Marcus 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII Gu tteilgṫear na Hiuduíġe, mur sgologuíḃ mio-ċoianġiollaċ, sanntaċ, fuilteaċ. 1 Agus do ṫionnsgain sé laḃairt ríu a gcosaṁlaċdaiḃ. Ag ráḋ, Do ċuir duine áiriġṫe fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċuil sé ionad brúiġte an ḟióna, agus do ṫóg sé tor, agus tug sé ar ċiós do sgológaiḃ í, agus do ċúaiḋ sé féin a goigcríċ. 2 Agus do ċuir sé searḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ na am féin, do ċum go ḃfuiġeaḋ sé ní do ṫoraḋ na fíneaṁna ó na sgológuiḃ. 3 Aċd ar mbreiṫ air ḋóiḃsean, do ḃuaileadar, agus do leigeadar úaṫa foluṁ é. 4 Agus a rís do ċuir sé ċuca searḃḟoġantuiġe eile; agus ar ngaḃáíl do cloċaiḃ ar an ḃfear sin, do ḃriseadar a ċeann, agus do ċuireadar úaṫa fá ṁíoṁoḋ é. 5 Agus a rís do ċuir sé neaċ eile ċuca; agus do ṁarḃadar an fearsin, agus mórán eile; ag buálaḋ coda aca, agus ag marḃaḋ coda eile. 6 Aċd do ḃí aige fós éun ṁac, a ṁáin ionṁuin, agus do ċuir sé éisean mar an gceadna ċuca fá ḋeireaḋ, ag ráḋ, Do ḃéuruid síad onóir dom ṁac. 7 Aċd a duḃradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toiḋre; tigiḋ, marḃum é, agus buḋ linn féin an oiḋreaċd. 8 Agus ar mbreiṫ air, do ṁarḃadar é, agus do ṫeilgeadar as an ḃfíneaṁain a maċ é. 9 Ar a naḋḃarsin créud ḋéanas tiġearna na fíneaṁna? Tiocfaiḋ sé agus sgriosfuiḋ sé na sgológa, agus do ḃéura sé an ḟíneaṁuin do ḋáoiniḃ eile. 10 An né nár léuġaḃair an sgriobtúir so; An ċloċ do ḋíultadar na sáoir is í atá air na déanaṁ na ceann sa ċúainne: 11 Is é an Tiġearna do rinne so, agus is iongnaḋ é ann ar súiliḃne. 12 Agus do iarradarsan breiṫ air, aċd do ḃí eagla an ṗobail orrṫa: óir do ṫuigeadar gur ab na naġaiḋ féin a duḃairt sé an ċosaṁlaċd sin, agus ar na ḟagḃail do imṫiġeadar rompa. 13 Agus do ċuireadar ċuige dream airiġe do na Ṗairisíneaċuiḃ agus do ṁuinntir Iorúaiṫ, do ċum go ngreamóċaidís é an a ċaint. 14 Agus an tan ṫáinic síad, á duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinne go ḃfuil tusa firinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonduine: óir ní ḟéuċann tú ar ṗearsuinn na ndáoine, aċd múiniḋ tú sliġe Dé do réir ná fírinne: An ceaduiġeaċ cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt? 15 An dtiuḃrum, no naċ dtiuḃrum? Agus ar naiṫne a cceilge ḋósan, a duḃairt sé riú, Créd fá ccurṫáoi caṫuġaḋ oram? Taḃruiḋ ċugam piġinn, dá féuċain. 16 Agus tugadarsan sin léo. Agus a duḃairt seision riu, Cía dár an ioṁáiġ so? Agus cía ré a mbeannan an sgríḃinn? agus a duḃradar ris, Ré Séasar. 17 Agus a ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋ do ṡéasar na neiṫe is lé Séasar, agus do Ḋía na neiṫe is lé Día. Agus do biongnaḋ léo é. 18 Agus tangadar na Saduiċíniġ ċuige, noċ a deir náċ ḃfuil eiséirġe ann; agus do ḟíafruiġeadur ḋe, ag ráḋ, 19 A Ṁaiġisdir, do sgríoḃ Máoisi ḋuinn, Dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair ḋuine ar biṫ bás, agus do ḃfúigfeaḋ sé a ḃean, agus naċ ḃfuigfeaḋ sé clann, a ḋearḃráṫair do ġaḃáíl a ṁná súd ċuige, do ṫógḃáíl sleaċda ḋá ḋearḃráṫair. 20 Do ḃádar móirṡeisior dearḃráṫar ann: agus tug an cédḟear ḋíoḃ bean, agus ar ḃfaġail báis dó, nír ḟág sé slioċd. 21 Agus do ġaḃ an dara fearr ċuige í, agus fúair sé bás, agus níor ḟág seision fós slioċd: agus an treas fear mar an gcéudna. 