Maitiú 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX An eagluís ar na saṁluġaḋ re fineaṁuin, 20 agus iarratus uáiḃreaċ ṁaṫar ċloinne Ṡebedei, ar na ċur ar ccúl. 1 Oir is cosṁuil an ríoġaċd neaṁḋa ré fear tiġe áiriġṫe, do ċúaiḋ a maċ lé héirġe an láoi do ċur luċd oibre ar túarasdal ann ḟineaṁuin. 2 Agus tar éis réiḋiġe ris an luċd oibre ar ṗiġinn sa ló, do ċuir sé ann a ḟíneaṁain íad. 3 Agus ar ndul a maċ ḋó timċeall an treas úair, do ċonnarc sé droag eile díoṁáoineaċ na seasaṁ ar an margaḋ, 4 Agus a duḃairt sé ríu: Imḋiġsi leis don ḟíneaṁuin, agus giḋ bé ní ḃús ceart do ḃéara mé ḋíḃ é. Agus do imḋiġeadarsan. 5 A rís ar nimṫeaċd a maċ ḋó timċeall an seiseaḋ agus an náoṁaḋ húair, do rinne sé mar an gcéadna. 6 Agus ar ndul a maċ ḋó a dtimċeall an áonṁaḋ húair déag, fúair sé dream eile na seasaṁ díoṁáoineaċ, agus a deir sé ríu, Créad fá ḃfuiltísi ḃur seasaṁ an so feaḋ an láoi díoṁáoineaċ? 7 A deirid siádsan ris, Ar son nar ċongaiṁ duine ar biṫ ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imṫiġsi mar an gcéadna don ḟíneaṁain; agus giḋ bé ní ḃus coir do ġeúḃṫáoi é. 8 Agus ar dteaċd don tráṫ nóna, a deir tiġearna na fíneaṁna ré na sdíoḃard, Goir an luċd oibre, agus taḃair ḋóiḃ a dtúarasdal, ag tosuġaḋ ón luċd ṫáinic fa ḋeireaḋ, go soiṫe na céaddáoine. 9 Agus ar dteaċd don druing úd ṫáinic a dtimċeall an áonṁaḋ húair déag, fúair gaċ duine ḋióḃ ṗiġinn. 10 Agus ar dteaċd don ċéid dreim do ṡáoileadar go ḃfuiġedis féin ní buḋ ṁó; ahd ċeana fúair gaċ áon díoḃ, mar an gcéadna, piġinn. 11 Agus ar na ġlacaḋ ḋóiḃ, do rinneadar monaḃar a naġuiḋ ḟir ṁaiṫ an tiġe, 12 Ag ráḋ, An dreamso ṫáinic fa ḋeireaḋ ni ḋearnadar obair aċd áonúair a ṁáin, agus do ċuirisi íad a gcoiṁṁeas rinne, diomċuir muiriḋin agus teasḃaċ an láoi. 13 Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé ré fear ḋíoḃ, A ċompánuiġ, ní ḃfuilim ag déanaṁ éagcóra ortsa: a né nár réiḋiġ tú ríom ar ṗiġinn? 14 Tógaiḃ leaċd do ċuid féin, agus imṫiġ: a si mo ṫoilsi a ṫaḃairt don tési ṫáinic fa ḋeireaḋ, mar ṫug mé ḋuitsi. 15 A né naċ ceaduiġeaċ ḋaṁsa an ní is toil leam féin do ḋéanaṁ rém ċuid féin? An ḃfuil do ṡúilsi go holc, air son go ḃfuilimsi maiṫ? 16 Is mar sin béid na dáoine deiġionaċ air tosaċ, agus na céad dáoine air deireaḋ: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtoġa. 17 Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá ḋeisciobal déag leis fa leiṫ ann sa tsliġ, agus a duḃairt sé ríu. 18 Féuċ, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do ḃéarṫar Mac an duine dúaċdaránaiḃ na sagart agus do na scríobuiġiḃ, agus béaruid síad breaṫ ḃáis air. 19 Agus do ḃéaruid síad do na cineaḋaċduiḃ e do ċum go ndéindís fonáṁad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go groċfaidis é: aċd an treas lá éiréoċaiḋ sé a rís. 20 Ṫainic máṫair ċlionne Ṡebedei ċuige an tráṫsin, maille ré na maca, dá onóruġaḋ, agus ag iárruiḋ neiṫer áiriġe air. 21 Agus a duḃairt seisean ría, Créd í do ṫoil? A deir sis iris, Abair go suiḋfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láiṁ ḋeis, agus aon eile ar do láiṁ ċlé, ad rioġaċd. 22 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt, Ni ḃfuil a ḟios agaiḃ créd iárrṫáoi. A neidir liḃ an cupán íoḃas misi dól, agus ḃur mbaisdeaḋ leis an mbaisdeaḋ le a mbaisdear misi? A duḃradarsan ris, Is éidir. 23 Agus a deir seisean riu, Ioḃṫáoi go deiṁin dom ċupánsa, agus baisdfiḋṫear siḃ leis an mbaisdeaḋ lé a mbaisdear misi: aċd suiġe ar mo láiṁ ḋeis, agus ċlé, ní leamsa a ṫaḃairt, aċd ḃeirar don dreim dá ḃfuil sé ar na ullṁuġaḋ ó Maṫair. 24 Agus an tráṫ do ċúaladar an deiċneaḃar eile so, do ḃí neiṁċion aca ar an días dearḃráṫar. 25 Agus ar na ngairm ċuige Diósa, a duḃairt sé, Atá a ḟios agaiḃ go ḃfuil úaċdaránaċd agá dtiġearnuiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ, agus go ḃfuilid na dáoine móra trén orrṫa. 26 Giḋeaḋ ní mar sin ḃías sé eadruiḃsi: aċd gioḋ bé neaċ lé maḋ mían ḃeiṫ mór eadruiḃ, bíoḋ sé na ṡeirḃiseaċ agaiḃ; 27 Agus gioḋ bé neaċ lé nab áill ḃeiṫ na úaċdarán éadruiḃ, bíoḋ sé na ṡearḃfoġantuiḋe agaiḃ: 28 Aṁáil as naċ dtáinic Mac an duine do ċum go ndéantáoi seirḃís ḋó, aċd do ḋéanaṁ seirḃísi, agus do ṫaḃairt anma féin mar éiric ar son ṁóráin. 29 Ar ndul a maċ ḋóiḃ an tráṫsin as Iericó, dó lean slúaġ mór éisean. 30 Agus, féuċ, días do ḋáoiniḃ dalla do ḃí na suiḋe ċois na sliġe, an tráṫ do ċúaladar go ráiḃ Iósa ag gaḃail ṫársa, do éiġṁeadar, ag raḋ, Déana trócaire oruinu, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáḃí. 31 Aċd do spreagadar an slúaġ íad, do ċum go gcoisgfidís: acd ċeana is móide do eíġṁeadarsan sin, ag ráḋ, Déana trócaire oruinn, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáḃí. 32 Agus ar seasaṁ Diósa, do ġóir sé íad, agus a duḃairt se, Cred is áill liḃ ḋaṁsa do ḋéanaṁ ḋáoiḃ? 33 A deiridsean ris, A Ṫiġearna, ar súile dosglaḋ. 34 Agus do ġaḃ trúaiġe Iósa ḋóiḃ, agus do ḃean sé ré na súiliḃ: agus taínic raḋarc da súiliḃ ar an mball, agus do leanadar eisean. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society