Marcus 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV Coṁ-ċogar ḋaóine anaġaiḋ ṁac Dé. 1 Agus a gcionn dá lá na ḋiáiġ sin do ḃí an ċáisg, agus sollamuin a naráin gan laiḃín ann: agus díarradar uaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe cionnas do ḃéuraidís a bfeill airsean, do ċum a ṁarḃṫa. 2 Aċd a duḃradar, Ná déanam é sa tsollamuin, ar eagla go néiréoċaḋ búaiḋreaḋ a measg an ṗobuil. 3 Agus ar mbeiṫ ḋó a Mbetánia, a dtiġ Ṡimóin an loḃair, ar suiḋe ḋó ar an mbord, táinic bean agá raiḃ bocsa ola, do spícnárd ṁórlúaiġe; agus ar mbriseaḋ an ḃocsa ḋi, do ḋóirt sí ar a ċéann é. 4 Agus do rinneadar dream aca miċéadfuiḋ an a ninntinn féin, agus a duḃradar, Créud fá ndéantar an diomḃailsi air a nola? 5 Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí ċéd piġin, agus a ṫaḃairt do na boċdaiḃ. Agus do ḃádar roḋiomḋaċ ḋi. 6 Agus a duḃairt Iósa, Léigiḋ ḋi; créd fá gcuirṫí búaiḋreaḋ uirrṫe? do rinne sí obair ṁaiṫ oramsa. 7 Oír a táid boiċd ḃar ḃfoċair do ġnáṫ, agus giḋ bé húair ḃus toil liḃ, is éidir ḋáoiḃ maiṫ do ḋéanaṁ ḋóiḃ: aċd ní ḃía misi do ġnáṫ agaiḃ. 8 A ní dob éidir lé do rinne sí é: ṫáinic sí roiṁe láiṁ dungaḋ mo ċuirpso ċum a aḋluice. 9 A deirimsi riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁain uile an a ndéantar an soisgeulsa do ṡeanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar ċuiṁne uirrṫe. 10 Agus dimṫiġ Iúdas Iscáriot, áon don dá ḟear ḋég, ċum úaċdarán na sagart, ionnas go mbraiṫfeaḋ sé éisean dóiḃ. 11 Agus ar na ċluinsin sin dóiḃsean, do ġaḃ gáirdeaċus íad, agus do ġealladar go dtioḃraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomċuḃaiḋ ar a ḃraṫ ḋóiḃ. 12 Agus an céad lá do ṡollamain a naráin gan laiḃín, an tan do ġuáṫaiġdís an túan cásg do ṁarḃaḋ, a duḃradar a ḋeisciobail ris, Gá hait ar toil leaċd sinne do ḋul dullṁuġaḋ do ċum go níosdá úan na cásg? 13 Agus do ċuir sé días dá ḋeiscioblaiḃ, agus a duḃairt sé riú, Imṫiġiḋ don ċaṫraiġ, agus téigeaṁaiḋ neaċ oraiḃ ag iomċar soiṫiġ uisge: leanaiḋ é. 14 Agus giḋ bé ar biṫ tiġ a raċa sé a sdeaċ, abraiḋ ré fear an tiġe, go nabair an Maiġisdir, Cáit a ḃfuil an séomra a nfear nuaḋ ṗosta ann a níosa mé an túan cásg a ḃfoċair mo ḋeisciobal? 15 Agus taisbéanuiḋ seision ḋíḃ séomra árd fairsing deaġṁaiseaċ ulluṁ: ullṁuiġiḋ é ḋúinn ann sin. 16 Agus do imṫiġeadar a ḋeisciobail, agus tangadar don ċaṫraiġ, agus fúaradar mar a duḃairt seision riú: agus do ullṁuiġeadar an ċáisg. 17 Agus ar dteaċd don tráṫnóna ṫáinic seision maille ris an dá ḟear ḋéug. 18 Agus an tan do ṡuiḋeadar agus do ċaiṫeadar bíaḋ, a duḃairt Iósa, A deirim riḃ go fírinneaċ, Go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi noċ a tá ag iṫe bíḋ am ḟoċair. 19 Agus do ṫionnsgnadarsan ḃeiṫ go duḃaċ, agus ag ráḋ ris a ndíaiġ a ċéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é? 20 Agus ar ḃfregra ḋósan a duḃairt sé riú, Is fear don dá ḟear ḋéug é, ṫumas maráon riumsa sa meis. 21 A tá Mac an duine ag imṫeaċd go firinneaċ, mar a tásgríoḃṫa air: aċd is anáoiḃinn don ḟear úd lé a mbraiṫṫear Mac an duine! do bfearr do nfearsin náċ beirṫí e ríaṁ. 22 Agus ar mbeiṫ ag caoṫeaṁ bíḋ ḋóiḃsean, do ġlac Iósa arán, agus tar eis a ḃeannaiġṫe, do ḃris sé, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, iṫiḋ: is sé so mo ċorpsa. 23 Agus ar nglacaḋ an ċupáin dó, an tan rug sé buiḋeaċus, tug sé ḋóiḃsin é: agus do iḃeadar uile as. 24 Agus a duḃairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaiḋe, ḋóirtear air sin ṁóráin. 25 A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ioḃa mé feasda do ṫoraḋ na fíneaṁna, go nuige an lá úd an a nioḃa mé núa é a rioġaċd Dé. 26 Agus an tan do ċanadar salm, do ċúadar a maċ go slíaḃ na Noluiġeaḋ. 27 Agus a duḃairt Iósa riú, Do ġéúḃṫáoi uile oilḃéim ionnamsa a noċd: oir a tá sgríoḃṫa, Búailfiḋ mé an táoḋaire, agus spréiġfiġṫear na cáoiriġ. 28 Aċd tar éis misi eiséirġe, raċaiḋ mé roṁaiḃsi don Ġalilé. 29 Aċd a duḃairt Peadar ris, Má ġeiḃid cáċ uile oilḃéim ionnad, ní ḃfuiġe misi é. 30 Agus a duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, A niuġ, ann sa noiḋċe noċd féin, ní is táosga ná ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, go séanfa tú mé trí húaire. 31 Aċd is móide a duḃairt seision, Dá maḋ éigean daṁ bás dfulang ad ḟoċair, ní ṡéanfa mé ṫú go bráṫ. Agus a duḃradar cáċ uile mar an gcéadna. 32 Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a duḃairt seisin ré na ḋeisciobluiḃ, Suiḋiġ ann so, go ndéuna mé urnuiġe. 33 Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do ṫionnsgain sé ḃeiṫ go criṫeaglaċ brónaċ; 34 Agus a duḃairt sé riú, A tá manam tuirseaċ go dtí an bás: fanaiḋsi ann so, agus déanaiḋ faire. 35 Agus ar nimṫeaċd roiṁe ḋó beagán, do ṫuit sé ar talaṁ, agus do rinne sé urnuiġe, ionnus da maḋ éidir é, go raċaḋ an úair ṫairis. 36 Agus a duḃairt sé, Abbá, a Aṫair, a tá gaċ ní soiḋéanta ḋuitsi; cuir an cupánso ṫoramsa: giḋeaḋ nár ab é an ní ḃus toil leamsa, aċd an ní ḃus toil leaċdsa. 37 Agus ṫáinic sé, agus fúair sé índsan na gcodlaḋ, agus a duḃairt sé ré Peadar, A Ṡimóin, an ḃfuil tú ad ċódlaḋ? an né nar ḃéidir leaċd faire éan úaire do ḋénnaṁ? 38 Déunaiḋ faire agus urnuiġe, do ċum náċ dteigeaṁaḋ a ccaṫuġaḋ siḃ. A tá an spiorad ullaṁ go deiṁin, aċd a tá an ċolann anḃfann. 39 Agus ar nimṫeaċd úaṫa a rís, do rinne sé urnuiġe, ag ráḋ na mbríaṫara gcéudna. 40 Agus ar ḃfilleaḋ ḋó, fúair sé a rís na gcodlaḋ íad: (óir do ḃádar a súile trom:) agus ní raiḃ a ḟios aca cionnas do ḃéuraidís freagra air. 41 Agus táinic sé an treas úair, agus a duḃairt sé riú, Codluiḋ a nois, agus coiṁnuiġiḋ: is lór sin, ṫainic an úair; féuċ, do ḃeirṫear Mac an duine a láṁuiḃ na bpeacṫaċ. 42 Eírġiḋ, imṫiġeam; féuċ, is fogus dúinn an té ḃraiṫeas misi. 43 Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag caint, ṫáinic Iúdas, áon don dá ḟear ḋéug, agus slúaġ mór na ḟarraḋ maille ré cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ, ó úaċdaránuiḃ na sagart agus ó na sgriobuiḋiḃ agus ó na sinnsioruiḃ. 44 Agus tug sé an té do ḃraiṫ é coṁarṫa ḋóiḃsean, ag ráḋ, Giḋ bé neaċ ḋá dtioḃra misi póg, is é sin é; beiriḋ aír, agus taḃraiḋ liḃ é go coiṁéudaċ. 45 Agus ar dteaċd ḋó, do ċúaiḋ sé air ball ċuigesin, agus a duḃairt sé, Día do ḃeaṫa a ṁaiġsidir; agus tug sé póg ḋó. 46 Agus do ċuir siadsan a láṁa annsan: agus do ġaḃadar é. 47 Aċd ar dtarrang a ċloiḋiṁ a maċ dfior don ṁuinntir do ṡeas a láṫair, do ḃúail sé óglaċ an árdṡagairt, agus dó ḃean sé a ċlúas de. 48 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, An dtangaḃair a maċ dom ġlacaḋsa, aṁuil ċum bioṫaṁnaiġ, lé cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ? 49 Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ. 50 Agus ar na ṫréigean san, do ṫeiṫeadar a ḋeisciobuil uile. 51 Agus do lean óganaċ áiriġe é, agá raiḃ línéudaċ ag folaċ a lómnoċdaiġe; agus rugadar na hógánaiġ air: 52 Agus ar ḃfagḃáil an línéadaiġ ḋósan, do ṫeit sé lemnoċd úaṫa. 53 Agus rugadar Iósa léo ċum an árdṡagairt: agus do ċruinniġeadar ann sin úaċdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuiḋe. 54 Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, nó go raiḃ sé a sdiġ a halla a nárdṡagairt: agus do ḃí sé na ṡuiḋe a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, agus dá ġoraḋ ag an teiniḋ. 55 Agus do ḃádar úaċdaráin na sagart agus an ċoṁairle uile ag íarraiḋ fíaḋnuisi a naġaiḋ Iósa ionnas go gcuirfidís ċum báis é; agus ní ḟúaradar. 56 Oír do rinneadar mórán dáoine fiaḋnuisi ḃréige na aġaiḋ, aċd ní ṫangadar a ḃfíaḋnuisiḋe le ċéile. 57 Agus déirġeadar dáoine áiriġe, agus do rinneadar fíaḋnuisi ḃréige na aġaiḋ, ag ráḋ, 58 Do ċúalamairne é ag ráḋ, Brisfiḋ mé sios an teampoll so déunta lé láiṁaiḃ, agus a dtrí lá tóigeaḃaiḋ mé teampoll éile gan obair láṁ. 59 Aċd mar sin féin ní raiḃ a ḃfíaḋnuisi ag teaċd lé ċéile. 60 Agus ar néirġe na ṡeasaṁ a lár ċáiċ don arḋṡagart, do ċuir sé ceisd ar Iósa, ag ráḋ, An né naċ dtaḃair tú freagra ar biṫ úait? Créd fá ndéunaid so fíaḋnuisi ad aġaiḋ? 61 Agus do ṫoċ seision, agus níor ḟreagair sé én ní. Do ḟíafruiġ an tárdsagart de a rís, agus a duḃairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Ḃeannuiġṫe? 62 Agus do ḟreagair Iósa, Is mé: agus do ċífiḋesí Mac an duine na ṡuiḋe air deis ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd lé néulluiḃ neiṁe. 63 Agus do réub úaċdaran na sagart a éudaċ, ag ráḋ, Créd é an feiḋm a tá aguinn ar ḟíaḋnuisiḃ feasda? 64 Do ċúalaḃair an ḃlaisṗéíme: créd dó cíṫear ḋáoiḃsi? Agus rugadarsan uile breiṫ na aġuiḋsean gur ṫuill sé bás. 65 Agus do ṫionnsgnadar dream áiriġe gaḃáil do ṡeiliḋiḃ air, agus a aġaiḋ dfolaċ, agus dórna do ḃúalaḋ air, agus a ráḋ ris, Déana fáiḋeadóireaċd: agus do ġaḃadar na seirḃísiġ do ḃasuiḃ air. 66 Agus ar mbeiṫ do Ṗeadair ann sa halla ṡíos, ṫáínic áon do ċailíniḃ an ardṡadṡagairt: 67 Agus ar ḃfaicsin Ṗeadair dá ġoraḋ ḋi, tug sí ḋa haire é, agus a duḃairt si, Do ḃí tusa fós a ḃfoċair Iósa Nasarḋa. 68 Aċd do ṡéan seisean sin, ag ráḋ, Ni ṫuigim, agus ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus do ċúaiḋ sé a maċ don ṗóirsi; agus do ġoir an coileaċ. 69 Agus do ċonnairc an cailin é a ris, agus do ṫionnsgain sí a ráḋ ris an druing do ḃí na seasaṁ a láṫair, Is díoḃ súd an fearso. 70 Agus do ṡéan seisean a rís. Agus fá ċeann beagáin na ḋíaġsin, a rís a duḃradar an ṁuinntir do ḃí na seasaṁ a láṫair ré Peadar, Go fírinneaċ is díoḃ súd ṫusa: óir is Galiléaċ ṫú, agus is cosṁail hurlaḃra ríu. 71 Aċd do ṫionnsgain seisean ag malluġaḋ, agus mionnuġaḋ, Ní haiṫne ḋaṁ an duinesi a deirṫí. 72 Agus do ġoir an coileaċ an dara húair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Iósa ris, Ní is táosga na ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, séanfuiḋ tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiṫṫáoiḃ ḋó, do ġuil sé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society