Maitiú 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIV Coṁarṫaḋa roiṁ scrios Ierusalem. 29 Agus roiṁ ḋeireaḋ an doṁain. 1 Agus ar ḃfagḃáil an teampuill Diósa, do ímṫiġ sé: agus tangadar a ḋeisciobuil ċuige do ṫaisbéanaḋ oibreaċ an teampuill ḋó. 2 Agus a duḃairt Iósa riu, An bfaicṫí íad so uile? go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Naċ bfúigfiḋṫear cloċ ar muin ċloiċe ann so, naċ sgáoilfiḋṫear. 3 Agus ar suiġe ḋó ar ṡlíaḃ na noluiḋeaḋ, do ċúadar a ḋeisciobuil ċuige go prioḃáideaċ, ag ráḋ, Innis dúinne, gá húair ṫiocfuid na neiṫesí ċum criċe, agus créd é coṁarṫa do ṫeaċdasa, agus ḋeiriḋ an tsáoġail? 4 Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé riu, Taḃruiḋ dá ḃar naire naċ meallfa eín neaċ siḃ. 5 Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag ráḋ, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán. 6 Do ċluinfiṫí cogṫuiḋ agus túarasgḃáil cogṫaḋ: taḃruiḋ dá ḃur naire gan búaiḋreaḋ do ḃeiṫ oruiḃ: oír is éigin na neiṫesi uile do ṫeaċd ċum críċe, aċd ní ḃfuil deireaḋann fós. 7 Oir éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ríoġaċda: agus beíd górta, agus pláiġean na, agus crioṫ talṁan, a móran dáitiḃ. 8 Aċd ní ḃfuil ionnta so uile aċd, tosaċ aṁgar. 9 Ann sin do ḃéaruid síad siḃsi dá ḃur gcéasaḋ, agus muirfid siḃ: agus bíaḋ fúaṫ ag na huile ċíneaḋaċuiḃ ḋáoiḃ ar son manmasa. 10 Ann sin do ġeaḃuid móran aḋḃar oilḃeime, agus braiṫfid dáoine a ċeile, agus bíaiḋ fúaṫ aca ḋá ċéile. 11 Agus éiréoċuid mórán dfáiḋiḃ fallsa, agus meallfuid ṁórán. 12 Agus do ḃriġ go mbía a néagcóir ar na meaduġaḋ, fúairéoċuiḋ carṫannaċd ṁóráin. 13 Aċd giḋ bé ḃías seasṁaċ go deireaḋ, a sé ṡláineoċṫar. 14 Agus do ḋéantar an soisgéulsa na ríoġaċda do ṡeanmóir ar feaḋ an doṁain uile; mar ḟíaḋnuisi do na huile ċineaḋaċuiḃ; agus ann sin tiocfuiḋ an deireaḋ. 15 Ar a naḋḃarsin an tráṫ do ċífiḋe aḋḟúaṫṁuireaċd an léirsgrios, air ar laḃair Dániel fáiḋ, na seasaṁ ann sa nionad ċoisreagṫ: (tuigeaḋ, an té léaġas:) 16 Ann sin an luċd ḃiás a ttier Iúdaiġe teiṫeaḋ síad fá na sléiḃtiḃ: 17 An té a tá ar ṁullaċ an tiġe na tiġeaḋ sé a núas do ḃreiṫ neiṫe ar biṫ leis as a ṫiġ: 18 Agus an té a tá ar an maċaire na filleaḋ sé ar ais do ṫógḃáil a eaduiġ leis. 19 Agus buḋ trúaġ do na mnáiḃ torrċa, agus don luċd do ḃeir cíċe úaṫa ann sna laiṫiḃsin. 20 Agus guiḋiḋ gan ḃur dteiṫeaḋ do ḃeiṫ ann sa ngeiṁreaḋ, na sa tsaḃóid: 21 Oír bíaḋ aṁgar mór ann tráṫsin, aṁail naċ raiḃ ann ó ṫús an doṁain gus a nois, agus naċ mbiaiġ go bráṫ. 22 Agus muna ngearruiġṫi na laéṫe úd, ní raċaḋ féoil ar biṫ as: aċd gearrfuiġṫear na laéṫe úd ar son na ndáoine toġṫa. 23 Ann sin ma deir áonduine riḃ, Féuċ, a tá Críosd ann so, nó ann súd; ná creidiḋ é. 24 Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin. 25 Féuċ, tug mé sgéula ḋáoiḃ roiṁe a naimsir. 