Marcus 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI Eiserġe Ċríosd, 12 a ṫaisbeanaḋ fein, 19 agus a ġaḃala súas ar neaṁ. 1 Agus ar ndul don tsabbóid ṫárrsa, do ċeannuiġ Muire Magdalén agus Muire maṫair Ṡéumuis, agus Salóme, spíosraḋ deaġḃaluiḋ, ċum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é. 2 Agus tangadar go roṁoċ ar maidin an ċéd lá don tseaċdṁuin, ċum an túama lé héirġe na gréine. 3 Agus a duḃradar eatorra féin, Cía iompeoċas ḋúinn an leac ó ḋorus an túama? 4 Agus ar ḃféaċain dóiḃ, do ċonncadar an ċloċ ar na hiomlat: óir do ḃí si roṁór. 5 Agus ar ndul sdeaċ ann sa túama ḋóiḃ, do ċonncadar ógánaċ na ṡuiḋe ar a láiṁ ḋeis, iomá raiḃ éudaċ fada gléġeall; agus do ġaḃ úaṫḃás íad. 6 Agus a duḃairt seisean ríu, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: A táṫaói ag iarruiḋ Iósa Nasarḋa, do céasaḋ: do éiriġ sé; ní ḃfuil sé ann so: féuċ a náit an ar cuireadar é. 7 Aċd imṫiġiḋ, innisiḋ dá ḋeisciobluiḃ agus do Ṗeadar go ḃfuil sé ag dul roṁuiḃ don Ġalilé: do ċifiḋe ann sin é, mar a duḃairt sé riḃ. 8 Agus ar nimṫeaċd dóiḃsean a maċ go deiṫniosaċ, do ṫeiṫeadar ón túama; óir do ḃí críṫ agus úaṫḃás orrṫa: agus níor laḃradar ní ar biṫ ré héinneaċ; óir do ḃí eagla orrṫa. 9 Agus ar neiséirġe Díosa ar maidin an céd lá don tseaċdṁuin, do ṫaisbén sé é féin ar tús do Ṁuire Ṁagdalén, as ar ṫeilg sé seaċd ndeaṁain. 10 Agus ar nimṫeaċd disi do ḟoillsiġ sí sin don druing do ḃi na ḟoċair sean, do ḃí ag gul agus ag caói. 11 Agus an tan do ċúaladarsan, eisean do ḃeiṫ béo, agus go ḃfacuiḋ sis é, nir ċreideadar. 12 Aċd tar éis so, do ṫaisbén seisean é féin do ḋías aca, a gcruṫ eile mar ṡíuḃáileadar, agus íad ag dul fan dtuḋáiṫ. 13 Agus do imṫiġ siadsan, agus do ḟoillsiġeadar sin do ċuid eile: giḋeaḋ níor ċreideadar íadsan fós. 14 Fa ḋeiriḋ ar mbeiṫ ar áonḃall do naóinḟear ḋég do ṫaisbéan sé é féin dóiḃ, agus do ċuir sé na aġaiḋ a míċreideaṁ agus a gcrúas croiḋe, tré nár ċreídeadar don druing do ċonnairc é ar neiséirġe. 15 Agus a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ ar feaḋ an doṁain uile, déanuiḋ an soisgéul do ṡeanmóir do gaċ uile ċreatúir. 16 Giḋ bé ċreidfeas agus ḃaisdfiṫear slainéoċṫar é; aċd giḋ bé naċ ccreidfi daiméontar é. 17 Agus leanfuid na coṁarṫuiġesi an dream de ċreidfeas; Sgriosfuid síad deaṁuin tré mainmsi; laiḃéoruid lé teangṫuiḃ núaḋa; 18 Toigéuḃaid naiṫreaċa neiṁe; agus má iḃid ni marḃṫaċ ar biṫ, ni ġoirtéoċa sé íad; cuirfid láṁa ar na daóniḃ éagcruaiḋe, agus béid síad slán. 19 Agus tar éis an Tiġearna do laḃairt ríu, do gaḃaḋ súas ar neaṁ a rís é, agus do ṡuiḋ sé ar deis láiṁ Dé. 20 Agus ar ndul a maċ ḋóiḃsean do rinneadar seanmóir ann gaċ uile áit, ar mbeiṫ don Tiġearna ag coṁoibriuġaḋ ríu, agus ag taḃairt bríġ dá mbríaṫruiḃ leis na coṁaṫaiḋiḃ do lean íad. Amén. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society