Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI Leanaiḋ an tseanmóir ar ḋaónaċt, 5 urnuiġe, 16 trosgaḋ, 24 ṡaiḋbrios, 33 riġeaċd De.

1 Tarḃraiḋ ḃur naire naċ deúntáoi ḃur ndeirc á ḃfiaḋnuisi dáoine, do ċum go ḃfaicfidís siḃ: nó ní ḃfuiġṫí lúaiḋeaċd ó ḃur Naṫair atá air neaṁ.

2 Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca.

3 Aċd an tan do ní túsa deírc, na bioḋ a ḟios aigad laíṁ ċli creúd do ní do láṁ ḋeas:

4 Do ċum go mbiaḋ do ḋéirc a ḃfolaċ: agus do ḃéaruiḋ Haṫair do ċí a ḃfolac luaiḋeáċd ḋuit ós áird.

5 Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca.

6 Aċd ċeana, an tan do ni tusa urnuiġe, imṫiġ a sdeaċ aun do ṡeómra, agus ar ḋunaḋ do ḋoruis duit, guiḋ Haṫair féin ata a ḃfolaċ; agus do ḃéaraiḋ Haṫair do ċí a ḃfolaċ luáiġeaċd ós áird duit.

7 Aċd ċeana ag déunaṁ urnuiġe ḋáoiḃ, na biṫi roċainnteaċ, mar na cineaḋaċa: óir saoíliḋ síad go neisdfiḋṫear riu anna a niomad bríaṫar.

8 Uime sin na saṁlaiġṫear siḃ riu: oír atá a ḟios ag ḃur Naṫair fein cía híad na neiṫer atá duireasḃaiġ oruiḃ ní is tásoga na iárfuiġṫí air iád.

9 Air a naḋḃarsin déanaiḋsi ḃur nurnúiġe mar so. Ar Naṫaír atá ar neaṁ, Náomṫar hainm.

10 Tiġeaḋ do ríoġaċd. Deúntar do ṫoil ar an ttalaṁ, mar do niṫear ar neaṁ.

11 Ar narán laéṫaṁail taḃair ḋúinn a niu.

12 Agus maiṫ ḋuinn ar ḃfíaċa, mar ṁaiṫmídne dar ḃréiṫeaṁnuiḃ féin.

13 Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.

14 Oir ma ṁaiṫi a gcionnta do ḋáoniḃ, maiṫfiḋ ḃur Naṫair neáṁḋa dáoiḃsi mar an gcéadna:

15 Aċd muna maiṫtisi a gcionta do na dáoiniḃ, ni ṁaiṫfiḋ ḃur Naṫair féin dáoiḃsi ḃur gcionta.

16 Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca.

17 Aċ ċeana, an tan do ḋeana tusa trosgaḋ, cuir ola ar do ċeann, agus ionnail haġaiḋ;

18 Do ċum naċ buḋ follas dona dáoiniḃ go ndéanann tú trosgaḋ, aċd dod Aṫair atá a ḃfolaċ: agus do ḃéuraiḋ Haṫair, do ċí a ḃfolaċ, lúaiḋeaċd ḋuit ós aírd.

19 Na cruinniġiḋ ionnṁas ar an ttalaṁ, mar a ttrúaillean an léoġan agus an ṁeirg é, agus mar a ttoċlaid agus mar a ngoidid na bioṫaṁnuiġ:

20 Aċd cruinniġiḋ ionnṁas ḋáoiḃ féin air neaṁ, ós ann naċ dtruáilleann an míoll críon ná an ṁeirg, agus naċ toċlaid agus naċ goidid na gaduiḋṫe:

21 Oír goiḋ bé ball iona bfuil ḃur nionnihas, is ann sin ḃiás ḃur gcroiḋe mar an gcéadna.

22 Sí an tsúil solas an ċuirp: uime sin ma ḃíonn do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ.

23 Aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biaiḋ do ċorp uile dorċa. Air a naḋḃarsin ma atá an solus atá ionnad na ḋorċadus, créud é méud an dorċaduis sin!

24 Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.

25 Ar a naḋḃarsin a deirimsi riḃ, Na biḋiḋ lán do ċúram a ttimċeall ḃur mbeaṫa, créud íosdáoi, nó ioḃṫáoi; na a ttimċeall ḃur gcuirp, creúd ċuirfi umaiḃ. A né naċ mó an tanam na an bíaḋ, agus an corp ná an téudaċ?

26 Féaċaiġ ar éunlaiṫ a naiéir: oír ni ċuirid siól, agus ní ḃeanuid siád, agus ní ċruinniġid síad ann an sgíobólaiḃ; giḋeaḋ beaṫaiġiḋ ḃur Naṫair neaṁḋasa iád. A né naċ fear siḃsi go mór na iádsan?

27 Agus cía agaiḃ lé na iomad curium ḟéadas áonḃannlaṁ do ċur lé na aírde féin?

28 Agus créud fa a ḃfuiltí roċúramaċ a ttimċeall ḃur gculaḋ? Foġlomaiḋ cionnas ḟásaid liliġe an ṁaċaire; ní ḋéunaid síad saóṫar, agus ní ṡníoṁaid síad:

29 Giḋeaḋ a deirimsi riḃ, Naċ raiḃ Soloṁ féin gon a uile ġlóir ar na eúduġaḋ mar aón díoḃ so.

30 Agus, ma eúduiġeann Día mar sin luiḃ an ṁaċaire, áta a niuġ ann, agus a máraċ ar na ṫeilgein sa núaṁain, a né naċ mó na sin siḃsi, a ḋaóine beigċreidṁeaċa?

31 Uime sin na bíḋiḋ lán do ċúram, ag ráḋ, Créd iósam? no, Créd ioḃom? no, Créd ċuirfeam umainn?

32 (Oír a siád so uile iárruid na Ciniḋeaċa:) óir áta a ḟios ag ḃur Naṫair neaṁḋa go ḃfuil a ríaċdanas so uile oraiḃ.

33 Aċd íarruiġ ar tús flaiṫeas Dé, agus a ḟiréuntaċdsan; agus teilfiḋṫear na neiṫesi uíle ċugaiḃ.

34 Uime sin na bíoḋ roċúram oruiḃ timċeall an laói máruiġ: óir biaiḋ a ṡáiṫ curium air an lá a máraċ timċeall a neiṫe féin. Is lór do lá a olc féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan