Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII Teagasg agus caiṫeaṁ beaṫa na Bparisineaċ, ar na mion-ḟoillsiuġaḋ

1 Do laḃair Iósa an tráṫsin ris an bpobal, agus ré na ḋeiscíobluiḃ féin,

2 Ag ráḋ, A táid na sgríobuiḋe agus na Ṗairisíniġ na suiḋe a gcaiṫir Ṁáoisi:

3 Ar a naḋḃarsin gaċ uile ní a déaruid síad ríḃ do ċoiṁéad, coiṁéaduiḋ agus déanaiḋ íad; aċd ná déanuiḋ do réir noibriġṫe: oír a deirid síad, agus ni ḋéanuid.

4 Oir ceangluid úaluiġe troma dóiomċuir, agus cuirid íad ar ṡlinnéanuiḃ na ndáoine; giḋeaḋ ní hail léo féin cor do ċur ḋíoḃ ré háon da méaruiḃ.

5 Aċd ċeana is do ċum go ḃféaċfaidís dáoine órrṫa do níd síad a noibriġṫe uile: óir do níd síad a ḃṗiolactériġe leaṫna, agus do níd síad imeal a neaduiġeaḋ taiḋḃseaċ.

6 Agus as ionṁuin léo an céadionad suiḋe ann sna féasduiḋiḃ: agus na céadċaiṫíreaċa annsna coiṁṫionóluiḃ.

7 Agus fáiltiġe dfaġáil ar na marguiḋiḃ, agus dáoine do ġairm, Rábbi, Rabbi, ḋióḃ.

8 Aċd ná goirṫear Rábbi ḋíḃsi: oír is aón Ṁaiġisdir a tá agaiḃ, Criósd; agus is dearḃráiṫreaċa ḋá ċéile siḃ féin uile.

9 Agus na goiriḋ ḃur naṫair do ḋuine ar biṫ ar talaṁ: oír is áon Aṫar a tá agaiḃ, noċ a tá ar neaṁ.

10 Na goirṫear doctúiriḋe ḋíḃ: óir is áon Ndoctúir a tá agaiḃ, Criósd.

11 Aċd an té is mó eadruiḃ, bioḋ sé na óglaċ aguiḃ.

12 Oír gioḋ bé áirdeoċus é féin ísleoċṫar é; agus gioḋ bé ísleoċas é féin, airdeoċṫar é.

13 Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann.

14 Is anáoiḃínn dáoiḃ, a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír iṫtí tíġe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ar urnuiġe: ar a ṡon so do geaḃṫáoi an breiṫeaṁnus is truime.

15 Is anáoiḃinn dáoiḃ, á sgríobuiġe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi timċeall mara agus tire do ċum ndéunaḋ siḃ áonnduine air ḃur riaġail féin, agus an tráṫ ḃíos sé déanta, do níṫí mac ifeirnn de ní sa ṁo fá ḋó ná ḋíḃ féin.

16 Is anáoiḃinn dáoiḃ, a ṫréoruiġṫe dalla, noċ a deir, Giḋ bé duine ḃéaras an teampoll mar ṁionna, ni ní ar bíṫ é; aċd giḋ bé ḃéaras ór an teampoill mar ṁionna, a ta sé cionntaċ!

17 A ḋáoine leaṁa agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náoṁas an tór?

18 Agus, Giḋ bé duine ḃéaras a naltór mar ṁionna, ni ḃfuil éfeaċd ann; aċd giḋ bé duine ḃéaras an tioḋlacaḋ atá uirrṫe mar ṁionna, do ní sé coir.

19 A ḋáoine leaṁa dalla: an mó a nóṫráil, ná a naltóir naoṁas noṫráil?

20 Ar a naḋḃarsin giḋ bé ḃeir a naltóir mar ṁionna, do ḃeir sé í féin, agus gaċ ní ḋá ḃfuil uirrṫe mar ṁionna.

21 Agus giḋ bé ḃéir an teampoll mar ṁionna, do ḃeir sé é féin, agus an té a tá na ċoṁnuiḋe ann mar ṁionna.

22 Agus giḋ bé neaċ do ḃeir neaṁ mar ṁionna do ḃeir sé caiṫír Dé, agus an tí a tá na ṡuiḋe uirrṫe mar ṁionna.

23 As anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi deaċṁuiḋ an ṁionntais agus na hainíse agus an ċoimin, agus leigṫí ṫaruiḃ an ċuid is táḃaċduiġ don dliġeaḋ, coṁṫrom, agus trocaire, agus firinne: do buḋ coir ḋáoiḃ íad so do ḋéanaṁ, agus gán íad súd dfágḃáil gan déanaṁ.

24 A ṫreoruiġṫe dall, sgagus an ṁíoltóg, agus ṡluigeas an cáṁall.

25 As anáoiḃinn dáoiḃ, a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír glantáoi an ċuid a muiġ do ċupán agus do ṁéis, aċd a táid síad táoḃ a sdiġ lán do ṡracaireaċd agus déagcóir.

26 A Ḃṗairisíniġ ḋoíll, glan ar tús an ċuid a sdiġ don ċupan agus don ṁéis, do ċum go mbiaḋ an táoḃ a muiġ ḋíoḃ glan mar an gcéadna.

27 Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċraḃuiḋ! oír is cosṁuil siḃ ré túamiḋiḃ geala a tá deaġṁaiseaċ don taóḃ a muiċ, agus a tá a sdíġ lán do ċnáṁaiḃ dáoine marḃ, agus dá gaċ uile ṡalċar.

28 Is mar an gcéadna a táṫáoisi leiṫ a muiċ a ḃfíaḋnuisi na ndáoine ḃar ḃfíreanċuiḃ, aċd don táoḃ a sdiġ a táṫáoi lán dfúarċráḃaḋ agus déagcoir.

29 Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe, agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! oír do niṫí túamuiḋe do na fáiḋiḃ, agus deaġṁaisiġṫí leaċduiġe na ḃfíréanaċ,

30 Agus a deirṫí, Da mbémis ann a láeṫiḃ ar naiṫreaċ, ní ḃémis pairteaċ ríu a ḃfuil na ḃfáiḋeaḋ:

31 Agus is mar sin do níṫí fíaḋnuisi ḃar naġuiḋ féin, gur ab siḃ clan na muinntire úd do ṁarḃ na fáiḋe.

32 Agus líonuiḋsi mar an gcéadna miosúr ḃar náiṫreaċa féin.

33 A aiṫreaċa neiṁe, a ṡiól na naiṫreaċ neiṁe, coinnas is éidir liḃ teiṫeaḋ ó ḋamnuġaḋ ifeirn?

34 Ar a naḋḃarsin, féuċ cuirimse ċugaiḃ fáiḋe, agus daoine glioca, agus sgríobuiḋe: agus cuirfiḋísi ċum báis, agus croċfuiḋṫí cuid ḋíoḃ; agus sgiúrsfuiṫi cuid éile ann ḃur síonagogaiḃ, agus díbéorṫáoi íad ó ċaṫair go caṫair:

35 Do ċum go dtiocfaḋ oruiḃ gaċ uile ḟuil ḟiréanta dar dóirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil Abél ḟíréanta go fuil Ṡaċarías ṁic Baraċías, noċ do ṁarḃaḃairsi eidir an teampoll agus a naltóir.

36 Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go dtiocfuid na neiṫesi uile ar an dínesi.

37 A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd!

38 Féuċ, fágfuiṫear ḃur dtiġ agaiḃ na ḟásaċ.

39 Oir a deirimsi riḃ, Naċ ḃfaicfiṫí misi feasda, no go nabarṫáoi, Is beannuiġṫe an tí ṫig a nainm an Tiġearna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan