Malaċi 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Teaċtaire, teaċt, agus dearsgnuiḋeaċd Ċríosd; 7 le ceannáirge, mi‐ċreideaṁ, agus sladṁoireaċd ní dáoine, ar Ḋía. 1 Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ. 2 Aċt cía ḟéadas lá a ṫeaċta dfulang? agus cía ṡeasfas an tan ṫaisbeanfas sé é féin? óir is cosṁuil é re teine an ċeárda, agus re sóp ḟiġealta éaduiġ: 3 Agus suiġfiḋ sé aṁuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Léḃi, agus sciúrta sé íad aṁuil agus airgiod, ċor go nofráluid don TIĠEARNA ofráil a ḃfíréantaċd. 4 Annsin biáiḋ ofrala Iúdah agus Ierusalem taitneaṁaċ aig an TIĠEARNA, mar annsna láeṫiḃ a nallód, agus aṁuil annsna blíaḋnuiḃ roiṁe. 5 Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ. 6 Oír is misi an TIĠEARNA, ní áṫruiġim; uimesin a ṁaca Iácob ní ḃtuiltíse scriosta. 7 ¶ Eaḋon ó láeṫiḃ ḃur naiṫreaḋ do imṫiġeaḃair óm órduiġṫiḃsi, agus níor ċuṁduiġeaḃair íad. Filliḋsi ċugamsa, agus fillfiḋ misi ċugaiḃsi, a deir TIĠEARNA na slóġ. Aċt a duḃraḃairsi, Cred iona ḃfillfiom? 8 ¶ An sladfa duine Día? giḋeaḋ do ṡladaḃairsi misi. Aċt a dearṫáoi, Cred ionar ṡladamar ṫú? A ndeaċṁaḋuiḃ agus a nofraluiḃ. 9 Atáṫaói malluiġṫe le mallaċt: óir do ṡladaḃair misi, éaḋon an cineaḋso uile. 10 Tugaiḋ an deaċṁaḋ uile go tiġ a nionnṁuis, le mbí biáḋ ann mo ṫiġse, agus dearḃuiḋ a nois le so mé, a deir TIĠEARNA na slóġ, muna noscla mé fuinneóga neiṁe ḋíḃ, agus beannuġaḋ do ḋórtuġaḋ ċugaiḃ amaċ, iondus naċ bía áit go lór. 11 Agus imaiṫḃeorad an millteaċ ar ḃur sonsa, agus ni ṁillfiḋ sé torrṫa ḃur ttalṁan; ní mó ṫeilgfeas ḃur ḃfineaṁain a toraḋ roiṁe a nam san maċaire, a deir TIĠEARNA na slóġ. 12 Agus goirfid na huile ċineaḋaċa beannuiġ ḋíḃ: óir béiṫí ḃur ttalaṁ ṫaitneaṁaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ. 13 ¶ Do ḃádar ḃur mbríaṫra borb am aġaiḋse, a deir an TIĠEARNA. Giḋeaḋ a dearṫaóise, Cred do laḃramar ad aġaiḋ? 14 A duḃraḃair, Is ní díoṁaóin foġnaṁ do Ḋía: agus cread a ṫarḃa gur ċoiṁéadamar a órduġaḋ, agus gur ṡiuḃluiġeamar go dóḃrónaċ a laṫair ṪIĠEARNA na slóġ? 15 Agus a nois goirmid sona don núaiḃreaċ; aseaḋ, atá an luċt oibriġios urċóid ar na ccur súas; fós, atá an luċt ċuirios caṫuġaḋ ar Ḋia atáid ċeana ar na saóraḋ. 16 ¶ Annsin do laḃair an drong do imeagluiḋ an TIĠEARNA gaċ áon dioḃ ré ċéile go minic: agus déisd an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ, agus do ḃí leaḃar cuiṁne scríoḃṫa iona ḟíaġnuise don ṁuinntir do imeagluiġ an TIĠEARNA, agus do smúain air a ainm. 17 Agus buḋ liomsa íad, a deir TIĠEARNA na slóġ, annsa ló a ndéana mé mo ṡéada súas; agus coigealuiḋ mé íad, mar ċoigleas duine a ṁac féin noċ ḟoġnas dó. 18 Annsin iompoċṫaói, agus eidirḋeileoċṫaói idir an ḃfíréun agus an ciontaċ, idir an té ḟoġnas do Ḋía agus an té naċ ḃfoġnann dó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society