Maitiú 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Crioċnuiġ an tseanmóir um ḃreaṫ ḋían, 6 gan ní naómṫat ċur a neaṁṡuim, 15 agus fáiġ aiṫniuġaḋ ar ṫríall a ḃeaṫuiḋ. 1 Na beiriḋ breaṫ, do ċum naċ mbéarṫaói breaṫ oraiḃ. 2 Oír is do réir na breiṫe ḃeirṫí, ḃeúrhar breaṫ oruiḃ: Agus is leis an miosúr ṫoṁaistí, toiṁeósfuiḋṫear ḋáoiḃ a rís. 3 Aċd oréd fá a ḃfaiceann tú an broṫ atá a súil do ḋearḃráṫar, agus naċ ccuireann tú á nuṁail an tsail atá ann do ṡúil féin? 4 No cionnas a deúra tú réd ḋearḃráṫair, Fulang ḋaṁ an broṫ do ḃúain as do ṡúil; agus, féuċ, an tsail ann do ṡúil féin? 5 A ḟir an ḟúarċráḃaiḋ, bean an tsail ar tús as do ṡúil féin; agus an sin buḋ léir ḋuit an broṫ do ḃáin as súil do ḋearḃraṫar. 6 Na taḃraiḋ an ní naóṁṫa do ṁadruiġiḃ, agus na teilgiḋ ḃur gcloċa úaisle a ḃfíaḋnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrṫa lé na gcosuiḃ, agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ go dtarroingaidís siḃ féin as a ċéile. 7 Iarruiġ, agus do ḃéurṫar ḋaóiḃ; lorgairíḋ, agus do ġeaḃṫáoi; búaliḋ an dorus, agus oisgéoltar ḋáoiḃ: 8 Oír gaċ uile neaċ iárrus glacuiḋ sé; agus gioḋ bé lorgaireas do ġéiḃ sé; agus is don té ḃuaileas an dorus oisgéoltar. 9 Oir cía an duine agaiḃsi, ma atá gi níarrfuiġ a ṁac arán, do ḃéuraḋ cloċ ḋó? 10 Agus mas iásg iárrfus sém an naṫair neiṁe do ḃeúraḋ sé ḋó? 11 Ar a naḋḃarsin, ma atá a ḟios agaiḃsi atá olc, tioḋluicṫe maiṫe do ṫaḃairt dá ḃur gcloinn, a né naċ mó ná sin do ḃéuraiḋ ḃur Naṫairse atá air neaṁ neiṫe maiṫe don dreim iárrus air iád? 12 Uime sin gaċ uile ní buḋ mían liḃ daoine do ḋéunaṁ ḋíḃ, deúnaiḋsi a leiṫéide ḋóiḃsean mar an gcéudna: oír a sé so an dliġeaḋ agus na faiġe. 13 Imṫiġiḋ a sdeaċ sa dorús ċuṁann: óir is farsing an dorus, agus is leaṫan an tsliġe, ṫréoraiġeas do ċum damanta, agus is mór ṫéid a sdeaċ ṫríṫe: 14 Do ḃríġ gur cuṁann an doras, agus is caól an tsliġe ṫréoraiġeas ċum na beaṫa, agus is beag do ġeiḃ eólus uirrṫe. 15 Coiṁéadaiġ siḃ féin ar na fáiġeannaiḃ fallsa, ṫig ċugaiḃ a gculaiḋiḃ caóraċ, agus a tá leiṫ a sdiġ na madruiḋ állta ḟúaduiġeaċda. 16 Air a ttórrṫaiḃ aiṫeóntaoi íad. An gcrunniġid daóine caóra fíneaṁna do ḋriseaċ, no fígiġe do na foṫannanaiḃ? 17 Is mar sin do ḃeir gaċ uile ċrann maiṫ tórrṫa maiṫe; aċd do ḃeir an droċċrann droċṫórrṫa. 18 Ní héidir leis an gcrann maiṫ droċṫórrṫa diomċar, na leis an gcrann gcrion tórrṫa maiṫe do ṫaḃairt. 19 Gaċ uile ċrann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus téilgṫear san teiniḋ é. 20 Ar a naḋḃarsin is air ttórṫaiḃ aiṫeontaói íad. 21 Ní é gaċ uile neaċ a deir riomsa, A Ṫiġearna, A Ṫiġearna, raċas a sdeaċ sa rióġaċd neaṁḋa; aċd an té do ní toil Ṁaṫarsa atá áir neaṁ. 22 As iomḋa daóine a deuraiḋ ríum annsa la úd, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, a né naċ ad ainmsi do rinneamar fáiġeadóireaċd? agus ad ainmsi do ṫeilgeamar a maċ na deaṁain? agus do rinneamar iomad míorḃuileaḋ? 23 Aċd ċeana aidṁeóċuiḋ misi ós aird ḋóiḃ an tansin, Níor aiṫin mé a riaṁ siḃ: imṫiġiḋ uáim, a luċ déunta na heugcóra. 24 Ar a naḋḃarsin gaċ uile neaċ do ċluinn na bríaṫrasa agamsa, agus do ní íad, saiṁléoċaiḋ mé lé duine glic é, neaċ do rinne a ṫiġ air ċárraig: 25 Agus do ṫúirling an ḟearṫainn, agus tangadar na tuilte, agus do ṡéideadar na gaóṫa, agus do ḃúaileadar ar an ttiġ úd; agus níor ṫúit sé: óir do ḃí a ḟuinniméd air ċarraig. 26 Agus gaċ uile neaċ do ċlúin mo ḃríaṫrasa, agus naċ ccoiṁlíonann íad, saiṁléoċṫar é lé duine leaṁ, neaċ do ṫógaiḃ a ṫiġ air ġaineaṁ. 27 Agus do ṫuirling an ḟearṫainn, agus tangadar na tuilte, agus do ṡéideadar na gaóṫa, agus do ḃuáileadar air an ttiġ úd; agus do ṫuit sé: agus bá mór a ṫuitim. 28 Agus tárla, an tan do ċríoċnaiġ Iósa na bríaṫrasa, gur ġaḃ úaṫḃas an pubal tré na ṫeagasgsan: 29 Oír do ṫegaisg sé íad mar neaċ agá raiḃ cuṁaċda, agus ní mar na sgríobuiġe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society