26 Ar a naḋḃarsin dá nabruid síad riḃ, Féuċ, a tá sé san ḃfásaċ; na himḋiġ amaċ: Féuċ, atá sé a seómruiḋiḃ úaigneaċa; na creidiḋ sin. 27 Oír do réir mar ṫig téinnteaċ ó a náird ṡoir, agus do cíṫear í go soiṫe a náird ṡoir, agus do cíṫear í go soiṫe a náird ṡíar; mar sin ḃías teaċd Ṁic an duine. 28 Oír giḋ bé ball ann a mbía an conablaċd, is ann sin ċruineoċṫar na hioluir. 29 Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe. 30 Ann sin do ċífiḋṫear coṁarṫa Ṁic an duine ar neaṁ: agus ann sin caóifid treaḃa na talṁan uile, agus do ċífid Mac an duine ag teaċd a néullaiḃ neiṁe maille ré cuṁaċdaiḃ agus ré glóir ṁóir. 31 Agus cuirfiḋ sé a aingil le trompa agus lé guṫ mór, agus cruinneoċuid síad a ḋáoine toġṫasan ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal neiṁe go soiṫe an leiṫimeal eile ḋe. 32 Agus foġlomuiḋ cosaṁlaċd ón ċrann fíge; A núair ḃíos a ġéagmáoṫ, agus ḟásas a ḋuilleaḃair, áiṫeantar gur ab fogas an saṁraḋ: 33 Mar an gcéadna bíṫ a ḟios agaiḃsi, an tráṫ do ċífiḋe na neiṫisi uile, go ḃfuil sé a ngar ḋáoiḃ, ann sna doirsiḃ. 34 A deirim riḃ go firinneaċ, Naċ raċa an dínesi ṫoruinn nó go ndéantar na neiṫe si uile. 35 Raċuiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, aċd ní raċuid mo ḃríaṫrasa ṫort go bráṫ. 36 Aċd ni ḃfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar biṫ, ná fós, ag aingliḃ neiṁe, aċ dag Maṫairse aṁáin. 37 Agus aṁuil laéṫe Náoi, is mar sin ḃías teaċd Ṁic an duine. 38 Oír mar do ḃádar ann sna laéṫiḃ ré udílínn ag iṫe agus ag ol, ag pósaḋ ban agus ag taḃair ban dfearuiḃ, go soiṫe an lá an a ndeaċuiḋ Naói a sdeaċ ann sa naírc, 39 Agus ni raiḃ a ḟios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur ṫógaiḃ sé lé íad uile; is mar sin ḃías teaċd Ṁic an duine. 40 Béid días ar an maċaire an tráṫsin; géuḃṫar lé fear aca, agus fuiġfiḋṫear an fear eile. 41 Béid díás ban ag méilt ann sa ṁuileann; géuḃṫar lé mnáoi aca, agus fuigfiḋṫear an ḃean eile. 42 Ar a naḋḃarsin déanuiḋsi faire: oír ní ḃfuil a ḟios agaiḃ gá húair ṫiocfas ḃur Dtiġearna. 43 Aċd bíoḋ a ḟios so agaiḃ, dá mbeaṫ a ḟios ag fear an tiġe cía an úair a dtíocfaḋ an gaduiḋe, go deiṁin do ḋéanaḋ sé faire, agus ní ḟuileongaḋ sé a ṫiġ do ṫoċailt tríd. 44 Agus ar a naḋḃarsin bíṫísi ullaṁ: oír is ann sa núair naċ sáoilti ṫiocfas Mac an duine. 45 Uime sin cía a tá na óglaċ ḟírinneaċ ġlic, noċ do ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntíre, do ṫaḃair bíḋ ḋóiḃ na am féin? 46 Is beannuiġṫe an tóglaċ úd, á ḃfuiġe a ṫiġearna ag teaċd, é ḋá ḋéanaṁ mar sin. 47 Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go gcuirfe sé os cionn a ḃfuil aige é. 48 Aċd má a deir an droċṡearḃfoġantuiḋe úd anna ċroiḋe, A tá mo ṫiġearna ag cur a ṫeaċda a riġneas; 49 Agus má ṫionnsgnann sé a ċoṁṡearḃḟoġantuiḋe féin do ḃúalaḋ, agus fós ḃeiṫ ag iṫe agus ag ol a ḃfoċair luċd meisge; 50 Tiocfuiḋ tiġearna a nógláoiċ úd ann sa lá naċ ḃfuil súil aige rís, agus ann sa núair naċ ḃfuil a ḟios aige, 51 Agus roinnfiḋ sé é, agus do ḃéara sé a ċuid dó a ḃfoċair luċd an ḟúarċraḃaiḋ: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society