Marcus 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV Fulang, 39 bás, 42 agus aḋlacaḋ onóraċ Iosa Ċríosd Ṁic Dé ḃi. 1 Agus go moċ ar maidin ar ndéanaṁ coṁairle ḋóiḃ rugadar na hárdsagairt maile ris na sinnsearaiḃ agus ris na sgríobuiḋiḃ agus ris an gcoṁairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Ṗioláit é. 2 Agus do ḟiafruiḋ Pioláid ḋeisean, An tusa rí na Níuduiġeaḋ? Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A deir tusa sin. 3 Agus do ċuireadar úaċdaráin na sagart mórán na aġaiḋ: aċd níor ḟreagair seisean éinní. 4 Agus do ḟíafruiḋ Píoláid ḋe a rís, ag ráḋ, An né naċ dtugann tú freagra éigin úait? féuċ gá ṁeid ann a ndéunaid so fíaḋnuisi ad aġaiḋ. 5 Agus níor ḟreagair Iósa ní ar biṫ ó sin a maċ; ionnas gur ġaḃ iongantus Píoláid. 6 Agus ann sa tsolamain do sgáoileaḋ sé ḋóiḃ én ṗríosínaċ a ṁaín, giḋ bé air biṫ a díarradáois. 7 Agus do ḃí neaċ áiriġe dar ḃainm Barabbas, ceangailte a ḃfoċair a ċompánaċ ceannairce, noċ do rinne marḃaḋ a gceannairc. 8 Agus ag éiġṁe don ṗobal do ṫionnsgnadar íarruiḋ air do réir mar do bíoḋ sé ḋóiḃ a gcoṁnuiḋe. 9 Do ḟreagair Pioláid ḋóiḃ, ag ráḋ, A náill liḃ go sgáoilinn dáoiḃ Rí na Niúduiġeaḋ? 10 (Oír do ḃí a ḟios aige gur ab tré ṫnúṫ do ṫoirḃir úaċdaráin na sagart é.) 11 Agus do ġlúaisiodar uaċdaráin na sagárt an pobal, do ċum go maḋ táosga sgáoilfeaḋ sé Barabbás ċuca. 12 Aċd ar ḃfreagra do Ṗíoláid, a duḃairt sé riú a rís; Ar a naḋḃarsin créd as áill liḃ do ḋéunaṁ ḋaṁ ris an tési dá ngoirṫi Rí na Níuduiġeaḋ? 13 Agus do éiġṁeadarsan a rís, Croċ é. 14 Aċd a duḃairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do ġáireadarsan sin, Croċ é. 15 Agus do ḃríġ gur ṁían lé Píolaid toil an ṗobail do ḋéunaṁ, do sgáoil sé Barabbás dóiḃ, agus tar éis Iósa do sgiúrsuġaḋ, tug sé úaḋ, ċum a ċroċda é. 16 Agus rugadar na saiġdíuiriḋ a sdeaċ don halla é, éaḋon go cúirt an úaċdaráin; agus do ġoireadar an ċuidéaċda uile a ḃfoċair a ċéile. 17 Agus do ċuireadar éadaċ purpuir uime, agus ag fiġe corona spíne ḋóiḃ do ċuireadar air í, 18 Agus do ṫionnsgnadar beannuġaḋ ḋó, Día do ḃeaṫa, a Rí na Níuduiġeaḋ! 19 Agus do ḃúaileadar é an a ċeann lé giolcaċ, agus do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ air, agus ar léigean a nglún fúṫa, do rinneadar úṁla ḋó. 20 Agus an tan do rinneadar fonáṁad fáoi, do ḃeanadar an téadaċ purpaír ḋe, agus do ċuireadar a éaduiġe féin uime, agus tugadar a maċ é do ċum go groċaidís é. 21 Agus dó ċuireadar dfíaċuiḃ ar oglaċ áiriġṫe do ḃí ag gaḃáil ṫárrsa, dar ḃáinm Simón Siréanaċ, (aṫair Alecsander agus Ruṗus,) ṫáinic ón túaiṫ a muiċ, a ċroiċ diomċar. 22 Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirṁíniúġaḋ, Ionad na cloigne. 23 Agus tugadar fíon air ar cuireaḋ mirr ré na ól ḋó: aċd níor ġaḃ seisean é. 24 Agus an tan do ċroċadar é, do roinneadar a éaduiġe, air dteilgean crannċuir orrṫa, créd do ṫóigfeaḋ gaċ neaċ ḋíoḃ. 25 Agus do ḃí an treas úair ann, agus do ċroċadar é. 26 Agus do ḃí tiodal a ċóire air na sgríoḃaḋ ós a ċionn, RI NA NIUDUIĠEAḊ. 