Malaċi 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Iom‐aiṫfir na sagart, 11 agus an ṗobaill. 1 AGUS anois, a ṡagarta, is díḃsi atá a náiṫnese. 2 Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é. 3 Féuċ, truaillfiḋ mé ḃur síol, agus leaṫnoċa mé aóileaċ air ḃur naiġṫiḃ, eaḋon aóileaċ ḃur ḃféustaġ sollamonta; agus do ḃéara sin leis siḃ maille ris. 4 Agus aiṫeontaói gur ċuir misi a náiṫnesi ċugaiḃ, ċor go mbíaṫ mo ċunnraḋ le Léḃi, a deir TIĠEARNA na slóġ. 5 Do ḃí mo ċunnraḋ ris ar ṡáoġal agus air ṡíoṫċain; agus ṫug mé ḋó iad ar son na beagla lé raiḃ eagla aige roṁam, agus do ḃí eagla air roiṁe mainm. 6 Do ḃí dliġeaḋ na fírinne iona ḃéul, agus níor fríṫ éicceart iona ṗuisíniḃ: do ṡiuḃuil sé liomsa a síoṫċain agus a cceart, agus dfill mórán leis ó eaicceart. 7 Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ. 8 Aċt do ċúaḃairsi as an tsliġe; ṫugaḃair air ṁórán tuisleaḋ ar an ndliġeaḋ; do ṫruaileaḃair cunnraḋ Léḃi, a deir TIĠEARNA na slóġ. 9 Uime sin fós do rinne mé siḃsi tarcuisneaċ agus dímeasta as coinne a nuile ṗobal, do réir mar nár ċoiṁéadaḃair mo ṡliġṫe, aċt go raḃaḃair leaṫrannaċ annsa dliġeaḋ. 10 ¶ Naċ áonaṫair atá aguinn uile? naċ aóin Día do ċruṫaiġ sinn? cred fa ndéanmaóid go fealltaċ gaċ nduine a naġaiḋ a ḋearḃraṫar, ag truáilleaḋ cunnarṫa ar naiṫreaḋ? 11 Do rinne Iúdah go fealltaċ, agus do rinneaḋ gráineaṁlaċt ann Israel agus ann Ierusalem; óir do ḋíoṁaóiniġ Iúdah náoṁṫaċt an TIĠEARNA noċ do ġráḋuiġ sé, agus do ṗós sé inġean dé ċoiṁṫiġiḋ. 12 Geárrfa an TIĠEARNA amaċ an duine do ní so, an maiġistir agus an scoláir, amaċ as tabernacluiḃ Iácob, agus an té ṫairgios ofráil do ṪIĠEARNA na slóġ. 13 ¶ Agus do rinneaḃair so a rís, ag folaċ altóra an TIĠEARNA lé deóruiḃ, lé gul, agus lé héiġioṁ árd, iondus naċ ḃfuil suim aige annsa nofráil ní as mó, nó a glacaḋ lé toil ṁaiṫ as ḃur laiṁsi. 14 Ṫairis sin a dearṫaói, Cred uime? Do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA dfiaḋnuisi eadrad agus bean hoíge, a naġaiḋ a ndéarna tusa go míoċoinġiollaċ: giḋeaḋ is isi do ċompánaċ, agus bean do ċunnarṫa. 15 Agus naċ deárna seision áon? Giḋeaḋ do ḃí fuiġioll don spiorad aige. Agus cred uime áon? As a níarrfaḋ sé síolta náoṁṫa. Uimesin taḃair aire dot spioraid, agus na déanaḋ duine ar bioṫ go fealtaċ a naġaiḋ mná a óige. 16 Oír a deir an TIĠEARNA, Dia Israel, gur fuáṫ leis cur air siuḃál: óir foluiġiḋ aon foireígion lé na éadaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: uime sin tugaiḋ aire dá ḃur spioraid, iondus naċ déantaói go míoċoinnġiollaċ. 17 ¶ Do ċoireaḃair an TIĠEARNA le ḃur mbríaṫruiḃ. Ṫairis sin a dearṫaói, Cioḋ ié ar ċuireamar é? an tan a dearṫaói, A nuile ḋuine da ndéan olc is maiṫ é a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ḃí dúil aige ionta; nó, Cáit a ḃfuil Dia an ḃreiṫeaṁnuis? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society