22 Agus tugadar an móirṡeisear í, agus nír ḟagḃadar slioċd: agus tar éis ċáiċ uile fúair an ḃean bás mar an gcéadna. 23 Ar a naḋḃarsin ann sa neiséirġe, an tan do ḋéunuid eiséirġe, cía aca da maḋ bean í? oír do ḃí sí ag an móirṡeisior na mnáoi. 24 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé riú, Naċ uime so a tá siḃ ar seaċrán, tré náċ ḃfuil éolus na sgriobtúiriġ aguiḃ, na cuṁaċd Dé? 25 Oír an tan éiréoċuiḋ síad ó ṁarḃuiḃ, ní ṫaḃruid fir mná, agus no taḃarṫar mná dfearuiḃ; aċd a táid mar na haingliḃ a tá ar neaṁ. 26 Aċd a dtimċeall na marḃ, go néireoċuid síad arís: an né nár léuġaḃair a leaḃar Ṁáoisi, cionnas do laḃair Día ris ann sa sceiċ, ag ráḋ, Is mísi Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iacob? 27 Ní hé Día na marḃ é, aċd Día na mbéo: ar a naḋḃársin a tá siḃsé ar seaċrán go mór. 28 Agus ṫáinic neaċ do na sgríobuiḋiḃ ċuca, do ċúalaiḋ ag diosbóireaċd íad, agus mar do ċonnairc sé gur maiṫ do ḟreagair sé íad, dfíafruiġ sé ḋe, Cía an ċéud aiṫne do na haiṫeantuiḃ uile? 29 Agus do ḟreagair Iósa é, gurab í an ċéud do na huile aiṫeantuiḃ, Eísd, a Israél; Ar Dtiġearna Día, is áoin Tiġearna é: 30 Ar a naḋḃarsin Gráiḋeíċuiḋ tú an Tiġearna do Ḋía féin as do ċroiḋe uile, agus as ṫanum uile, agus as ṫíntinn uile, agus as do ḃríġ uile: ag so an ċéudaíṫne. 31 Agus is cósṁuil ría so, an dara haiṫne, Gráiḋéoċuiḋ tú do ċoṁarsa mar ṫú féin. Ní ḃfuil áiṫne eile ann is mó ná íad so. 32 Agus a duḃairt an sgríobuiḋe ris, Is maiṫ, a Ṁaiġisdir, a duḃairt tú an ḟírinne: as éin Día a tá ann; agus ní ḃfuil aṫarraċ ann aċd é féin: 33 Agus a ġráḋuġaḋ as a gcroiḋe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbríġ uile, agus an ċoṁarsa do ġráḋuġaḋ mar é féin, is mó sin ná na huile íoḋbarṫa agus ofráil. 34 Agus an tan do ċonnairc Iósa gur ṫuigseaċ do ḟreagair sé, a duḃairt sé ris, Ní fada ó ḟlaiṫeas Dé atá tú. Agus níor laṁ éinneaċ ó sin súas ceisd do ċur air. 35 Agus ar ḃfreagrá Díosa a duḃairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuiḋe gur ab é Criosd mac Ḋáiḃi? 36 Oír a duḃairt Dáiḃi féin tríd an Spíorad Náoṁ, A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearnasa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, no go gcuire mé do náṁaid na sdól fád ċosuiḃ. 37 Ar a naḋḃarsin goiriḋ Dáiḃí féin a Ṫiġearna ḋe; agus cionnas a tá sé na ṁac aige? Agus do éisd cudeaċda ṁor go fonnṁar ris. 38 Agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg, Coiṁéuduiḋ siḃ ó na sgríobuiḋiḃ, lé nab ionṁuin sioḃal a gculaḋaiḃ fada, agus fáiltiġe dfaġáil ar na margaiḋiḃ. 39 Agus na céud ionuid suiḋe ann sna sínagógaiḃ, agus tús suiḋe súas ar na féusdaiġiḃ: 40 Noċ ṡluigeas tiġe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ag úrnuiġe: do ġeuḃuid so an breiṫeaṁnus is truime. 41 Agus an tan do ṡuiḋ Iósa as coṁair ionad coiṁéuda an ċisde, tug sé ḋá aire cionnas do ċuireaḋ an pobal ionṁuis ann: agus do ċuireadar mórán do ḋáoiniḃ saiḋḃre mórán ann. 42 Agus ar dteaċd do ḃaintreaḃaiġ ḃoċd áiriġe, do ṫeilg sí ann ḋá ṗíosa beaga do ní feóirlinn. 43 Agus ar ngairm a ḋeisciobail dó, a duḃairt sé riu, Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur ab mó do ċuir an ḃainntreaḃaċ ḃoċd so ann sa ċisde, ná cáċ uile do ċuir ní ann: 44 Oír is don ní do ḃí diomarcaiġ aca do ċuireadarsan uile ann; aċt do ċuir sí so ann ḋá dáiḃreas féin, a ráiḃ aice. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society