriḋ sé corrán ann, do ḃríġ go ḃfuil ann fóġṁar do láṫair. 30 Agus a duḃairt sé, Créd é an ní ré a ndéanam ríoġaċd Dé do ṡaṁluġaḋ? nó créd í an ḃaraṁail ré saṁuilfimís é? 31 Is cosṁail é re gráinne musdaird, noċ, an tan ċurṫar ann sa talaṁ, is é is luġa don uile ṡíol dá ḃfuil ar talaṁ: 32 Aċd tar éis a ċora, fásaiḋ sé súas, agus is mó é ná éunluiḃ do na luiḃeannuiḃ, agus fásaid géuga móra air; ionnus go ḃféadfaidis éunlaiṫ an aiéir nid do ḋeanaṁ ar á sgáṫ. 33 Agus do laḃair sé an ḃríaṫar ríu a mórán dá leiṫéidiḃ sin do ċosṁalaċdaiḃ, do réir mar do béidir léo a ċloisdin. 34 Agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosṁalaċdaiḃ: aċd ċeana do ṁíniḋ sé gaċ uile ní dá ḋeisciobluiḃ féin ar leiṫ. 35 Agus a duḃairt sé an lá sin ríu, ar mbeiṫ deiġionaċ ḋó, Déunum don táoḃ a nunn. 36 Agus ar ḃfágḃáil an ċoiṁṫionóil, rugadar eisean mar do ḃí sé ann sá luing. Agus do ḃádar fós longa beaga eile na ḟoċair. 37 Agus do éiriġ sdoirm ṁór ġáoiṫe ann, agus do lingeadar na tonna ann sa luing, ionnas go raiḃ sí a nois ar na líonaḋ. 38 Agus do ḃí seisean ar ḋeireaḋ an dtileaḋ, na ċodláḋ ar ċearċáill: agus dúisiġid síad é, agus a deirid ris, A Ṁaiġisdir, naċ misde leaċd go ḃfuilmid a dul a múġa? 39 Agus ar néirġe ḋósan, tug sé aċṁnsan don ġáóiṫ, agus a duḃairt sé ris an ḃfairge, Coisg, bí balḃ. Ann sin do ċíuinaiġ an ġáoṫ, agus do ḃí súaiṁneas mór ann. 40 A duḃairt sé ríu, Créd fá ḃfuiltí coiṁeaglaċ as sin? créd fá naċ ḃfuil creideaṁ aguiḃ? 41 Agus do ġaḃ eagla ṁór íadsan, agus a duḃradar ré ċeile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an ġáóṫ féin, agus an ḟairrge fós úṁlaċd dó? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society