Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII Do leiġios Iósa an lóḃar, &c. 23 Ċoisc sé an anfa, 28 agus dfúaduiġ sé na deaṁain as na daoiniḃ.

1 Agus tar éis teaċda núas don tslíaḃ ḋó do leanadar cuideaċda mór é.

2 Agus, féuċ, tainic lóḃar ċuige agus do ṡléaċd sé ḋó, ag ráḋ, A Ṫiġearna, máḋ áill leaċd, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ.

3 Agus ar síneaḋ a láiṁe, do ḃean Iósa ris, ag ráḋ, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do ḃí a loḃraḋ ar na ġlanaḋ.

4 Agus a deir Iósa ris, Taḃair dod aire gan innisin do ḋuine ar biṫ; aċd imṫiġ, taisbean ṫú féin don tsagart, agus beir ċuige an tioḋlacaḋ do aiṫin Máoisi, mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.

5 Agus ar ndul Díosa a sdeaċ go Capernáum, ṫáinic sentúrion ċuige, dá ġuiḋe,

6 Agus a ráḋ, A Ṫiġearna, atá móglaċ na luiġe a sdiġ a bpairilis, agus ar na ṗiánaḋ go ró íomarcaċ.

7 Agus a deir Iósa ris, Ag teaċd ḋaṁsa slainéoċaiġ mé é.

8 Agus ar ḃfreagra do ċaiptin a duḃairt sé, a Ṫiġearna, ní fíu misi ṫusa do ṫeaċd a sdeaċ fam ċleiṫ: aċd a ṁáin abair an focal, agus sláinéoċṫar ṁógláċ.

9 Oír is duine misi féin atá fá ċuṁaċdaiḃ, ága ḃfuilid saiġdíuiriġ fúm: agus a deirim ris an ḃfearso, Imṫiġ, agus imṫiġiḋ sé; agus ris an ḃfear oilesi, Tarr, agus ṫig sé; agus rém ṡearḃḟoġantaiġ, Déuna so, agus do ní se é.

10 Aċd ar na cluinsin só Díosa, do ġaḃ iongantas é, agus a duḃairt sé ris an ṁuinntir do ḃí na ḋiáiġ, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Naċ ḃfúair mé a noireadsa do ċreideaṁ, eaḋon, a Níosráel.

11 Agus deirim riḃ, Go ttiocfuiḋ morán ó náird ṡoir agus ó náird ṡíar, agus suiġfid a ḃfoċair Aḃraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioġaċd neaṁḋa.

12 Agus teilfiḋṫear clan na ríoġaċda sa dorċadas atá léiṫ a muiġ: biáiḋ ann sin gul agus gearraḋ fíacal.

13 Agus a duḃairt Iósa ris an gcaiptín, Imṫiġ roṁad; agus bioḋ ḋuit, do réir mar do ċreid tú. Agus do slánuiġeaḋ a ṡearḃḟoġantaiḋe ar a núair sín.

14 Agus tan ṫáinic Iósa go tíġ Ṗeadair, do ċunnairc sé maṫair a ṁná ná luiġe, agus í a ḃfíaḃrus.

15 Agus do ḃean sé ré na láiṁ, agus do ḟágaiḃ an fíaḃrus i: agus do éiriġ sí, agus do rinne sí frioṫólaṁ ḋóiḃ

16 Aċd an tan do ḃí déireaḋ an láoi ann, tugadar ċuige móran ann a raḃadar deaṁain: agus do ṫeilg sé na spioruidiġe a maċ lé na ḟocal, agus do ṡlánaiġe sé gaċ uile ḋuine dá raiḃ easlán.

17 Do ċum go gcoiṁliónfuiġṫe an ní a duḃairt Esaias an ḟaiġ, a deir, Do ġaḃ seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomċair sé ar ngalruiġṫe.

18 Agus an tan do ċunnairc Iósa slúaġ mór na ṫimċeall, do aiṫin sé dul don táoiḃ oile.

19 Agus ag teaċd do sgríobaiġ aíriġe, a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, leanfuiġ misi ṫu gioḋ bé ar biṫ ball ann a raċaiḋ tú.

20 Agus a deir Iósa ris, Atáid fúaċaisiġe ag na sionnċaiḃ, agus neid ag eanlaiṫiḃ a naiéir; aċd ní ḃfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeaḋ sé a ċeann.

21 Agus a duḃairt fear eile dá ḋeisgiobluiḃ ris, A Ṫiġearna, léig ḋaṁsa imṫeaċd ar tús agus máṫair daġlacaḋ.

22 Aċd a duḃairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márḃuiḃ a mairḃ féin daġlacaḋ.

23 Agus an tan do ċúaiġ sé a luin, do leanadar a ḋeisgiobuil é.

24 Agus, féuċ, do éiriġ sdoirm ṁór ar an ḃfairge, ionnus gus ḟolaiġeadar na tonna an loug: aċd do ḃí seisean na ċodlaḋ.

25 Agus ar ndul ċuige dá ḋeisciobluiḃ, do dúisgeadar é, ag raḋ, A Ṫiġearna, saḃáil inn: a támáoid air fagḃáil.

26 Agus a deir seisean ríu, Créud fá a ḃfuiltí eaglaċ, a luċd an ċreidiṁ ḃig? Ar néirġe ḋósan an tansin, do ḃagair sé air an ngáoiṫ agus air an ḃfairge; agus ṫainic ciúnas mór ann.

27 Agus do ġaḃ iongnaḋ na daóine, ag ráḋ, Créud é an fearso, agá ḃfuilid na gáoṫa agus an ḟairge ag uṁluġaḋ ḋó!

28 Agus an tan ṫainic sé don táoiḃ eile go tír na Ngeirgésineaċ, tárrladar do ḋáoíniḃ air ann a raḃadar deaṁain, ag teaċd as na tuámaiġiḃ, agus do ḃí roḟioċṁar, ionnas nar ḃéidir do ḋuine ar ḃiṫ an tsliġesin do ġaḃail.

29 Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?

30 Agus do ḃí sealḃ ṁór mac a ḃfad úaṫa ag inġilt.

31 Agus do íarradar na deaṁain aṫċuingíḋ airsean, ag ráḋ, Ma ṫeilgeann tú a maċ sinn, léig ḋúinn dul sa trend muc úd.

32 Agus a duḃairt seisean ríu, Imṫiġe. Agus ar nimṫeaċd dóiḃ, do ċúadar ann so tréud uile do nail a ndiáiġ a gcinn sa ḃfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgiḋiḃ.

33 Agus do ṫeiṫeadar na búaċuilliġe, agus do ċúadar don ċaṫraiġ, agus do inniseadar na neiṫesi úile, agus fós na neiṫe do éiriġ don luċd ann a raḃadar na deaṁain.

34 Agus, Féuċ, do ċúaiḋ an ċaṫair uile a maċ do ṫeagṁáil air Iósa: agus an tan do ċunncadar é, do iarradar air imṫeaċd as a ttórannaiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan