Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV Cosṁalaċt na ndeiċneaḃar maiġdian, 14 na ttallanna, 31 agus foirm an ṁoir-ḃreiṫeaṁnuis.

1 Ann sin buḋ cosṁuil ríoġaċd neime ré deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lampuiḋe, agus do ċúaiḋ a maċ do ṫeagṁáil ar an ḃfear núaṗósda.

2 Agus do ḃí cúigear ḋióḃ glic, agus cúigear eile oínṁídeaċ.

3 Agus an ċuid do ḃí oinṁideaċ ar nglacaḋ a lampuiḋe, ní rugadar ola léo:

4 Aċd an ċuid do ḃi glic rugadar ola ann a soiṫiġiḃ léo ré cois a lampuiḋe.

5 Agus ar ndéanaṁ moille don ḟior núaṗósda, do ṫuit smédearnaċ ċodalta orrṫa uile agus do ċodladar.

6 Agus ann sa ṁeaḋón oiḋċe, do rinneaḋ gáir, Féuċ, a tá an fear núaṗósda ag teaċd; imḋiġiḋ a maċ do ṫeagṁáil air.

7 Agus sin do eirġeadar na hóġa uile, agus do ḋeasuiġeadar a lampuiḋe.

8 Agus a duḃradar na hoínṁide an gcuid nglic, Taḃruiḋ ḋúinne cuid da ḃur nola; oír a táid ar lampuiḋene ar ndul as.

9 Aċd do ḟreagradar an ċuid glic, ag rádin, Ar eagla naċ mbiaḋ ar sáiḋ aguinn féin agus aguiḃsi: imḋiġsi ní as táosga ċum na gceannuiġṫeaḋ, agus ceannċuiġe ola ḋíḃ féin.

10 Agus an feaḋ do ḃádar ag dul do ċeannaċ, táinic an fear núaṗósda; agus an ċuid úd do ḃí ullaṁ, do ċúadar leis a sdeaċ ċum an ṗósda: agus do híaḋaḋ an dorus.

11 Agus na ḋíaiġsin tángadar na hóġa eile mar an gceadna, ag ráḋ, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, osguil dúinne.

12 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Naċ ḃfuil a ḟios agam cía siḃ.

13 Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, oír ní ḃfuil fios an láoi ná na húaire agaiḃ an a dtiocfuiḋ Mac an duine.

14 Oír ata ríoċd neiṁe aṁuil as do ġoir duine ag dul a gcoigcríċ, a ṡearḃḟoġantuiḋe ċuige, agus tug sé a ṡaiḋḃreas dóiḃ.

15 Agus tug sé cúig tallanna do ḋuine aca, agus do ḋuine eile a dó, agus a háon do ḋuine eile; do ġaċ neaċ do réir a acfuinne; agus ar an mball do imṫiġ sé a gcoigcríċ.

16 Agus do imṫiġ an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuiġeaċd léo, agus do ġnoḋuiġ sé cúig tallanna eile leó.

17 Agus ar an nós céadna an té fúair an dá ṫallainn, do ġnoḋuiġ séisean da ṫalluinn eile.

18 Aċd do imṫiġ an té úd fúair a náon tallunn, agus do rinne sé toċuilt ann sa talaṁ, agus do ḟoluiġ sé airgead a ṫiġearna ann.

19 Agus tar éis aimsire faide ṫáinic tiġearna na searḃḟoġantuiḋeaḋ úd, agus do ní sé cúntus ríu.

20 Agus ar dteaċd don té fúair na cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag ráḋ, A ṫiġearna, cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag ráḋ, A ṫiġearna, cúig tallanna tug tú ḋaṁsa: féuċ, do ġnoḋuiġ mé cúig tallanna eile léo.

21 Agus a duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁáiṫ ḟírinniġ: do ḃí tu ionnruic ar ḃeagán, cuirfuḋ mé ós cionn ṁóráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċus do ṫiġearna féin.

22 Agus ar dteaċd ċuige don té úd fúair an dá ṫallann ṫug tú ḋaṁsa: féuċ, do ġnoḋuiġ mé ḋá ṫallann eile léo.

23 A duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁaiṫ ionnruic; do ḃí tu ionnruic a mbeagan, cuirfiḋ misi ós cionn ṁoráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċas do ṫiġearna féin.