27 Agus do ċroċadar días gaduiḋeaḋ na ḟoċair; fear ar a láiṁ ḋeis, agus fear ar a láiṁ ċlí. 28 Ann sin do coiṁlíonaḋ an sgríobtuir a deir, Agus a measg ḋáoine cóirṫeaċ do coṁáireaḋ é. 29 Agus an dream do ġaḃaḋ ṫairis, do ḃéirdis aiṫis dó, ag craṫaḋ a gceann, agus ag ráḋ, O, ṫusa leagas an teampoll, agus ṫógḃas é a dtrí laéṫiḃ, 30 Fóir ort féin, agus tárr a núas as an gcroiċ. 31 Agus is mar an gcéudna a duḃradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe ré ċéile ag fonáṁad fáoi, Do ḟóir sé ar ḋáoiniḃ eile; agus ní héidir leis é féin dfóiriġin. 32 Tigeaḋ Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroiċ, do ċum go ḃfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do croċaḋ na ḟoċair tugadr aiṫis dó. 33 Agus an tan ṫáinic an seiseaḋ húair, do ḃí dorċadas ar feaḋ na talṁan uile go sóiṫe an náoṁaḋ húair. 34 Agus ann sa náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ árd, ag ráḋ, Eloi, Eloi, lámá sabaċtáni? a se sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mo Ḋía, mo Ḋía, créd fár ṫréig tú mé? 35 Agus a duḃradar cuid dá raiḃ na seasaṁ a laṫair, an tan do ċúaladar sin, Féuċ, a tá sé gairm Elías. 36 Agus do rioṫ fear ḋíoḃ agus ar líonaḋ sboinc dfinegre ḋó, agus ar na ċur a dtimċeall giolcuiġ, tug sé deoċ ḋó, ag ráḋ, Leigiḋ ḋó; féaċam an dtiocfa Elias dá leagaḋ a núas. 37 Agus ag éiġṁe Díosa do ġúṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as. 38 Agus do réubaḋ brat rointe an teampuill na ḋá ċuid ó úaċdar go híoċdár. 39 Agus an tan do ċonnairc an senturion, do ḃí na ṡeasaṁ as a ċoċair, go ndeaċuiḋ a anam as ag éiġṁe mar sin, a duḃairt sé, Go fírinneaċ do bé an duine so Mac Dé. 40 Agus do ḃádar mar an gcéudna mná a ḃfad úaḋ ag féaċain: eidir a raiḃ Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ṡéumuis ḃig agus Ióses, agus Salómé; 41 Noċ do lean é, an tan do ḃi sé fós sa Ġalile, agus do ḃí ag miniosdrálaċd dó; agus mórán do ṁnáiḃ eile do ċúaiḋ a néinḟeaċd ris súas go Híarusaléim. 42 Agus a nois ar dteaċd don tráṫ nóná, (do ḃriġ gur ḃé lá an ullṁuiġṫe é, eaḋón, an lá roiṁ an tsabbóid,) 43 Táinic, Ióseṗ ó Arimatéa, coṁairleaċ onóraċ, agá raiḃ fós súil ré ríoġaċd Dé, agus do ċúaiḋ sé a sdeaċd go dána dionnsuiġe Ṗíoláid, agus do íarr sé corp Iósa. 44 Agus do biongnaḋ lé Píoláid go mbiaḋ sé ċeana tar éis ḃáis: agus do ġoir sé an sentúrion, agus do ḟíafruiġ sé ḋe an fada ó fúair sé bás. 45 Agus ar ḃfaġáil ḟiosa ón sentúrion, do ḃronn sé an corp do Ióseṗ. 46 Agus do ċeannaiġ Ióseṗ línéadaċ fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do ċuir sé an línéadaċ uime, agus do ċuir sé é a dtúama do ḃí ar na ṫoċailt a maċ as ċarraig: agus do iomluit sé léac ar ḋorus an túama. 47 Agus do ḃi Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ióses ag féuċain gá háit a gcuirfiḋ é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society