Marcus 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Beaṫa ċrúaiḋ, agus seanmóir Eóin um leasuġaḋ beaṫa, 14 le soisgeil aóiḃinn Ċriosd a ttáoḃ ṡáoraḋ na nanmann. 1 Tosaċ ṡoisgeil Iósa Ċríosd, Ṁic Dé; 2 Mar atá sgríoḃṫa annsna fáiḋiḃ, Féuċ, cuirim mo ṫeaċdaire roṁad, noċ uillṁeoċas do ṡliġe roṁad. 3 Guṫ an tí éiṁġeas ar an ḃfásaċ, Oílṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, déanaiḋ a ċasáin díreaċ. 4 Do ḃí Eoin ag baisdeaḋ ar an ḃfásaċ, agus ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe do ċum maiṫṁeaċuis na bpeacaḋ. 5 Agus do ċúaiḋ tír Iúdaiġe uile, agus luċd Iérusaléim a maċ ċuige, agus do ḃaisdeaḋ leis íad uile a sruṫ Iordáin, ag adṁáil a bpeacaḋ. 6 Agus do ḃí Eóin ar na éaduġaḋ dó rúaínneaċ cáṁall, agus crios leaṫair timċeall a leasruiġ; agus a sé bíaḋ do iṫeaḋ sé, lócuisdiġe agus mil ċoilteaṁail; 7 Agus do rinne sé seanmóir, ag ráḋ, Tig am ḋiáiġsi neaċ is neartṁuire na misi, ag náċ fiu mé cromaḋ agus íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ. 8 Go deiṁin do ḃaisd misi siḃ lé huisge, aċd ċeana baisfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ. 9 Agus tarla ann sna laéṫiḃ sin, go dtainic Iosa ó Nasarét na Galilé, agus gur baisdeaḋ é a Iórdan lé Héoin. 10 Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do ċonnairc sé neaṁ ar ná sgóiltaḋ ó ċeile, agus an Spiorad ag tuirrling airsion a rioċd ċoluim: 11 Agus táinic guṫ ó neaṁ, Is tusa mo Ṁac gráḋaċsa, an a ḃfuil mo ṁór ṫoil. 12 Agus ar an mball do ṫarruing an Spiorad é ar an ḃfásaċ. 13 Agus do ḃí sé ann sin ar an ḃfásaċ ḋá ḟiṫċead lá, ág fulang ċaṫuiġṫe ó Ṡátan; agus do ḃí sé a ḃfoċair na mbeiṫeaċ allta; agus do ḃí na haingil ag mionasdrálaċd dó. 14 Agus tar éis Eóin do ċur a bpriosún, táinic Iósa don Ġalilé, ag seanmoir soisgéil rioġaċda Dé, 15 Agus ag ráḋ, Do coiṁlíonaḋ a náimsir, agus do ḋruid ríoġaċd Dé rinne: déanuiġ aiṫríġe, agus creidiġ don tsoisgéul. 16 Agus ar siuḃal dó láiṁ ré fairge na Galilé, do ċonnairc sé Síomón agus Aíndrias a ḋearḃráṫair ag teilgean lín ann sa ḃfairge: (óir do buḋ íasguireaḋa íad.) 17 Agus a duḃairt Iósa ríu, Leanaiḋ misi, agus do ḋéana mé íasguireaḋa ar ḋáoiniḃ ḋíḃ. 18 Agus ar ḃfagḃáil a líontaḋ ar an mball dóiḃsion, do leanadar é. 19 Agus ar nimṫeaċd dó beagan as sin, do ċonnairc sé Séumas ṁac Sebede, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus íad a luing ag córugbaḋ a líontaḋ. 20 Agus do ġoir sé íad ar an mball: agus ar ḃfagḃáil Sebedé a naṫar ḋóiḃsion an sa luing maille ris an luċd túarasdail, do leanadar é. 21 Agus tíaġuid a sdeaċ go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do ċúaiḋ Iosa don tsionsgóig, agus do ṫeaguisg sé ann. 22 Agus do ġaḃ iongnaḋ íadsan fá na ṫeagasg: óir do ṫeaguisg sé íad mar neaċ agá raiḃ cuṁaċda, agus ní mar na sgríobuiġe. 23 Agus do ḃí an a sionagólgsion neaċ an a raiḃ spiorad neaṁġlan; agus do éiġ sé, 24 Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé. 25 Agus do ḃagair Iósa air, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. 26 Agus do réub an spiorad neaṁglan é, agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, táinic se a maċ as. 27 Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo, 28 Agus do ċúaiḋ a ċlúsan ar an mball ar feaḋ na tíre uile a dtimċeall na Galilé. 29 Agus mar is lúaiṫe, do ċúadar as an tsionagoig, tangadar go tiġ Ṡimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin. 30 Agus do ḃí maṫair ṁná Ṡimóin na luiġe a bfiaḃrus, agus do labradarsan do láṫair risean na tímċeall. 31 Agus táinic seision na cionn agus do ṫóg sé í, ag breiṫ ar láiṁ uirrṫe; agus do ḋealuiġ an fíaḃrus ría ar am mball, agus do rinne si frioṫólaṁ ḋóiḃ. 32 Agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, ar ndul don ġréin fáoi, tugadar ċuige gaċ áon dá raiḃ easlan, agus an a raḃadar deaṁain. 33 Agus do ḃí an ċaṫair uile ar gcruinniuġaḋ ċum an doruis. 34 Agus ṡlánuiġ sé mórán ar a raḃadar easláinteaḋa ilġnéṫeaċa, agus do ṫeolg sé amaċ mórán deaṁan; agus níor ḟulaing sé do na deaṁnuiḃ a ráḋ, go raiḃ éolus aca air. 35 Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin. 36 Agus do lean Siómon é, agus an dream do ḃí na ḟoċuir. 37 Agus an tan fúaradar é, a duḃradar ris, Atá gaċ áonduine dod íarruiġ. 38 Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtiḃ beaga so láiṁ rinn, do ċum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is ċuige so ṫáínic me a maċ. 39 Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ. 40 Agus tig loḃar ċuige, dá léigean ar a ġlúiniḃ ḋó, ag íaruiġ daṫċuinge air, agus dá ráḋ ris, Más toil leaċd, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ. 41 Agus ar ngaḃáil truaiġe móire Díosa ḋó, agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, agus a duḃairt sé ris, Is toil; bí glan. 42 Agus ar laḃairt dósan, do imṫiġ an luḃra úaḋ ar ball, agus do ḃí sé ar na ġlanaḋ. 43 Agus tar éis bagar air, do ċuir sé úaḋ é do laṫair; 44 Agus a duḃairt sé ris, Taḃair dod aire naċ innéosa tú déinneaċ é: imdiġ, taisben ṫú féin don tsagart, agus ioḋbair ar son do ġlanta na neiṫe do aiṫin Máoise, mar ḟíadnuisi ḋóiḃ. 45 Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society