Maitiú 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVIII Eiseirġe Ċriosd, 19 leórduġaḋ an Ḃaise, agus na Nabsdal. 1 Agus a ndeireaḋ na sábbaide, an tan do ṡoillsiġ an céud lá don tseaċdṁuin, táinic Muire Ṁagdalén agus an Ṁuire eile, dféaċain an túama. 2 Agus, féuċ, do ḃí criṫ mór talṁan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tiġearna a núas ó neaṁ, táinic sé, agus diomlait sé an ċloċ ón dorus, agus do ṡuiġ sé uirrṫe. 3 Agus do ḃí a ġnúis mar mar ṫeinnteaċ, agus a éadaċ geal mar ṡneaċda: 4 Agus do ċrioṫnuiġeadar an luċd coiṁéada ar a eaglasan, agus do ḃádar a rioċd ṁairḃ. 5 Aċd ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt sé ris na mnáiḃ, Ná bíoḋ eagla oruiḃsi: óir atá a ḟios agam, gur ab é Iósa do croċaḋ a táṫáoi díarruiġ. 6 Ní ḃfuil sé ann so: óir do eiriġ sé, mar a duḃairt sé, Tigiḋ, féaċaiḋ a náit an a raiḃ an Tiġearna na luiġe. 7 Agus ar nimṫeaċd dáoiḃ go lúaṫ, innsiḋ dá ḋeisciobluiḃ gur éiriġ sé ó ṁarḃuiḃ; agus, féuċ, atá sé ag dul roṁuiḃ don Ġalilé; do ċífiḋe ann sin e: féuċ, a duḃairt misi riḃ é. 8 Agus ar nimṫeaċd ón túama go deiṫneasaċ ḋóiḃ maille ré heagla agus ré gáirdeaċus mór; do rioṫadar dá ḟoillsiuġaḋ sin dá ḋeisciobluiḃsion. 9 Agus an tan do imṫiġeadar do ċum go ḃfoillséoċadis sin dá ḋeisciobluiḃsion, féuċ, tárla Iósa orrṫá, ag ráḋ, Día ḃur ḃeaṫaḋ ḋáoiḃ. Aċd tangadarsan, agus rugadar ar a ċosaiḃsion, agus do onóruiġeadar é. 10 A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, imṫiġiḋ beiriḋ sgéula ċum mo ḋearḃraiṫreaċ do ċum go raċaidís don Ġalilé, agus do ċífid misi ann sin. 11 Agus ar nimṫeaċd dóiḃsean, féuċ, tangadar cuid don luċd faire don ċaṫair, agus do innisidear dúaċdaránuiḃ na sagart gaċ uile ní dá ndearnaḋann. 12 Agus do ċruinniġeadar a gceann a ċéile maille ris na sinnsioruiḃ, agus ar ndéanaṁ coṁairle ḋóiḃ, tugadar mórán airgid do na saiġdiúiriḃ. 13 Ag ráḋ, Abruiḋ, Tangadar a ḋeisciobuil annsa noiḋċe, agus do ġoideadar é an feaḋ do ḃámuirne ar gcodlaḋ. 14 Agus má ċluin an túaċdarán an ní so, do ḃéaruimne fa deara ḋó, naċ bía gúasaċd ar biṫ oruiḃsi. 15 Agus ar nġaḃáil an airgid dóiḃsion, do rinneadar mar do múineaḋ ḋoiḃ: agus aiṫrisdior an glorsa a measg na Níuduiġeaḋ go soiṫe an lá a niuġ. 16 Aċd do imṫiġeadar an táoindeisciobail dég don Ġalilé ċum sléiḃe mar ar órduiġ Iósa ḋóiḃ. 17 Agus an tan do ċonncadar é, do onóruiġeadar é: aċd do ḃi aṁarus ag cuid dióḃ air. 18 Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ. 19 Ar a naḋḃarsin imṫiġiḋsi, teaguisgiḋ na huile ċineaḋaċam da mbaisdeaḋ a nainm a Naṫar, agus an Ṁic, agus an Spiorad Náoiṁ: 20 Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society