Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII Is fioġair, scrios Ierusalem, 24 ar ḋeire an doṁain.

1 Agus an tan do ċuáiḋ sé a maċ as an tteampoll, a duḃairt neaċ ḋá ḋeisciobluiḃ féin ris, A Ṁaiġisdir, féuċ créd é an sórt cloċsa agus créd é an sórt fairgniṫe so!

2 Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé ris, An ḃfaiceann tú na hoibreaċa móraso? ní fúicfiḋear cloċ ar muin ċloiċe ḋíoḃso, naċ sgarfuiḋear ó ċeile.

3 Agus ar mbeiṫ na ṡuiḋe ḋó ar ṡlíaḃ na Noluiġeaḋ as coṁair an teampuill, do ḟiafruiġ Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de,

4 Innis dúine, gá tráṫ ṫeigéuṁuid na neiṫe so? agus créd é an coṁarṫa ḃías an tan ċrioċnóċṫar na neiṫe so uile?

5 Agus ag fregra ḋóiḃ do ṫionnsgain Iósa a ráḋ, Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ meallfuiḋ éinneaċ siḃ:

6 Oír tiucfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Gur misi é; agus meallfuid mórán.

7 Aċd an tan do ċluinfiḋe coguiḋ agus túarasgḃála cogṫaḋ, ná bíoḋ trioblóid aruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd: aċd ní deireaḋ é fós.

8 Oír éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċd a naġaiḋ ríoġaċda: agus bíaiḋ criṫ talṁan a nionaduiḃ iomḋa, agus biáiḋ gorta agus buáiḋreaḋ ann: ag so tosaċ aṁgar.

9 Aċd taḃruiḋsi ḃur naire riḃ féin: óir béuruid síad siḃ a láṫair coiṁṫionól; sgiúrsfuiḋear sna sinagogiḃ siḃ: agus béarṫar siḃ a ḃfíaḋnuisi úaċdaran agus ríoġ ar mo ṡonsa mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.

10 Agus is éigin an soisgéul do ṡeanmóir do na huile ċineaḋaċuiḃ ar tús.

11 Agus an tan ḃéuruid síad a láiṁ, agus ṫaḃrid súas siḃ, na bioḋ na roċás oruiḃ roiṁe láíṁ créd a déurṫáoi, agus ná smúainiḋ air: aċd giḋ bé ní do ḃéarṫar ar a núairsin díḃ, abruiḋ é: oír ní siḃsi laḃrus, aċd an Spiorad Náoṁ.

12 Aċd ċeana do ḃéura an dearḃráṫair an dearḃráṫair éile ċum báis, agus an taṫair an mac; agus éireoċuid an ċlann a naġaiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus cuirfid ċum báis íad.

13 Agus biaiḋ fúaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋáoiḃ ar son manmaso: aċd giḋ bé anfus go búan go deireaḋ, as é ṡlánéoċar.

14 Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.

15 Aċd an té ḃias air ṁullaċ an tiġe, na tigeaḋ sé a núas ann a ṫiġ, agus ná himiġeaḋ sé a sdeaċ, do ṫógḃáil neíṫe ar biṫ as a ṫiġ:

16 Agus an té ḃías ar an ṁaċaire, ná casaḋ sé tar a ais, do ṫógḃáil a éuduiġ.

17 Aċd buḋ trúaġ dó na mnáiḃ torrċa, agus do na mnáiḃ do ḃéura cíoċa úaṫa ann sna laéṫiḃ sin!

18 Aċd guiḋiḋsi gan ḃar dteiṫeaḋ do ḃeiṫ ann sa ġeiṁreaḋ.

19 Oír biáiḋ annsna laéṫiḃsin aṁgar, aṁail naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús cruṫaiġe na neiṫeaḋ do ċruṫaiġ Día go soiṫe so, agus náċ bía go bráṫ.

20 Agus muna ngearruiġeaḋ an Tiġearna na laéṫe úd, ní raċaḋ éin ḟéoil as: aċd ar son na ndáoine toġṫa, do ṫoġ sé, do ġearraiḋ sé na laéṫe úd.

21 Agus ann sin dá nabra neaċ ar biṫ riḃ, Féuċ, a tá Críosd ann so; nó, féuċ, a tá sé ann súd; na creidiḋ é.

22 Oír éiréoċuid Críosdanna fallsa agus faiḋe fallsa, agus do ḋéunuid coṁarṫuiḋe agus míorṁuile, do ṁeallaḋ, na ndáoine toġṫa féin, dá maḋ éidir é.

23 Aċd taḃruiḋsi ḃar naire riḃ: féuċ, dinnis mé ḋíḃ gaċ uile ní roiṁ a naimsir.

24 Aċd ann sna laéṫiḃsin, tar éis a náṁġair úd, dorċóċṫar an ġrían, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillso féin úaiṫe.

25 Agus tuitfid réultanna neiṁe, agus béid na cuṁaċda a tá ann sna neaṁaiḃ ar criṫ.

26 Agus ann sin do ċifid síad Mac an duine ag teaċd ann sna néulluiḃ maille ré cuṁaċdaiḃ móra agus ré glóir.

27 Agus cuirfiḋ sé a aingil an tansin, agus cruinnéoċuiḋ sé a ḋáoine toġṫa fein ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal na talṁan go leiṫimeal neiṁe.

28 Agus foġlomuiḋ cosamlaċd ón ċrann fíge; An tráṫ ḃíos a ġéag máoṫ, agus ḟásas a ḋuilleaḃar, a tá a ḟios agaiḃ gur ab fogus an saṁraḋ:

29 Agus mar an gcéudna siḃsi, an tan do ċífiḋe ná neiṫesi ar na ndéanaṁ, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé a ngar ḋáoiḃ, ann sna doírsiḃ.

30 A deirimsi riḃ go fírinneaċ, naċ raċa an dínesi ṫoruinn, nó go ndéuntar na neiṫesi uile.

31 Raċuiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort: aċd ní raċaid mo ḃríaṫrasa ṫort go bráṫ.

32 Aċd ni ḃfuil fios an láoi úd, ná na húaire ag neaċ ar biṫ, ná fós, ag na haingliḃ a tá ar neaṁ, ná ag an Mac, aċd ag a Naṫair.

33 Féuċuiḋ, déanuiḋ faire agus urnuiġe: oir ní ḃfuil a ḟios agaiḃ gá tráṫ ṫiocfas a naimsir úd.

34 Aṁail duine ag dul a gcoigcríċ, dfág a ṫiġ, agus tug cuṁaċda ḋá ṡearḃḟóġantuiḃ, agus a obair féin do gaċ áonduine, agus do aiṫín dá ḋoirséoir faire do ḋéanaṁ.

35 Ar a naḋḃarsin déannuiḋsi fáire: (oír ní ḃfuil a ḋios aguiḃ gá ham ṫiocfas fear an tiġe, an tráṫ nóna, nó a meaḋón oiḋċe, nó a ngairm an ċoiliġ, nó air maidin:)

36 Deagla ar dteaċd go hobann dó go ḃfuiġeaḋ sé siḃsi ḃar gcodlaḋ.

37 Agus na neiṫe a deirim riḃsi a deirím ré a nuile ḋuine iád: Déuniḋ faire.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan