Malaċi 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Peacaḋ moí‐nadurḋa. Israel anaġaiḋ Ḋía, 7 agus a niruailliḋeaċt urċoideaċ a ttaoḃ an teampuill. 1 Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel tré Ṁalaċi. 2 Do ġráḋuiġ mé siḃ, a deir an TIĠEARNA. Giḋeaḋ a dearṫaói, Cioḋ ionar ġráḋuiġ tú sinn? Naċ ar ḃé Esau dearḃraṫair Iácob? a deir an TIĠEARNA: giḋeaḋ do ġráḋuiġ misi Iácob, 3 Agus do ḟúaṫuiġ mé Esau, agus dfág mé a ṡléiḃte agus a oiġreaċt na ḃfásaċ do ḋragunuiḃ a nfásaiġ. 4 An tionad a nabair Edom, Do boċtuiġeaḋ sinn, aċt fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Cuirfid síad súas, aċt teilgfiḋ misi síos; agus goirfid siad díoḃ, Teórann na hurċóide, agus, Na daóine a naġaiḋ a ḃfuil dioġaltas an TIĠEARNA a coṁnuiġe. 5 Agus do ċífid ḃur súile, agus a déarṫaói; Móroċṫar an TIĠEARNA ó ṫeóruinn Israel. 6 ¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm? 7 Ioḋbarṫaói arán trúailliġṫe air maltóir; agus a dearṫaói, Cred ionar ṫrúailleamar ṫú? ann so go nabarṫáoi, Is tarcuisneaċ bórd an TIĠEARNA. 8 Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ. 9 Anois, íarruim daṫċuinge oruiḃ, guiḋiḋ Día íondus go mbía sé grásaṁuil dúinn: is dá ḃur ttáoiḃsi ṫainicso: an mbiáiḋ suim aige ann ḃur bpearsannuiḃ? a deir TIĠEARNA na slóġ. 10 Cia atá ḃur measc do ḋruidfeaḋ na doirsi? agus naċ lastaói teine air maltóirse gan aḋḃar. Ní ḃfuil taitneaṁ ar bioṫ agum ionnuiḃ, a deir TIĠEARNA na slóġ, ní mó ġéaḃus mé ofráil as ḃur láiṁ. 11 Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ. 12 Aċt do rinneaḃairse truáilliġṫe é, a náit a nabarṫaói, Is truáilliġṫe bórd an TIĠEARNA; agus a ṫoraḋ, eaḋon is tarcuisneaċ, a ḃiáḋ. 13 A duḃraḃair fós, Féuċ, an sáoṫar! agus do ṡéideaḃair uáiḃ é, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus ṫugaḃair liḃ an ní do ḃí réubṫa, agus an teaslán, agus an bacaċ; marso ṫugaḃair ofráil liḃ: an ngéaḃuinnsi so as ḃur lámbuiḃ? a deir an TIĠEARNA. 14 ¶ Aċt go maḋ malluiġ ḃías an mealltóir, agá ḃfuil firionaċ iona ṫréud, agus ṁóideas, agus íoḋbras don TIĠEARNA ní truáilliġṫe: óir is Ríġ mór misi, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus is báoġlaċ mainm a measc na ngeinteaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society