Maitiú 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI Poimp ríoġaṁail Ċríosd, 12 noċ do sciúrsuiġ luċt gnoṫuiġṫe, as an teampuill, 33 agus ṫairrgir um ḋíoġla na scoló a eúgcoraċ. 1 Agus an tráṫ do ḋruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betṗáge, go slíaḃ na noluiḋeaḋ, ann sin do ċuir Iósa diás deisciobal úaḋ, 2 Ag ráḋ ríu, Imḋiġiḋ don ḃaile a tá as ḃur gcoṁair, agus ar an mball do geaḃṫáoi asal ceanguilte ann, agus searraċ na ḟoċair: sgáoiliḋ, agus taḃraiḋ ċugamsa íad. 3 Agus má laḃrán áon nduine ní ar biṫ riḃ, abruiḋsi, Go ḃfuil féiḋin ag an Dtiġearna orrṫa; agus léigfiḋ sé uáḋ ar an mball íad. 4 Agus táinic so uile ċum críċe, ionnas go gcoiṁlíonfuidṫe an ní a duḃraḋ tres an ḃfáiḋ, a deir, 5 Innisiḋ dinġin Ṡion, Féuċ, atá do rí ag teaċd ċugad, go ciúin, ar muin asuil, agus ḃromuiġ searaċ a nasail. 6 Agus do imṫiġeadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aiṫin Iósa ḋíoḃ. 7 Agus tugadar an tasail, agus an bromaċ leó, agus do ċuireadar a néaduiġe orrṫa, agus do ċuireadar eisean na ṡuiḋe ar a ṁuin. 8 Agus do leaṫnuiġeadar mórán do ḋáoniḃ a mbruit ar a tsliġe; agus do ġearradar drong eile géaga dó ċrannaiḃ, agus do leagadar ar a tliġe íad. 9 Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ. 10 Agus ag dul Díosa a sdeaċ go Híarusaléim, do ḃí an ċaṫair uile ar na coṁmbogaḋ, ag ráḋ, Cía he so? 11 Agus a duḃairt an coíṁṫionól, A sé so Iósa an fáiḋ ó Násarét na Galilé. 12 Agus do ċúaiḋ Iósa a sdeaċ go teampoll Dé, agus do ṫeilg sé amaċ a raiḃ ag reic agus ceannaċ annsa teampoll, agus do ṫeilg sé buird luċd malarta a nairgid air lár, agus caiṫreaċa luċd reacṫa na gcolum, 13 Agus a duḃairt sé ríu, Atá sgríoḃṫa, Goirfiḋṫear teaċ urnuiġṫe dom ṫeaċsa; aċd do rinneaḃairsi tuiníḋe bioṫaṁnaċ ḋe. 14 Tangadar ċuige an tráṫsin doill, agus bacaiġ annsa teampoll; agus do ṡlánaiġ sé íad. 15 Agus an tan do ċonncadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe na míorḃuile do rinne sé, agus na leiniḃ ag éiġṁe sa teampoll, agus ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí; Do ġaḃadar ċuca go feargaċ é, 16 Agus a duḃradar ris, An gluin tú créd a deirid an ṁuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do ċluinim; a né nar léaġaḃair, As béul leanaḃ agus náoiḋeanán cíċe do ċrioċnuiġ tú moláḋ? 17 Agus ar na ḃfágḃáil, do ċúaiḋ sé amaċ as an gcaṫraiġ go Betánia; agus do ḟan sé ann sin. 18 Agus ag filleaḋ ḋó ċum na caṫraċ ar maidin, do ġaḃ ocarus é. 19 Agus a núair do ċonnairc sé crann fige ar a tsliġm táinic sé ċuige, agus ní ḟúair sé ní ar biṫ air, aċd duilleaḃar a ṁáin, agus a deir sé ris, Nar ḟása toraḋ ó so amaċ go bráṫ ort, Agus ċrión an crann fíge ar an mballsin. 20 Agus ar na ḟaicsin do na deisciobluiḃ, do ġaḃ iongantus íad, ag ráḋ, Cionnus do ṁeaṫ an crann fige ar an mball! 21 Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé riu, A deirim riḃ go firinneaċ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus naċ ccuirfiṫí cunntaḃairt ann, ni hé a ṁáin a nísi ṫárla don ċrann fíge do ḋéanṫáoi, aċd mar an gcéadna má a dearṫáoi ris an tslíaḃso, Tógṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairge ṫú; bíaiḋ sin deanta. 22 Agus giḋ bé ar biṫ neiṫer, iárrfuiḋṫe an ḃur nurnuiġe má ċreidtí, do ġeaḃṫáoi íad. 23 Agus an tráṫ ṫáinic sé don teampoll, tangadar úaċdaráin na sagart agus sinnsear ṗobuil ċuige agus é ag teagasg, ag ráḋ ris, Créd é an tuġdarrás ré a ndéanann tusa na neiṫesi? agus cía ṫug na cuṁaċdasa ḋuit? 24 Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé ríu, Fíafróċuiḋ misi mar an gcéadna ḋíḃsi ní aíriġṫe, agus dá ninnisdi ḋaṁ é, innéosuiḋ misi ḋáoiḃsi mar an gcéadna cía an tuġdarás ré a ndéanuim na neiṫesi. 25 Ga háiṫ as, a dtaínic baisdeaḋ Eóin? ó neaṁ, no ó ḋáoiniḃ? Aċd do smuaineadarsan ionnta féin, ag ráḋ, Má deirmíd, O neaṁ; a déara sé rinn, Ar a naḋḃarsin créd fa nar ċreideaḃairse ḋo? 26 Agus má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobail oruinn; óir atá meas fáiḋe ag gaċ uile ḋuine ar Eoin. 27 Agus ag taḃair freagara ar Iósa, a duḃrádar, Ní ḃfuil a ḟios aguinn. Agus a duḃairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa ḋáoiḃse cía an túġdarrás ré a ndéanuim na neiṫesi. 28 Aċd créd do cíṫear ḋáoiḃsi? Do ḃádar días mac ag duine aíriġe; agus ag teaċd dionnsuiġe an ċédṁic, a duḃairt sé, A ṁic, imṫiġ déana obair a niu am ḟineaṁain. 29 Ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé Ní ḋéanad: aċd na ḋiáiġ sin an tráṫ do ġaḃ aiṫreaċas é, do imḋiġ sé. 30 Agus ag teaċd gus an dara mac, a duḃairt sé mar an gcéadna. Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Do ḋéan, a tiġearna: giḋeaḋ niór imṫiġ sé. 31 Cía don dísse do rinne toil a aṫar? A deiridsean ris, An céadḟear. A deir Iósa ríusan, A deirimse riḃ go fírrinneaċ, Go dtéid na publicáin agus na sdríopaċa roṁaiḃsi go flaiṫeas Dé. 32 Oír ṫáinic Eóin ċugaiḃ a sliġe na córa, agus niór ċreideaḃair ḋó: aċd do ċreideadar na puiblicain agus na sdríopaċa ḋó: aċd gé do ċonncaḃairsi so, ní ḋearnaḃair aiṫriġe na ḋíaiġ sin, do ċum go gcreidfeaḋ siḃ ḋó. 33 Eísdiġ ré cosaṁlaċd eile: Do ḃí fear tiġe áiriġṫe ann, do ċuir fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċail sé ionad brúiġte an ḟiona innte, agus do ṫogaiḃ sé tor, agus tug sé do sgológaiḃ ar ċiós í, agus do imṫiḋ sé féin a gcoigcríċ: 34 Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa. 35 Agus rugadar na sgológa ar a ṡearḃfoġantuiḋiḃ, agus do ġaḃadar ar ḟear ḋióḃ, agus do ṁarḃadar fear eile, agus do ġaḃadar do ċloċaiḃ ar ḟear eile. 36 A ris, do ċuir sé searḃḟoġantuiḋe eile úaḋ búḋ lía na an ċéadċuideaċda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu. 37 Agus fa ḋeireaḋ do ċuir sé a ṁac féin ċuca, ag ráḋ, Do ḃéaruid sías onóir dom ṁac. 38 Agus ar ḃfaicsin an ṁic do ba sgológaiḃ, a duḃradar eatorra féin, A sé so an toíġre; tigiḋ, marḃam é, agus congḃam a oiḋreaċd. 39 Agus ar mbreiṫ air, do ṫeilgeadar as an ḃfíneaṁuin a maċ é, agus do ṁarḃadar é. 40 Ar a naḋḃarsin an tráṫ ṫiocfas tiġearna na fíneaṁna, créud do ḋéana sé ris na sgológaiḃ úd? 41 A deiridsean ris, Sgriosfuiḋ sé go díoġaltaċ na droċḋáoine úd, agus do ḃéara sé a ḟineaṁuin ar ċíos do sgológaiḃ eile, do ḃéara na tórṫa ḋó an a naimsearaiḃ féin. 42 A deir Iósa ríu, Nar léaġaḃair a ríaṁ ann sna sgrioptúraiḃ, An ċloċ do ḋiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanaṁ na ceann ann sa ċúaínne: a sé an Tiġearna do rinne so, agus a tá sé iongantaċ ann ar súiliḃne? 43 Ar a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go dtoigéoḃṫar rioġaċd Dé úaiḃsi, agus go dtioḃarṫar í so ċineaḋ ḃéara toraḋ úaṫa. 44 Agus giḋ bé neaċ ṫuitfeas ar an gcloiċse, brisfiṫear é: agus gioḋ bé ar a dtuitfi sí, do ḋéana sí mionluaiṫreaḋ ḋe. 45 Agus an tráṫ do ċúaladar úaċdaráin na sagart agus na Ṗairisiniġ an ċosṁalaċd sin, do aiṫniġeadar gur ab na dtimċeall féin da laḃair sé. 46 Agus an tráṫ do ṡantuiġeadar breiṫ air, do ḃí eagla an ṗobail orrṫa, óir do ḃí meas fáiḋe aca airsean. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society