24 Agus ar dteaċd don té úd fúair a náontallon a duḃairt sé, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur ḋuine crúaiḋ ṫú, ḃéanus ann sa náit na ċuir tú siól, agus ċruinniġeas ann sa náit naċ ar eaṫnuiġ tú:

25 Uime sin do ġaḃ eagla misi, agus do imṫiġ mé agus do ḟoluiġ mé do ṫallánn ann sa talaṁ: féuċ, ag sin do ċuid féin agad.

26 Agus ar ḃfreagra ḋá ṫiġearna, a duḃairt sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋe ḟallsa, do ḃí a ḟios agad go mbeanuimsi ann sa náit naċ ndearna mé siólċur, agus go gcruinniġim ann sa náiṫ nar leaṫnuiġ mé:

27 Uime sin do buḋ coir ḋuitsi mo ċuid airgid do ṫaḃair do luċ iomluit, agus ag teaċd daṁ do ġeaḃuinn mo ċuid féin maille lé biseaċ.

28 Ar a naḋḃarsin beanuiġ ḋe an tallann, agus taḃruiġ é don tí úd aga ḃfuilid ne deiċ dtallanna.

29 (Oir do ḃéarṫar do ġaċ ḋuine agá ḃfuil ní, agus bíaiḋ a ṡáiṫ aige: aċd an té a tá gan ní aige toigeḃṫar úaḋ fós an ní a tá aige.)

30 Agus teilgiḋ an searḃḟoġantuiḋe neaṁṫarḃaċ ann sa dorċadus a tá leiṫ a muiċ: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.

31 Agus an tráṫ ṫiocfas Mac an duine an a ġlóir féin agus na haingil náoṁṫa uile maille ris, ann sin suiḋfiḋ sé ar ċaiṫír a ġlóire féin:

32 Agus cruinnéoċṫar na huile ċiniḋeaċa an a ḟíaḋnuisi: agus dealóċuiḋ sé ó ċéile íad, mar ḋealuiġeas an táoġaire na cáoiriġ ó na meannáin:

33 Agus cuirfiḋ sé na cáoiriġ ar a láiṁ ḋeis, agus na meannáin ar a láiṁ ċlé.

34 Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:

35 Oír do ḃí ocarus oram, agus tugaḃair ní ré a iṫe ḋaṁ: do ḃí tart oram, agus tugaḃair deoċ ḋaṁ: do ḃí mé am ḋuine coigcríċe, agus tugaḃair áoiḋeaċd ḋaṁ:

36 Do ḃí mé lomnoċd, agus do ċuireaḃairsi éadaċ umam: do ḃí mé tinn, agus tangaḃair dom ḟéaċuin: do ḃí mé a bpríosún, agus tangaḃuir dom ionnsaiḋ.

37 Ann sin freagóruid na fíréanuiġ é, ag ráḋ, A Ṫiġearna, gá húair do ċoncamairne ocaras ort, agus do ṡásamar ṫu? nó tart ort, agus tugamar deoċ ḋuit?

38 Agus gá húair do ċonncamar ad ċoigcríċ ṫú, agus tugamar áoiḋeaċd ḋuit? nó lomnoċd, agus do ċuireamar éadaċ umad?

39 Nó gá húair do ċonncamar tinn, no a bpríosún ṫú, agus tangamar ċugan?

40 Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.

41 Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ:

42 Oír di ḃí mé ocraċ, agus ní ṫugaḃair bíaḋ ḋaṁ: do ḃí tart oram, agus ní ṫugaḃuir deoċ ḋaṁ:

43 Do ḃí mé coigcríċe, agus ní ṫugaḃair áoiḋeaċd ḋaṁ: do ḃí mé lomnoċd, agus níor ċuireaḃair éadaċ umam: do ḃí me éagcrúaiḋ, agus a bpríosún, agus ní ṫangaḃair dom ḟéaċuin.

44 Ann sin do ḃéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag ráḋ, A Ṫiġearna, gá húair do ċonncamairne ocaraċ, nó tartṁar, ná ad ḋéoruiġ, no lomnoċd, nó éagcrúaiḋ, no a bpríosún ṫú, agus naċ dearnamar frioṫolaṁ ḋuit?

45 Ann sin do ḃéara seisean freagra orrṫa, ag ráḋ, A deirim riḃ go firinneaċ, An ṁéid naċ dearnaḃair é déinneaċ do ṁuinntir roiḃigsi, naċ ndearnaḃair ḋaṁsa é.

46 Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan