Maitiú 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX Do ṡáor Críosd daóine ó ṗeacaḋ, ó Ṗairilisi, agus iomaḋa ġalar. 36 Diarr se fós, Día ġuiḋe do ċur búaċaille amaċ ḋa eagluise. 1 Agus ar ndul a loing ḋó, do ċúaiḋ sé tar uisge, agus ṫainic se da ċaṫraiġ féin. 2 Agus, féuċ, tugadar fear pairilise, na luiġe air a leabaiḋ ċuiġe: agus an tan do ċunnairc Iósa a gcreideaṁ a duḃairt sé re fear na pairilisi; Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad a ṁic; ataid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit. 3 Agus, féuċ, a duḃradar cuid airiġe dona sgríobaiġiḃ ionta féin, Atá an fearso a laḃairt blasṗeime. 4 Agus an tan do ċunnairc Iósa a smúaintiġṫe a duḃairt sé, Créud fá smúaintiġṫisi uilc ann ḃur gcroiḋṫiḃ? 5 Oír cía is usa, a ráḋ, A taid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ, agus sioḃail? 6 Aċd do ċum mbeiṫ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine peacaiġ do ṁaiṫeaṁ ar an ttalaṁ, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Eriġ, tógaiḋ do leabaiġ, agus imṫiġ dod ṫiġ. 7 Agus ar néirġe ḋósan, do ċúaiġ sé ḋá ṫiġ féin. 8 Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ. 9 Agus an tan do ċúaiġ Iósa as a náitsin, do ċunnairc sé oglaċ, na ṡuiġe ag bord an ċusduim, dar ḃainm Maṫa, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋó, do lean sé é. 10 Agus tainic ċum críċe, ar suiḋe Diosa ċum bíḋ san tiġ, féuċ, tangadar iomad puibliocánaċ agus do ṡuiġeadar re Hiosa agus ré na ḋeisgiobluiḃ. 11 Agus an tan do ċunncadar na Ṗairisiniġ sin, a duḃradar ré na ḋeisgiobluiḃsean, Créud fa niṫeann ḃur Maiġisdirsi a ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ? 12 Agus an tan do ċúalaiġ Iósa so, a duḃáirt sé ríu, Ní ag an ṁuinntir a tá slán atá féiḋm ar an líaiġ, aċ dag an ṁuinntir a tá easlán. 13 Aċd imṫiġ, agus foġlomaiġ a ċíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hióḋbuirt: óir ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfíréunaċ, aċd na bpeacaċ do ċum aiṫriġe. 14 Ann sin tangadar deisgióbail Eóin ċuige, ag ráḋ, Créud fa a ndéunmaóidne agus na Ṗárisiniġ iomad triosge, agus naċ troisgíd do ḋeisgiobail sé? 15 Agus a duḃairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an ḟir núaṗosda ḃeiṫ dóbronaċ, an feaḋ ḃios an té do pósaḋ na ḃfoċair? aċd tiocfuiḋ lá ann, a dtóigéaḃṫar an fear núaṗósda uáṫa, agus ann sin do ḋéunaid síad trosgaḋ. 16 Agus ní ċuireann duine ar biṫ preaban déudaċ gan ċóruġaḋ air ṡeinéadaċ, óir beanuiḋ sé a lán féin as a néadaċ, agus do neíṫear an briseaḋ ní is measa. 17 Agus ní ċuirid daóine fíon núa a seanḃuidéulaiḃ: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múġa: aċd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaiḃ núaḋa, agus bíd síad aráon slán. 18 Agus a laḃairt na neiṫeannso ḋó ríu, féuċ, ar tteaċd dúaċdarán aíriġṫe ċuige, do onóruiġ sé é, ag raḋ, Fúair minġean bás ar an mball: aċ tarrsa agus cuir do láṁ uirrṫe, agus biáiḋ sí béo. 19 Agus ar neírġe Diósa, do lean sé féin, agus a ḋeisgiobail é. 20 (Agus, féuċ, ṫáinic bean, ar a raiḃ dórtaḋ fola le ḋá ḃliáḋain déag, táoḃ ṡiar ḋe, agus do ċumail sí lé imeal a éudaiġ: 21 Oír a duḃairt sí innte féin, Ma ḃeanaim lé na eúdaċ a ṁaín, biaíḋ mé slán. 22 Agus ar ḃfilleaḋ Diósa agus ar na faicsinsean dó, a duḃairt sé, Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad, a inġean; do ṡlánaiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus do ḃí an ḃean slán ó a nuáirsin a maċ.) 23 Agus an tan ṫáinic Iósa go tiġ a núaċdaráin, agus do ċunnairc se an luċd céoil agus an ċuideaċda ag déunaṁ míoṡúaiṁnis, 24 A deir sé ríu, Imṫiġiḋ roṁaiḃ: óir ní ḃfuil an cailin marḃ, aċd na codlaḋ. Agus do rinneadarsan fonóṁad faoi. 25 Agus an tan do cuireaḋ an ċuideaċda a maċ, do ċúaiḋ sé a sdeaċ, agus rug sé air láiṁ uirrṫe, agus do éiriġ an cailín. 26 Agus do ċuáiġ an tásgsa a maċ ar feaḋ na talṁansin uile. 27 Agus an tan do imṫiġ Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éiṁġe, agus ag ráḋ, Déuna trócaire oruinn, a ṁic Ḋáiḃi. 28 Agus an tráṫ ṫáinic sé a sdeaċ do tiġ, tangadar na doill ċuiġe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidṫí gur ab eídir leamsa so do ḋéanaṁ? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Ṫiġearna. 29 Ann sin do ḃean sé ré na súiliḃ, ag ráḋ, Teagṁaḋ ḋáoiḃ do réir ḃur gcreidiṁ. 30 Agus do hosglaḋ a súile; agus do ḃagair Iósa go géur orrṫa, ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋa ḃur naire naċ ḃfuiġe duine ar biṫ a ḟios so. 31 Aċd ar ndul a maċ ḋóiḃsean, so leaṫnuiġeadar a ċlúsan fan ttalaṁsin uile. 32 Agus an tan do ċúadarsan a maċ, féuċ, tugadar duine balḃ ċuige ann a raiḃ deaṁan. 33 Agus tar éis an deaṁan do ṫeilgean a maċ, do laḃair an balḃán: agus do ġaḃ iongantas an pubal, ag ráḋ, Ní ḃfacas a leiṫéide so a Níosrael ríaṁ. 34 Aċd a duḃradar na Ṗairisiniġ, Tre ṗrionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé an maċ na deaṁain. 35 Agus do ġaḃ Iósa timċeall gaċ uile ċaṫraċ agus baile, ag teagasg ann a sionagógaiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánuġaḋ gaċ uile easláinte éagcruáis a measg an ṗubáil. 36 Agus an tan do ċunairc sé an slúaġ, do ġaḃ truáiġe ġéar ḋóiḃ é, ar son go raḃadar curṫa, ar na leaṫnuġaḋ agus ar na sgaraḋ, mar ċáorċa ag naċ ḃfuil tréadaiġe. 37 A deir sé an tansin re na ḋeisgioblaiḃ, Go deiṁin is mór an fóġṁair, agus is beag an luċd oibre; 38 Uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟóġṁair, luċd oibre do ċur a maċ ehum a ḟóġṁair féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society